Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Am Bàrd: Riaghlair, an t-uasal S.R. Arascain. Ar
Tir agus ar Teanga. Leabhar I., Aireamh 5. Ceud
Mhíos a'Gheamhraidh, 1901. Pris, Sgillin. Edition
de Luxe, sia sgillinean.



Sgríbhinn an-mhaith is eadh an "Comhrádh mu stáid ar
tír agus ar teanga" ag Niall Ros. Is deimhnightheach gur
Ghaedhilg nádúrtha atá ann, agus a fhusacht do Ghaedheal
Éireannach é thuigsint ó thús go deireadh. Féadfaidhe
nach bréag a rádh, dá léighfidhe i n-Éirinn é os comhair
phobail Ghaedhealaigh, go dtuigfidhe beagnach gach focal
de. Tá "Diarmaid na Féinne" (laoidh) fá eagar ag
"Seanachaidh." Is é rud do rinne sé an chuma atá ar
an laoidh i "dTóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne" agus
cuma eile ar a bhfuar sé í ó bhéal-aithris daoine i
nGaedhealtacht Alban do chur i dteannta a chéile agus i
ndiaidh a chéile. Rinne sé an gnó go maith. Tá leana-
mhaint ar choraibh cainte na Gaedhilge ó I. Mhac Aoidh.
Tá eolas neamh-ghnáthach d'á thabhairt i "n-Áireamh na
gCaorach" ó "Loch Aic". Is mór is ionmholta "Foclair
Gailig" ó "Sheanachaidh." Ní'l aige d'á hinnsint acht
an fhírinne ghlan gan focal faoi nó thairis. Is ceart,
na focail atá beó imeasg an dá Ghaedhealtacht, iad
sain go léir do bheith i bhfoclóir. Ní féidir balla
práis do thógáil idir Gaedhilg na hÉireann agus Gaedhilg
na hAlban. Nach tré n-a chéile gheibhthear iad i gcana-
mhaint Reachrann Dáilriada?



Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin maille le
beathaidh an Fhilidh agus Foclóir; Iar n-a gcruinniughadh
agus a gcur i bprímh-eagar leis an Athair Pádraig Ua
Duinnín, ughdar an dráma "Creideamh agus Gorta," agus
an sgéil "Cormac Ua Conaill", eagarthóir "Aodh-
agáin Uí Rathaille", agus c. Ar n-a gcur amach ag
Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1901.
Luach 1s. 6d., gan lobháil.



Tá obair mhór déanta ag an Athair Ó Duinnín, agus an
leabhar so do bhailiughadh i dteannta a chéile agus do chur
i bprímh-eagar. Ba mhór an file Eoghan Ruadh agus ní
haon iongnadh an cháil agus an teist mhór atá air ar fud
na Mumhan. Is fíor do'n eagarthóir: is cuma nó
sgéalta iongantais cuid de na sgéaltaibh innistear
ar Eoghan Ruadh indiu. Ins an "Introduction. - I."
tá a lán thíos ar an bhfile agus tá a lán eile ar lár do
bhí thíos cheana ag Seaghán a Dálaigh. Acht aon nídh
amháin, níor cheart "Rodney's Glory" do leigean 'sa'
chló chuige ná i n-aon chor, mar ní'l faice maitheasa
ann, 'pé aca dhíobh go dtráchtfaidhe air, filidheacht nó
smaointe.



Na dánta is mó atá ar eolus ag na daoinibh, is iad
féin atá ins an leabhar so. Táid dánta eile, ámhthach,
ná fuil ann. Is mór an truagh nár leig an t-eagar-
thóir "Barántas Sheumais Uí Chuirc mhic Chormaic
Báille" isteach, mar is fíor-shultmhar an píosa cainte
é. Tá cuimhne fós ar dhántaibh eile nár leigeadh is-
teach acht comh beag.



Ní dócha gur mhol an tAthair Pádraig Ua Duinnín
an file ní budh mhó 'ná mar thuill sé. Is leór a rádh
gur bh'fhíor-fhile é.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services