Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Bréaga Éireann.
Title
Sgéalaidheacht. Bréaga Éireann.
Author(s)
Mhag Ruaidhrí, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRÉAGA ÉIREANN. BHÍ rí ann fad ó agus fad ó bhí; dá mbeidheadh sinne an uair sin ann, ní bheidheadh sinn anois ann: bheith sgéal úr ná sean-sgéal againn, agus níor dhóiche aige sin 'ná bheith gan éin-sgéal. Bhí inghean aige agus bhí sí i n-aois a pósta, agus chuir sé goirm sgolb amach go rabh fáilte ag fear ar bith, bocht ná nocht, a thiocfadh d'iarraidh a inghine air, agus go rabh sí le fághailt ag fear ar bith bhainfeadh éitheach as, agus fear ar bith thiocfadh ar an ócáid sin agus nach mbainfeadh éitheach as, go mbainfeadh sé an claigionn de agus go gcrochfadh sé é ar an tsleigh os cionn an doruis mhóir. Nuair a mhoíthigh fir na tíre an sgéal seo, bhí sgáthmaireacht ortha a dhul 'un cinn. Bhí mac baintreabhaighe ann, agus ní rabh éinne aige acht é fhéin, agus dubhairt sé go n-imtheochadh sé go cé bith bás a gheallfadh Dia dhó go bhfuigheadh sé amach fios, fáirnis ná faisnéis ar an rígh seo, go cé an áit i rabh sé 'na chomhnaidhe. Thriall sé lón, agus nuair a bhí an lón réidh- tighthe annsin, d'fhág sé an baile agus shiubhail sé leis oidhche 'gus lá, agus áit ar bith i bhfuigheadh sé lóistín, chodluigheadh sé ann, agus 'san áit nach bhfuigheadh sé lóistín, chodluigheadh sé amuigh. Thinn Dia leis gur casadh isteach i dteach é a rabh fear fad-cheannach ann, agus thoisigh siad ag caint agus ag comhrádh. Thoisigh sé ag innsin dó faoi'n ócáid a casadh an bealach seo é agus dubhairt sé leis go rabh teasga trom roimhe agus gur hiomdha mac ríogh le bainríoghain ar bhain an rí sin an claigionn de. "Má's é an bás a gheall Dia dham é," ar seisean, "'sé a bheatha." Chaith siad an oidhche sin, trian le fiann- aidheacht, trian le sgéalaidheacht, agus trian le codladh sáimh agus síor-chodlata, go dtainic maidin lá ar n-a bhárach. D'éirigh sé chomh haigeanta éasgaidh le gealbhann a bheith ar an gcrann. Leagadh isteach an bricfeásta agus d'ith siad é, agus ní rabh dhá ghreim dho éan-bhlas aca. D'imthigh sé leis agus níor bhain sé méar d'á shróin gur bhuail sé é fhéin i n-aghaidh doruis mhóir an ríogh. Thainic teachtaire amach 'uige agus d'fhiafruigh sé dhe cé an rud a bhí sé 'iarraidh, is dubhairt sé leis gur theastuigh uaidhe an rí 'fheiceáil. Thainic an rí amach, l'éis an teachtaire dhul isteach, agus labhair sé le mo dhuine muintearach
agus d'fhiafraigh sé dhe go cé an ócáid a thug an bealach seo é, agus dubhairt sé leis go bhfaca sé an goirm sgolb a bhí 'muigh aige-san agus go dtainic sé ar shúil go bhfuigheadh sé a inghean. D'fhiafruigh sé dhe an dtainic sé go fada, agus dubhairt sé leis gur thainic. D'fhiafruigh sé dhe an rabh éan-nuaidheacht leis, agus dubhairt mo dhuine muintearach leis an rígh go bhfaca sé iongantas amháin i n-a bhealach a chuir iongnadh mór air. "Innis dam é," ars' an rí. "Bhí mé 'g dul trasna na haibhne," ar seisean, "agus d'éirigh eascoin as an uisge agus chuaidh sí ar bhárr chrainn agus rug sí dha uibh déag, agus thainic éan amach as ghach uile uibh, agus thug sí léithi iad ins an uisge ar an múiméid a thainic siad amach as an uibh." Dhearc an rí air, agus ní rabh gruaim ar bith i n-a mhalaidh. "Shiubhail mé liom agus ní dheachaidh mé i bhfad go bhfacaidh mé go leór daoine ag tidheacht im' aghaidh, idir fir agus mná, agus bhí siad ag reathadh, agus ní rabh 'fhios agam go cé 'rabh siad ag dul acht gur fhiafruigh mé do fhear aosda go cé 'rabh siad ag reathadh uile-go-léir, agus dubhairt sé liom: 'N é nár mhoíthigh mé an nuaidheacht a bhí amuigh? Dubhairt mé leis nár mhoíthigh mé rud ar bith dh'á shórt, agus d'innis sé dhamh-sa go rabh an fhairrge l'éist a dhul tirim agus go rabh na daoine uili-g' ag reathadh i mbárr a n-anama lé iasg agus airgead 'fhághailt ar thóin na fairrge, 'agus an dtioc- faidh tusa linn go bhfuighidh tú do chuid fhéin dhe?' 'Ní thig liom a dhul leat anois;' arsa mise, 'tá mé ag dul go bhfeicidh mé an mbéidh mé ábalta inghean an ríogh 'fhágh- ailt lé bréag mhór a chuimhneachtáil air'." Agus l'éis é seo 'innsint do'n rígh, níor chuir sé iongantas ar bith ann. D'iarr an rí isteach é ó dhorus a' halla go dtí an párlús agus dubhairt sé leis suidhe síos agus a sgríste 'dhiongnamh. Chaith siad an tráth- nóna sin ag caint agus ag comhrádh annsin go dtainic am suipéir agus leagadh isteach dhá fhichid cineál aráin agus ní rabh dhá ghreim dho éan-bhlas agus d'ith siad annsin go rabh siad chomh subhach sáthach agus bheith na daoine Oidhche Nodlac. L'éis an méid sin a dhul thart go dtainic am codlata, chaith siad an oidhche sin trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidh- eacht agus trian le codladh sáimh agus síor-chodlata go dtainic maidin la ar n-a bhárach. D'éirigh sé chomh licthe sgaoilte le gais- gidheach ar bith agus, l'éis é fhéin agus an rí an bricfeásta 'ithe, thug an rí amach ins an ngáirdín é agus 'spáin sé dó, ins an áit i rabh sé, plut fataí agus d'fhiafruigh sé dhe an bhfaca sé ar a shiubhal gais ná fataí chomh maith leobhtha sin. Dubhairt sé leis an rígh go bhfaca sé fataí agus gais níos fheárr, agus dubhairt an rí leis a innsint dó go cé an áit i bhfaca sé iad. Thoisigh sé ag innsint do'n rígh, nuair a bhí sé 'sa' mbaile i gceann a athar fhéin go rabh plut fataí curtha aige agus gur fhás na gais an-árd ortha, "agus bhí caoirigh ag m'athair," ar seisean, "agus d'éaluigh ceann do na caoirigh uaidhe, agus bhí sí imthighthe dhá mhí uaidhe, agus níor fhéad sé a fághailt i n-áit ar bith, agus l'éis é íseal agus árd a chuartughadh dh'á tóruigheacht, níor fhéad sé a fághailt. Thug sé suas í, agus bhí sé lá amháin ag ithe a dhínnéir istigh i n-a theach féin, agus mhoíthigh sé caora ag méidhliugh- acht, agus dubhairt sé go mbudh in í a chaora a d'éaluigh uaidhe go cé bith áit i rabh sí, agus chuaidh sé amach dh'á tóruigheacht agus níor fhéad sé a fághailt go ndeachaidh sé isteach ins an ngárrdha. Dubhairt sé leis fhéin go rabh sí ins na fataíbh agus, leis an áirde a bhí ins na gais, níor fhéad sé dhul thríobhtha go bhfuair sé dréimire ceithre troighthe fichead. Chuir sé 'na sheasamh i n-aghaidh na ngas é agus chuaidh
sé suas air, agus nuair a chuaidh sé suas ar bhárr an dréimire, chuaidh sé síos an taobh eile agus chuaidh isteach eidir na gais ins an díogaidh. Thoisigh sé ag cuartughadh eidir na gais agus fuair sé an chaora istigh i bhfata ar bhruach an iomaire agus dhá uan léithi, agus nár bh'fheárr na fataí iad sin 'ná do chuid fataí-sa, a rí?" Níor thug an rí éin-fhreagradh air, acht thug sé leis é an áit i rabh plut gabáisde ag fás aige, agus d'fhiafruigh de an bhfaca sé éan- ghabáisde ariamh a bhí chomh maith leis sin. Dubhairt sé leis an rígh go bhfacaidh, agus gabáisde níos fheárr, agus dubhairt an rí leis a innsint dó go cé an áit i bhfaca sé é. Dubhairt sé leis, nuair a bhí sé 'sa' mbaile ag a athair, go rabh ceithre troighthe ar fhichid ins an mballa bhí thimchioll an ghárrdha agus go rabh plut gabáisde curtha aige agus gur fhás an gabáisde chomh hárd is go ndeachaidh sé amach thar bhalla an gháirdín, "agus bhí bóthar le hais balla an gháirdín taoibh amuigh," ar seisean, "agus bhí sgata mór tincéirí, páistí agus mná, asail, agus bocáisde leóbhtha, agus thainic cithe mór fearthanna agus chuaidh na tincéirí ar fasgadh ar chois an bhalla 'san áit i rabh an gabáisde os a gcionn agus, leis an leithead a bhí ag duilleógaibh an ghabáisde, níor leig sé éan- bhraon anuas go rabh an cithe thart, agus nuair a bhí na tincéirí ag gluasacht, bhris an gabáisde agus, leis an méid uisge choinnigh duilleóga an ghabáisde nuair a thuit sé ar an talamh, níor fhág an tuile fear na bean, páisde ná marlach, asal ná bocáisde, ar an mbóthar, nár sguab sé isteach síos ins an bhfairrge, agus nár bhfeárr an gabáisde é sin ná do ghabáisde-se, a rí?" Níor 'ubhairt an rí dadaidh, acht chraith sé a chlaigionn, agus thug sé leis é isteach ins an agard 'san áit i rabh cruach mhór choirce aige, agus d'fhiafruigh an rí dhe an bhfaca sé éan-chruach ariamh bhí chomh mór léithi sin. Dubhairt sé leis an rígh go bhfacaidh, agus cruach a bhí fiche torn ní budh mhó 'ná é, agus dubhairt an rí leis go gcaithfeadh sé a innsint dó agus a mhíniughadh go cé an áit i rabh an chruach sin ná go cé an chaoi a mbeidheadh sí fiche torn ní budh mhó 'ná a cheann fhéin. Dubhairt sé leis an rígh, nuair a bhí sé 'sa' mbaile i gceann a athar, go rabh Éire bheag agus Éire mhór curtha faoi choirce aca, agus nuair a bhí siad ag crathadh an tsíl, gur thainic siad geárr leithchéad coirce, agus nach rabh gráinne aca le fághailt i n-Éirinn, agus go gcaithfeadh sé dhul go Sasana go bhfuigheadh sé an coirce ann, "agus nuair a thriall sé a dhul go Sasana," ar seisean, "ní rabh bád ná long aige le n-a thabhairt ann, agus bhí sean- ghiorrán liath aige agus thug sé leis é, agus nuair a thainic sé 'uig bruach na fairrge, rug sé ar an ngiorrán agus chaith sé é anonn go dtí cladach Sasana, agus léim sé fhéin anonn i n-a dhiaidh, agus sgar sé a dhá chois ag marcaigheacht ar an sean-ghiorrán liath, agus thug sé suas 'un an mhargaidh é gur cheannuigh sé an coirce, agus cheannuigh sé sé clocha i n-áit leithchéid le dhá chloich a thabhairt le n'ithe do'n ghiorrán le n-a dhiongnamh láidir ar an mbealach, agus nuair a thainic sé go dtí bruach na fairrge i Sasana, ní rabh 'fhios aige go cé an chaoi a bhfuigheadh sé é fhéin ná an coirce ná an giorrán análl. Chuimhnigh sé air fhéin nach rabh fear le cungnamh ná le n-a chaoineadh i ngar dó, agus rug sé greim ar an ngiorrán agus thug sé fásgadh dhó eidir a dhá láimh agus chaith sé análl é ar chladach na hÉirionn, agus chaith sé an coirce 'na dhiaidh agus léim sé fhéin análl 'na ndiaidh. Nuair a thuirling an giorrán ar an gcladach, fuair sé bás. Shaoil sé gur'b é an chaoi a bhfuair sé bás leis an ocras, agus ghearr sé sgornach an ghiorráin agus chuir sé cuid do'n choirce síos i n-a sgornach. Fuair
sé maide agus bhrúigh sé an coirce síos i mbolg an ghiorráin agus d'fhuaigh sé suas an sgornach arís agus, l'éis deich múiméideacha, d'éirigh an giorrán 'na sheasamh, agus an fhuil a thainic as sgornach an ghiorráin, d'fhás crann mór darach ins an áit ar thuit an fhuil, agus d'fhás sé chomh hárd is gur bhuail sé an spéir. Thug sé an giorrán agus an coirce a bhaile agus chuir sé an leithchéad ins an talamh, agus bhí Éire bheag agus Éire mhór annsin curtha faoi choirce ag m'athair, agus ní rabh an méid sin coirce curtha agat-sa ariamh, a rí. D'fhás sé suas i n-a choirce breagh fada go dtainic an foghmhar agus go rabh sé aipidh, agus ní rabh éin-fhear i n-Éirinn bhig ná i n-Éirinn mhóir acht mé fhéin agus m'athair agus ghluais mé orm ar maidin ins an bhfoghmhar agus thug mé mo chorrán liom le dhul ag gearradh an choirce agus thainic m'athair amach ag cuideachan liom. Nuair a sheas mé ag ceann an mhachaire, dhearc mé uaim fad mo shean-radhairc, agus thainic fearg agus báinidh orm agus thainic copa cubhair le mo bhéal nuair a thainic mé nach rabh éin-fhear agam leis an gcoirce 'ghearradh acht mé fhéin agus m'athair, agus é ag seilt an mharcaigh. Dhearc mé tharam go luath agus go tapaidh agus chonnaic mé girrfhiadh ag léimnigh ins an gcoirce. Dubhairt mé in m'intinn fhéin, dá mbéidheadh sé agam le haghaidh mo dhinnéir go n-íosainn é, agus chaith mé an corrán comh haibéil agus d'fhéad mé 'na dhiaidh agus chuaidh sé i bhfastodh i n-a cheathramhain. Rith mé 'na dhiaidh go mbéarfainn air, agus chomh haibéil agus d'fhéad an girrfhiadh rith ar siubhal, bhí sé ag gearradh an choirce leis an gcorrán a bhí i bhfastodh i n-a cheathramhain. Nuair a chonnaic mé sin, chuir mé m'athair síos 'uig tóin an mhachaire, agus chuaidh mé féin 'uig bárr an mhachaire, agus bhí muide ag saighdeadh an ghirrfhiaidh ó thóin an mhachaire go dtí bárr an mhachaire, agus nuair a bhí an tráthnóna ag tidheacht go dubh dorcha fuar fliuch bhí an girrfhiadh ag éirghe lag leis an obair lae bhí sé l'éis dhiongnamh agus chuaidh sé i laige ag ceann an mhachaire. Thug mé amach mo sgian as mo phóca agus d'fheann mé an craicionn dho'n taobh a rabh an corrán i bhfastodh ann, agus chuir mé naigín bláithche isteach i n-a dhá chluais agus d'éirigh sé 'na sheasamh aríst beó beathadhach, láidir folláin, aigeanta lúthmhar, agus a chraicionn ag sliobarnaoil anuas le n-a thaobh. Mhaol sé a chuid cluasa, agus bhí 'fhios agam annsin go rabh sé ábalta a chuid ughmacha 'oibriughadh. Fuair mé cródh iarainn agus cábla luinge agus d'fhuaigh mé suas craicionn an ghirrfhiaidh leis an gcródh iarainn agus le cábla na luinge agus shaighid mé é 'un a chuid oibre aríst, agus, leis an sgéal geárr a dhiongnamh do'n sgéal fada, ar m'fhocal duit, a rí, bhí Éire bheag agus Éire mhór geárrtha ag an ngirrfhiadh tráthnóna, agus stoc muid 'ch uile phunann a gheárr an girrfhiadh, agus l'éis a stoctha, rinne muid cruach dhe, agus nuair a bhí Éire bheag agus Éire mhór i n-éan-chruaich amháin, nár mhó an chruach í 'na do chruach-sa, a rí?" - Chuir an rí gruaim i n-a mhalaidh, agus níor labhair sé focal, no níor thug sé éin-fhreagra air - "Agus bhí an chruach chomh hárd agus go dteidheadh an coileach a bhí againn ins an mbaile suas ar bhárr na cruaiche agus go rabh sé ag piocadh na réalt do'n spéir. Fuair mé tuigheadóir annsin agus chuir sé clúdughadh ar an gcruaich agus thóig an tuigheadóir lá 'gus bliadhain ag dul ó n-a bun go dtí n-a bárr, agus thóig sé ceithre bliadhna agus dhá mhí go leith ag dul ar a timchioll. Nuair a bhí an méid sin dionganta annsin, shaoil mé nach rabh éin-fhear chomh saidhbhir liom, agus chuaidh mé fhéin agus m'athair a chodladh an oidhche sin, l'éis an obair bheith dionganta. Ar maidin lá ar
n-a bhárach, nuair a d'éirigh mé agus ghléas mé mé fhéin, d'airigh mé beagán tuirse orm agus rinne mé mé fhéin a sheargaireacht agus chuaidh mé amach go ndearcfainn ar an gcruaich. Thainic iongnadh mór orm nuair a dhearc mé isteach ins an agard agus gan punann ná dias ná gráinne do'n chruaich lé fághailt! Chuaidh mé isteach 'uig m'athair agus d'innis mé an nuaidheacht a bhí agam dhó. Dhearc sé orm agus shaoil sé go rabh mé ag magadh. Chuaidh sé fhéin amach go bhfeicfeadh sé an rabh sí ins an agard, agus nuair nach bhfacaidh sé í, thainic an-bháthadh air agus thuit sé i laige agus is láidir nach bhfuair sé bás. Nuair a thainic sé 'uige fhéin, dubhairt sé liom triall agus go gcaithfeamuist a dhul 'un siubhail go bhfeic- feamuist go cé an áit ar tugadh an chruach. Dubhairt sé nach rabh éinne i n-Éirinn bhig nó i n-Éirinn mhóir leis an gcruaich a ghoid agus go rabh sé lán-chinnte gur tugadh go hifrionn i. Shiubhlamar linn oidhche 'gus lá, fliuch is fuar, tirim is te, ag cur fáirnis ghach éan- áit a rabhamar ag dul, an rabh fios, fáirnis ná faisnéis ag duine ar bith, cé an bóthar 'a mbuailfeadh sinn, ag dul go hifrionn, agus nuair a hinnseadh sin dúinn, ní dheárnamar stad, marbh ná comhnaidhe gur bhuaileamar sinn fhéin i n-aghaidh geataí ifrinn. Labhra- mar go madramhail stainceamhail feargach colgach dána le fear an gheata, agus thainic an diabhal mór 'ugam annsin agus d'fhiafruigh sé dhíom go cé an gleó ná toirm ná sgior- maisg a bhí mé 'thógáil ag a gheataíbh-san. Dubhairt mé leis an diabhal smideanna beaga ná, mar' dtiubhradh sé mo chruach choirce dham a ghoid sé uaim, go ngeárr- fainn an ghruag, an craicionn agus na hadharca dh'á chlaigionn. Dubhairt an diabhal liom imtheacht chomh luath aibéil tapaidh agus thiocfadh liom ná, dhá bhfághadh sé taobh istigh do'n gheata mé, nach leigfeadh sé amach go réidh mé. Nuair adubhairt an diabhal liom nach rabh mo chruach annsin, d'imthigh mé liom chomh sgiobtha lúthmhar tapaidh agus d'fhéad mé mo chosa 'tharraing 'mo dhiaidh, agus dubhairt mé lé m'athair go gcaithfeadh sinn dul go flaitheas go bhfeicfeadh sinn an rabh an chruach ann. Shiubhail an bheirt againn linn annsin go bhfeicfeadh sinn cé an áit i bhfuigheadh sinn fios ar an mbealach budh ghiorra, ag dul go flaitheas. Bhí mé ag dul amach ar staighre agus chuaidh mé i bhfastodh ins an dubhán alla agus tharraing an figheadóir suas mé trí mhíle 'sa' spéir agus rug sé greim sgornaigh orm agus thoisigh sé dho mo thachtadh. Chuimhnigh mé orm fhéin nach rabh fear mo shínte ná mo chaointe le fághailt, agus dá léimfinn anuas ar an talamh, go mbeidhinn marbh. Nuair a bhí mé leath- thachttha ag an bhfigheadóir, thainic meach agus chuaidh sí i bhfastodh ins an dubhán alla; agus nuair a chonnaic an figheadóir an meach, leig sé amach mé agus chuir sé a chrúba thimchioll na meiche. Nuair a chonnaic mé sin, dubhairt mé liom fhéin go mbudh in é m'am imtheacht', agus bhí an gath amuigh ag an meich agus rug mé barróg ar an ngath agus sgiurr mé síos ar an ngath go dtí an talamh agus thuit mé i mullach fir. Nuair a dhearc mé ar an bhfear, bhí sé ag caoineadh, agus ar éigin a bhí mé ábalta aith- neachtáil gur fear a bhí ann, bhí sé chomh sean sin. "Tuige a bhfuil tú 'caoineadh?" arsa mise leis an sean-fhear. "Tá dhá ádhbhar agam leis," ars' an sean- fhear, "an chéad adhbhar, gur ghortuigh tusa mé, nuair a thuit tú anuas orm; agus an dara ádhbhar, bhuail m'athair mé faoi rádh 's gur leig mé m'athair mór tuitim ins an teinidh agus gur dóigheadh é." Dhearc mé ar an seanfhear, bhí chomh sean
leis an gCailligh Bhéarra, agus shaoil mé go rabh sé ag magadh fúm, nuair adubhairt sé go rabh a athair agus a athair mór beó. Thoisigh mé ag againidheacht agus ag argúinteacht leis, agus dubhairt sé liom imtheacht chomh haibéil agus thiocfadh liom, ná go mbeith aithmhéala orm. "A dhuine mhíofair ghránna," arsa mise, "go cé an rud a thiocfadh le seanduine craptha do do shórt-sa 'dhiongnamh?" Dhearc sé orm go feargach agus thug sé séid- eadh as a smolán agus bhuail sé go dtí geataí ifrinn mé. Nuair a chonnaic an diabhal mór go rabh mé ar ais aríst, ghlaoidh sé ar a chuid mais- tíní uili-g' agus dubhairt sé leobhtha an geata 'fhosgailt agus mo tharraint isteach, shul má dtóigfinn éin-sgiormaisg eile ortha. Nuair a bhí siad ag dul a' fosgailt an gheata, fuair mé súiste iarainn 'na sheasamh i gcoir- néal taobh amuigh, agus nuair a tharraing siad isteach mé, bhuail mé agus sglasgair mé iad isteach i n-éan-chlúid bhig amháin, agus d'ionnsuigh mé an diabhal mór, bhí faoi shlabhrachaibh ins an gcathaoir, agus, leis an mbualadh thug mé dhó, dubhairt sé liom éisdeacht leis agus go n-innseochadh sé dham an áit i rabh mo chruach choirce. Dubhairt mé leis, mur n-innseochadh sé dham i n-éan-mhúiméid amháin go cé 'rabh an chruach, go bhfágfainn a chuid cnámha chomh millte ná chomh mín le deannach an mhuilinn. Leis an deithbhir a bhí ar an diabhal dhom' fhágh- ailt amach as ifrionn, dubhairt sé liom go rabh an chruach choirce ag Naomh Peadar i ngáirdín Phárrthais. Thug mé buille dho'n diabhal, ag dul amach dam, agus d'fhág mé an súiste aige do phronntanas le smacht a choingeáilt ar na maistíníbh, agus rith mé annsin chomh haibéil agus b'fhéad mé leis an sgéal 'innsint dom' athair, agus leis an torann a rinneadh le geata ifrinn, l'éis mé dhul amach, Chraith mé na cnuic Agus bhris mé na crainn, Agus sgannruigh mé na ba Agus na caoirigh 'san ngleann. Gluais mé fhéin agus m'athair annsin go dtainic sinn go dtí an crann darach a d'fhás i lorg fola an ghiorráin, agus arsa mise lem' athair: "Mur bhfuighfidh mé suas go dtí flaitheas ar an gcrann so, béimid as ar gcruach go deó!" Chuaidh mé suas go dtí flaitheas ar an gcrann, agus bhí an crann chomh hárd agus go dtug sé isteach go dtí na néalta mé, agus casadh fear liom annsin, sean-fhear liath a bhí sínte ar chúl a chinn. D'fhiafruigh mé dhe go céard a bhí sé 'dhiongnamh annsin, agus dubhairt sé liom go rabh sé ag coingeáil na muilte ag obair ar an saoghal eile le leath- taoibh a smoláin, agus dá séidfeadh sé leis an dá thaobh iad, go mbrisfeadh sé iad. "Ó thárlaidh go bhfuil tú ábalta séideadh chomh láidir sin," arsa mise, "bheith a lán- bhuidheachas agam-sa ort, dá séidfeá mé go flaitheas." L'éis sin chuir sé sinneán amháin fúm agus bhuail sé i n-aghaidh Naoimh Peadar mé. Dhearc Naomh Peadar orm agus d'fhiafruigh sé dhíom cé bhí dho mo thabhairt annseo. Dubhairt mé leis go rabh mé ag tidheacht ar thuairisg mo chruaiche coirce thug seisean uaim. Dubhairt sé liom go rabh mo chruach choirce le fághailt aige agus dubhairt mé le Naomh Peadar go rabh mé an-bheadaidhe faoi mo chruaich choirce a thabhairt uaidhe agus go rabh mé l'éis a dhul thríd go leór gábhanna gur láidir nár chaill mé mo chroidhe agus mo cholann ins na gábhannaibh. "Sé an t-ádhbhar ar thug mise do chruach choirce liom," arsa Naomh Peadar, "bhí truaighe agam dhuit nó nach rabh éan-chungnamh
agat le n-a bualadh ná le n-a cáthadh. Tá sé buailte, reillte, cáithte, ceangailte 'na mhálaíbh le fághailt agat annseo?" Nuair a mhoíthigh mé sin, rith mé liom, agus ní dheárna mé stad, mharbh ná comhnaidhe, agus ní rabh 'fhios agam ar ar bogán ná clochán ná bóthar a bhí mé ag reathadh, agus an ghaoth a bhí romham, bhí mé ag breith uirthi, agus an ghaoth a bhí 'mo dhiaidh, ní rabh sí ag teacht suas liom, leis an deithbhir a bhí orm ag dul a bhaile le n'innsint dom' athair go rabh an cruach choirce le fághailt. Thainic mé anuas ins an gcrann darach agus nuair a bhí mé leath bealaigh ins an gcrann, ag tidheacht anuas, thainic corr- mhíoltóg agus chaith sí smugairle amach ins an gcrann, agus sluigeadh síos ins an smugairle mé gur thobair go mbáidhfidhe mé, agus bhí mé ag coraidheacht leis an smugairle d'iarraidh mé fhéin 'oibriughadh as, agus níor fhéad mé a fhágáilt. Chuimhnigh mé orm fhéin nach rabh éinne dhom' ghoire ná dhom' ghaobhar le cungnamh ar bith a thabhairt dam, agus an méad gábhanna chuaidh mé thríd roimhe sin, an rabh smugairle na corr-mhíoltóige ag dul ag fághailt na buaidhe orm anois! Tharraing mé amach mo sgian agus ghearr mé dhíom fhéin mo lámh agus chaith mé ar an talamh í, le comhartha 'thabhairt dom' athair go rabh greim orm agus nár fhéad mé thidheacht le mo sgéalaibh féin ná le sgéalaibh dhuine ar bith eile. Ní rabh mo lámh múiméad ar an talamh, nuair a thainic an sionnach. Rug sé ar mo láimh agus rith sé ar siubhal léithi. Nuair a chonnaic mé mo lámh i mbéal an tsionnaigh, thug mé léim amháin as an gcrann agus as smugairle na míoltóige gur thuirling mé ar an talamh, agus chaith mé an sgian a bhí in mo láimh i ndiaidh an tsionnaigh agus bhain mé píosa do mhás an tsionnaigh dhe. Rith mé agus thóig mé suas an píosa do mhás an tsionnaigh agus dhearc mé go géar air agus bhí sgríbhneoireacht ann agus 'sé an rud a bhí sgríobhtha ann go rabh d'athair-sa, a rí, i n-a bhuachaill bó ag m'athair-sa!" "Thug tú d'éitheach agus do mhíle éitheach," ars' an rí. "Ar m'fhocal duit, a rí agus a phrionnsa," ars' an fear, "is liom-sa d'inghean agus tá sí saothruighthe agam." Nuair a d'fhuaruigh an rí agus chuimhnigh sé air fhéin go dtug sé éitheach dhó, ní bhrisfeadh sé a fhocal, agus thug sé a inghean dó. Rug an rí greim láimhe air agus dubhairt sé leis:- "Céad fáilte romhat, a chliamhain, agus is tú an bréagadóir is fheárr a casadh ariamh orm!" Thug sé a inghean dhó agus pósadh iad agus cuireadh goirm sgolb amach le haghaidh bocht agus nocht a thidheacht 'un na bainse, agus mhair an bhainis naoi n-oidhche agus naoi lá, agus b'fheárr an lá deiridh 'ná an chéad lá. Bhí dhá chéad cineál aráin aca do bhlas na meala agus ní rabh éin-ghreim do éan-bhlas. L'éis na bainse a bheith thart, chaith an rí agus a chliamhain lá ag rinnce agus ag siamsa. Chaith siad lá eile, trian le fiannaidheacht, trian le sgéal- aidheacht agus trian le codladh sáimh agus síor- chodlata. Ar maidin lá ar n-a bhárach fuair siad an bricfeásta. L'éis an bhricfeásta, chuaidh siad amach ag siubhlóideacht. Chuaidh mise an machaire, chuaidh siad-san an bóthar; thainic mise 'un dír, agus chuaidh siad-san amach ar an gcróchar; agus má's bréag é, bíodh sé i mbéal an mhadaidh. Micheál MhagRuaidhrí d'innis. S. L. do chuir síos.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services