Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Bréaga Éireann.

Title
Sgéalaidheacht. Bréaga Éireann.
Author(s)
Mhag Ruaidhrí, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1902
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BRÉAGA ÉIREANN.



BHÍ rí ann fad ó agus fad ó bhí; dá
mbeidheadh sinne an uair sin
ann, ní bheidheadh sinn
anois ann: bheith
sgéal úr ná
sean-sgéal
againn, agus níor dhóiche
aige sin 'ná bheith gan
éin-sgéal.



Bhí inghean aige agus bhí sí i n-aois a pósta,
agus chuir sé goirm sgolb amach go rabh fáilte
ag fear ar bith, bocht ná nocht, a thiocfadh
d'iarraidh a inghine air, agus go rabh sí le
fághailt ag fear ar bith bhainfeadh éitheach as,
agus fear ar bith thiocfadh ar an ócáid sin agus nach
mbainfeadh éitheach as, go mbainfeadh sé an
claigionn de agus go gcrochfadh sé é ar an
tsleigh os cionn an doruis mhóir.



Nuair a mhoíthigh fir na tíre an sgéal seo,
bhí sgáthmaireacht ortha a dhul 'un cinn.



Bhí mac baintreabhaighe ann, agus ní rabh
éinne aige acht é fhéin, agus dubhairt sé go
n-imtheochadh sé go cé bith bás a gheallfadh
Dia dhó go bhfuigheadh sé amach fios, fáirnis
ná faisnéis ar an rígh seo, go cé an áit i rabh
sé 'na chomhnaidhe.



Thriall sé lón, agus nuair a bhí an lón réidh-
tighthe annsin, d'fhág sé an baile agus shiubhail
sé leis oidhche 'gus lá, agus áit ar bith i bhfuigheadh
sé lóistín, chodluigheadh sé ann, agus 'san áit
nach bhfuigheadh sé lóistín, chodluigheadh sé
amuigh.



Thinn Dia leis gur casadh isteach i dteach
é a rabh fear fad-cheannach ann, agus thoisigh
siad ag caint agus ag comhrádh. Thoisigh sé ag
innsin dó faoi'n ócáid a casadh an bealach
seo é agus dubhairt sé leis go rabh teasga
trom roimhe agus gur hiomdha mac ríogh le
bainríoghain ar bhain an rí sin an claigionn
de.



"Má's é an bás a gheall Dia dham é," ar
seisean, "'sé a bheatha."



Chaith siad an oidhche sin, trian le fiann-
aidheacht, trian le sgéalaidheacht, agus trian le
codladh sáimh agus síor-chodlata, go dtainic
maidin lá ar n-a bhárach.



D'éirigh sé chomh haigeanta éasgaidh le
gealbhann a bheith ar an gcrann. Leagadh
isteach an bricfeásta agus d'ith siad é, agus ní rabh
dhá ghreim dho éan-bhlas aca.



D'imthigh sé leis agus níor bhain sé méar d'á
shróin gur bhuail sé é fhéin i n-aghaidh doruis
mhóir an ríogh. Thainic teachtaire amach 'uige
agus d'fhiafruigh sé dhe cé an rud a bhí sé 'iarraidh,
is dubhairt sé leis gur theastuigh uaidhe an
rí 'fheiceáil.



Thainic an rí amach, l'éis an teachtaire dhul
isteach, agus labhair sé le mo dhuine muintearach


L. 2


agus d'fhiafraigh sé dhe go cé an ócáid a thug
an bealach seo é, agus dubhairt sé leis go bhfaca
sé an goirm sgolb a bhí 'muigh aige-san agus
go dtainic sé ar shúil go bhfuigheadh sé a
inghean. D'fhiafruigh sé dhe an dtainic sé
go fada, agus dubhairt sé leis gur thainic.
D'fhiafruigh sé dhe an rabh éan-nuaidheacht
leis, agus dubhairt mo dhuine muintearach leis
an rígh go bhfaca sé iongantas amháin i n-a
bhealach a chuir iongnadh mór air.



"Innis dam é," ars' an rí.



"Bhí mé 'g dul trasna na haibhne," ar
seisean, "agus d'éirigh eascoin as an uisge agus
chuaidh sí ar bhárr chrainn agus rug sí dha uibh
déag, agus thainic éan amach as ghach uile uibh, agus
thug sí léithi iad ins an uisge ar an múiméid
a thainic siad amach as an uibh."



Dhearc an rí air, agus ní rabh gruaim ar bith
i n-a mhalaidh.



"Shiubhail mé liom agus ní dheachaidh mé i bhfad
go bhfacaidh mé go leór daoine ag tidheacht
im' aghaidh, idir fir agus mná, agus bhí siad ag
reathadh, agus ní rabh 'fhios agam go cé 'rabh siad
ag dul acht gur fhiafruigh mé do fhear aosda
go cé 'rabh siad ag reathadh uile-go-léir, agus
dubhairt sé liom: 'N é nár mhoíthigh mé an
nuaidheacht a bhí amuigh? Dubhairt mé leis
nár mhoíthigh mé rud ar bith dh'á shórt, agus
d'innis sé dhamh-sa go rabh an fhairrge l'éist
a dhul tirim agus go rabh na daoine uili-g' ag
reathadh i mbárr a n-anama lé iasg agus airgead
'fhághailt ar thóin na fairrge, 'agus an dtioc-
faidh tusa linn go bhfuighidh tú do chuid fhéin
dhe?' 'Ní thig liom a dhul leat anois;'
arsa mise, 'tá mé ag dul go bhfeicidh mé
an mbéidh mé ábalta inghean an ríogh 'fhágh-
ailt lé bréag mhór a chuimhneachtáil air'."



Agus l'éis é seo 'innsint do'n rígh, níor
chuir sé iongantas ar bith ann.



D'iarr an rí isteach é ó dhorus a' halla go
dtí an párlús agus dubhairt sé leis suidhe síos
agus a sgríste 'dhiongnamh. Chaith siad an tráth-
nóna sin ag caint agus ag comhrádh annsin go
dtainic am suipéir agus leagadh isteach dhá
fhichid cineál aráin agus ní rabh dhá ghreim dho
éan-bhlas agus d'ith siad annsin go rabh siad
chomh subhach sáthach agus bheith na daoine Oidhche
Nodlac. L'éis an méid sin a dhul thart go
dtainic am codlata, chaith siad an oidhche sin
trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidh-
eacht agus trian le codladh sáimh agus síor-chodlata
go dtainic maidin la ar n-a bhárach.



D'éirigh sé chomh licthe sgaoilte le gais-
gidheach ar bith agus, l'éis é fhéin agus an rí an
bricfeásta 'ithe, thug an rí amach ins an
ngáirdín é agus 'spáin sé dó, ins an áit i rabh
sé, plut fataí agus d'fhiafruigh sé dhe an bhfaca
sé ar a shiubhal gais ná fataí chomh maith
leobhtha sin. Dubhairt sé leis an rígh go
bhfaca sé fataí agus gais níos fheárr, agus dubhairt
an rí leis a innsint dó go cé an áit i bhfaca
sé iad.



Thoisigh sé ag innsint do'n rígh, nuair a bhí
sé 'sa' mbaile i gceann a athar fhéin go rabh
plut fataí curtha aige agus gur fhás na gais
an-árd ortha, "agus bhí caoirigh ag m'athair," ar
seisean, "agus d'éaluigh ceann do na caoirigh
uaidhe, agus bhí sí imthighthe dhá mhí uaidhe, agus níor
fhéad sé a fághailt i n-áit ar bith, agus l'éis é
íseal agus árd a chuartughadh dh'á tóruigheacht,
níor fhéad sé a fághailt. Thug sé suas í, agus
bhí sé lá amháin ag ithe a dhínnéir istigh i n-a
theach féin, agus mhoíthigh sé caora ag méidhliugh-
acht, agus dubhairt sé go mbudh in í a chaora a
d'éaluigh uaidhe go cé bith áit i rabh sí, agus
chuaidh sé amach dh'á tóruigheacht agus níor fhéad
sé a fághailt go ndeachaidh sé isteach ins an
ngárrdha. Dubhairt sé leis fhéin go rabh sí
ins na fataíbh agus, leis an áirde a bhí ins na
gais, níor fhéad sé dhul thríobhtha go bhfuair
sé dréimire ceithre troighthe fichead. Chuir
sé 'na sheasamh i n-aghaidh na ngas é agus chuaidh


L. 3


sé suas air, agus nuair a chuaidh sé suas ar bhárr
an dréimire, chuaidh sé síos an taobh eile agus
chuaidh isteach eidir na gais ins an díogaidh.
Thoisigh sé ag cuartughadh eidir na gais agus
fuair sé an chaora istigh i bhfata ar bhruach
an iomaire agus dhá uan léithi, agus nár bh'fheárr na
fataí iad sin 'ná do chuid fataí-sa, a rí?"



Níor thug an rí éin-fhreagradh air, acht thug
sé leis é an áit i rabh plut gabáisde ag fás
aige, agus d'fhiafruigh de an bhfaca sé éan-
ghabáisde ariamh a bhí chomh maith leis sin.



Dubhairt sé leis an rígh go bhfacaidh, agus
gabáisde níos fheárr, agus dubhairt an rí leis a
innsint dó go cé an áit i bhfaca sé é.



Dubhairt sé leis, nuair a bhí sé 'sa' mbaile
ag a athair, go rabh ceithre troighthe ar fhichid
ins an mballa bhí thimchioll an ghárrdha agus go
rabh plut gabáisde curtha aige agus gur fhás an
gabáisde chomh hárd is go ndeachaidh sé amach
thar bhalla an gháirdín, "agus bhí bóthar le hais
balla an gháirdín taoibh amuigh," ar seisean,
"agus bhí sgata mór tincéirí, páistí agus mná,
asail, agus bocáisde leóbhtha, agus thainic cithe mór
fearthanna agus chuaidh na tincéirí ar fasgadh
ar chois an bhalla 'san áit i rabh an gabáisde
os a gcionn agus, leis an leithead a bhí ag
duilleógaibh an ghabáisde, níor leig sé éan-
bhraon anuas go rabh an cithe thart, agus nuair
a bhí na tincéirí ag gluasacht, bhris an
gabáisde agus, leis an méid uisge choinnigh
duilleóga an ghabáisde nuair a thuit sé ar
an talamh, níor fhág an tuile fear na bean,
páisde ná marlach, asal ná bocáisde, ar an
mbóthar, nár sguab sé isteach síos ins an
bhfairrge, agus nár bhfeárr an gabáisde é sin
ná do ghabáisde-se, a rí?"



Níor 'ubhairt an rí dadaidh, acht chraith sé
a chlaigionn, agus thug sé leis é isteach ins an
agard 'san áit i rabh cruach mhór choirce aige, agus
d'fhiafruigh an rí dhe an bhfaca sé éan-chruach
ariamh bhí chomh mór léithi sin.



Dubhairt sé leis an rígh go bhfacaidh, agus
cruach a bhí fiche torn ní budh mhó 'ná é, agus
dubhairt an rí leis go gcaithfeadh sé a innsint
dó agus a mhíniughadh go cé an áit i rabh an
chruach sin ná go cé an chaoi a mbeidheadh sí
fiche torn ní budh mhó 'ná a cheann fhéin.



Dubhairt sé leis an rígh, nuair a bhí sé 'sa'
mbaile i gceann a athar, go rabh Éire bheag
agus Éire mhór curtha faoi choirce aca, agus nuair
a bhí siad ag crathadh an tsíl, gur thainic
siad geárr leithchéad coirce, agus nach rabh
gráinne aca le fághailt i n-Éirinn, agus go
gcaithfeadh sé dhul go Sasana go bhfuigheadh
sé an coirce ann, "agus nuair a thriall sé
a dhul go Sasana," ar seisean, "ní rabh bád
ná long aige le n-a thabhairt ann, agus bhí sean-
ghiorrán liath aige agus thug sé leis é, agus nuair
a thainic sé 'uig bruach na fairrge, rug sé
ar an ngiorrán agus chaith sé é anonn go dtí
cladach Sasana, agus léim sé fhéin anonn
i n-a dhiaidh, agus sgar sé a dhá chois ag
marcaigheacht ar an sean-ghiorrán liath, agus
thug sé suas 'un an mhargaidh é gur cheannuigh
sé an coirce, agus cheannuigh sé sé clocha i n-áit
leithchéid le dhá chloich a thabhairt le n'ithe
do'n ghiorrán le n-a dhiongnamh láidir ar an
mbealach, agus nuair a thainic sé go dtí bruach
na fairrge i Sasana, ní rabh 'fhios aige go
cé an chaoi a bhfuigheadh sé é fhéin ná an
coirce ná an giorrán análl.



Chuimhnigh sé air fhéin nach rabh fear le
cungnamh ná le n-a chaoineadh i ngar dó, agus
rug sé greim ar an ngiorrán agus thug sé
fásgadh dhó eidir a dhá láimh agus chaith sé análl
é ar chladach na hÉirionn, agus chaith sé an
coirce 'na dhiaidh agus léim sé fhéin análl 'na
ndiaidh. Nuair a thuirling an giorrán ar an
gcladach, fuair sé bás. Shaoil sé gur'b é
an chaoi a bhfuair sé bás leis an ocras, agus
ghearr sé sgornach an ghiorráin agus chuir sé
cuid do'n choirce síos i n-a sgornach. Fuair


L. 4


sé maide agus bhrúigh sé an coirce síos i mbolg
an ghiorráin agus d'fhuaigh sé suas an sgornach
arís agus, l'éis deich múiméideacha, d'éirigh an
giorrán 'na sheasamh, agus an fhuil a thainic as
sgornach an ghiorráin, d'fhás crann mór darach
ins an áit ar thuit an fhuil, agus d'fhás sé chomh
hárd is gur bhuail sé an spéir. Thug sé an
giorrán agus an coirce a bhaile agus chuir sé an
leithchéad ins an talamh, agus bhí Éire bheag agus
Éire mhór annsin curtha faoi choirce ag
m'athair, agus ní rabh an méid sin coirce curtha
agat-sa ariamh, a rí. D'fhás sé suas i n-a
choirce breagh fada go dtainic an foghmhar
agus go rabh sé aipidh, agus ní rabh éin-fhear i
n-Éirinn bhig ná i n-Éirinn mhóir acht mé
fhéin agus m'athair agus ghluais mé orm ar maidin
ins an bhfoghmhar agus thug mé mo chorrán liom
le dhul ag gearradh an choirce agus thainic
m'athair amach ag cuideachan liom. Nuair
a sheas mé ag ceann an mhachaire, dhearc mé
uaim fad mo shean-radhairc, agus thainic fearg
agus báinidh orm agus thainic copa cubhair le mo
bhéal nuair a thainic mé nach rabh éin-fhear
agam leis an gcoirce 'ghearradh acht mé fhéin
agus m'athair, agus é ag seilt an mharcaigh.
Dhearc mé tharam go luath agus go tapaidh agus
chonnaic mé girrfhiadh ag léimnigh ins an
gcoirce. Dubhairt mé in m'intinn fhéin,
dá mbéidheadh sé agam le haghaidh mo
dhinnéir go n-íosainn é, agus chaith mé an corrán
comh haibéil agus d'fhéad mé 'na dhiaidh agus chuaidh
sé i bhfastodh i n-a cheathramhain. Rith mé
'na dhiaidh go mbéarfainn air, agus chomh haibéil
agus d'fhéad an girrfhiadh rith ar siubhal, bhí sé
ag gearradh an choirce leis an gcorrán a bhí
i bhfastodh i n-a cheathramhain. Nuair a
chonnaic mé sin, chuir mé m'athair síos 'uig
tóin an mhachaire, agus chuaidh mé féin 'uig bárr
an mhachaire, agus bhí muide ag saighdeadh an
ghirrfhiaidh ó thóin an mhachaire go dtí bárr an
mhachaire, agus nuair a bhí an tráthnóna ag
tidheacht go dubh dorcha fuar fliuch bhí an
girrfhiadh ag éirghe lag leis an obair lae bhí
sé l'éis dhiongnamh agus chuaidh sé i laige ag
ceann an mhachaire. Thug mé amach mo sgian
as mo phóca agus d'fheann mé an craicionn
dho'n taobh a rabh an corrán i bhfastodh ann,
agus chuir mé naigín bláithche isteach i n-a dhá
chluais agus d'éirigh sé 'na sheasamh aríst beó
beathadhach, láidir folláin, aigeanta lúthmhar,
agus a chraicionn ag sliobarnaoil anuas le
n-a thaobh. Mhaol sé a chuid cluasa, agus
bhí 'fhios agam annsin go rabh sé ábalta
a chuid ughmacha 'oibriughadh. Fuair mé
cródh iarainn agus cábla luinge agus d'fhuaigh
mé suas craicionn an ghirrfhiaidh leis an
gcródh iarainn agus le cábla na luinge agus
shaighid mé é 'un a chuid oibre aríst, agus, leis
an sgéal geárr a dhiongnamh do'n sgéal
fada, ar m'fhocal duit, a rí, bhí Éire bheag agus
Éire mhór geárrtha ag an ngirrfhiadh tráthnóna,
agus stoc muid 'ch uile phunann a gheárr an
girrfhiadh, agus l'éis a stoctha, rinne muid cruach
dhe, agus nuair a bhí Éire bheag agus Éire mhór i
n-éan-chruaich amháin, nár mhó an chruach í 'na
do chruach-sa, a rí?" -



Chuir an rí gruaim i n-a mhalaidh, agus níor
labhair sé focal, no níor thug sé éin-fhreagra
air -



"Agus bhí an chruach chomh hárd agus go
dteidheadh an coileach a bhí againn ins an
mbaile suas ar bhárr na cruaiche agus go rabh
sé ag piocadh na réalt do'n spéir. Fuair
mé tuigheadóir annsin agus chuir sé clúdughadh
ar an gcruaich agus thóig an tuigheadóir lá 'gus
bliadhain ag dul ó n-a bun go dtí n-a bárr,
agus thóig sé ceithre bliadhna agus dhá mhí go leith
ag dul ar a timchioll. Nuair a bhí an méid
sin dionganta annsin, shaoil mé nach rabh
éin-fhear chomh saidhbhir liom, agus chuaidh mé
fhéin agus m'athair a chodladh an oidhche sin, l'éis
an obair bheith dionganta. Ar maidin lá ar


L. 5


n-a bhárach, nuair a d'éirigh mé agus ghléas mé
mé fhéin, d'airigh mé beagán tuirse orm agus
rinne mé mé fhéin a sheargaireacht agus chuaidh
mé amach go ndearcfainn ar an gcruaich.
Thainic iongnadh mór orm nuair a dhearc mé
isteach ins an agard agus gan punann ná dias
ná gráinne do'n chruaich lé fághailt! Chuaidh
mé isteach 'uig m'athair agus d'innis mé an
nuaidheacht a bhí agam dhó. Dhearc sé orm agus
shaoil sé go rabh mé ag magadh. Chuaidh
sé fhéin amach go bhfeicfeadh sé an rabh sí
ins an agard, agus nuair nach bhfacaidh sé í,
thainic an-bháthadh air agus thuit sé i laige agus is
láidir nach bhfuair sé bás. Nuair a thainic
sé 'uige fhéin, dubhairt sé liom triall agus go
gcaithfeamuist a dhul 'un siubhail go bhfeic-
feamuist go cé an áit ar tugadh an chruach.
Dubhairt sé nach rabh éinne i n-Éirinn bhig
nó i n-Éirinn mhóir leis an gcruaich a ghoid
agus go rabh sé lán-chinnte gur tugadh go
hifrionn i.



Shiubhlamar linn oidhche 'gus lá, fliuch is
fuar, tirim is te, ag cur fáirnis ghach éan-
áit a rabhamar ag dul, an rabh fios, fáirnis
ná faisnéis ag duine ar bith, cé an bóthar 'a
mbuailfeadh sinn, ag dul go hifrionn, agus
nuair a hinnseadh sin dúinn, ní dheárnamar
stad, marbh ná comhnaidhe gur bhuaileamar
sinn fhéin i n-aghaidh geataí ifrinn. Labhra-
mar go madramhail stainceamhail feargach
colgach dána le fear an gheata, agus thainic an
diabhal mór 'ugam annsin agus d'fhiafruigh sé
dhíom go cé an gleó ná toirm ná sgior-
maisg a bhí mé 'thógáil ag a gheataíbh-san.
Dubhairt mé leis an diabhal smideanna
beaga ná, mar' dtiubhradh sé mo chruach
choirce dham a ghoid sé uaim, go ngeárr-
fainn an ghruag, an craicionn agus na hadharca
dh'á chlaigionn. Dubhairt an diabhal liom
imtheacht chomh luath aibéil tapaidh agus thiocfadh
liom ná, dhá bhfághadh sé taobh istigh do'n
gheata mé, nach leigfeadh sé amach go réidh
mé. Nuair adubhairt an diabhal liom nach
rabh mo chruach annsin, d'imthigh mé liom
chomh sgiobtha lúthmhar tapaidh agus d'fhéad mé
mo chosa 'tharraing 'mo dhiaidh, agus dubhairt
mé lé m'athair go gcaithfeadh sinn dul go
flaitheas go bhfeicfeadh sinn an rabh an
chruach ann.



Shiubhail an bheirt againn linn annsin go
bhfeicfeadh sinn cé an áit i bhfuigheadh sinn
fios ar an mbealach budh ghiorra, ag dul go
flaitheas. Bhí mé ag dul amach ar staighre
agus chuaidh mé i bhfastodh ins an dubhán alla agus
tharraing an figheadóir suas mé trí mhíle 'sa'
spéir agus rug sé greim sgornaigh orm agus thoisigh
sé dho mo thachtadh. Chuimhnigh mé orm fhéin
nach rabh fear mo shínte ná mo chaointe le
fághailt, agus dá léimfinn anuas ar an talamh,
go mbeidhinn marbh. Nuair a bhí mé leath-
thachttha ag an bhfigheadóir, thainic meach agus
chuaidh sí i bhfastodh ins an dubhán alla; agus
nuair a chonnaic an figheadóir an meach, leig
sé amach mé agus chuir sé a chrúba thimchioll na
meiche. Nuair a chonnaic mé sin, dubhairt
mé liom fhéin go mbudh in é m'am imtheacht',
agus bhí an gath amuigh ag an meich agus rug mé
barróg ar an ngath agus sgiurr mé síos ar an
ngath go dtí an talamh agus thuit mé i mullach
fir. Nuair a dhearc mé ar an bhfear, bhí sé
ag caoineadh, agus ar éigin a bhí mé ábalta aith-
neachtáil gur fear a bhí ann, bhí sé chomh sean
sin.



"Tuige a bhfuil tú 'caoineadh?" arsa
mise leis an sean-fhear.



"Tá dhá ádhbhar agam leis," ars' an sean-
fhear, "an chéad adhbhar, gur ghortuigh tusa
mé, nuair a thuit tú anuas orm; agus an dara
ádhbhar, bhuail m'athair mé faoi rádh 's gur leig
mé m'athair mór tuitim ins an teinidh agus gur
dóigheadh é."



Dhearc mé ar an seanfhear, bhí chomh sean


L. 6


leis an gCailligh Bhéarra, agus shaoil mé go rabh
sé ag magadh fúm, nuair adubhairt sé go
rabh a athair agus a athair mór beó. Thoisigh mé
ag againidheacht agus ag argúinteacht leis, agus
dubhairt sé liom imtheacht chomh haibéil agus
thiocfadh liom, ná go mbeith aithmhéala orm.



"A dhuine mhíofair ghránna," arsa mise,
"go cé an rud a thiocfadh le seanduine
craptha do do shórt-sa 'dhiongnamh?"



Dhearc sé orm go feargach agus thug sé séid-
eadh as a smolán agus bhuail sé go dtí geataí
ifrinn mé.



Nuair a chonnaic an diabhal mór go rabh
mé ar ais aríst, ghlaoidh sé ar a chuid mais-
tíní uili-g' agus dubhairt sé leobhtha an geata
'fhosgailt agus mo tharraint isteach, shul má
dtóigfinn éin-sgiormaisg eile ortha. Nuair
a bhí siad ag dul a' fosgailt an gheata,
fuair mé súiste iarainn 'na sheasamh i gcoir-
néal taobh amuigh, agus nuair a tharraing siad
isteach mé, bhuail mé agus sglasgair mé iad
isteach i n-éan-chlúid bhig amháin, agus d'ionnsuigh
mé an diabhal mór, bhí faoi shlabhrachaibh ins
an gcathaoir, agus, leis an mbualadh thug mé
dhó, dubhairt sé liom éisdeacht leis agus go
n-innseochadh sé dham an áit i rabh mo chruach
choirce. Dubhairt mé leis, mur n-innseochadh
sé dham i n-éan-mhúiméid amháin go cé 'rabh
an chruach, go bhfágfainn a chuid cnámha chomh
millte ná chomh mín le deannach an mhuilinn.
Leis an deithbhir a bhí ar an diabhal dhom' fhágh-
ailt amach as ifrionn, dubhairt sé liom go
rabh an chruach choirce ag Naomh Peadar i
ngáirdín Phárrthais.



Thug mé buille dho'n diabhal, ag dul
amach dam, agus d'fhág mé an súiste aige do
phronntanas le smacht a choingeáilt ar na
maistíníbh, agus rith mé annsin chomh haibéil agus
b'fhéad mé leis an sgéal 'innsint dom'
athair, agus leis an torann a rinneadh le geata
ifrinn, l'éis mé dhul amach,



Chraith mé na cnuic
Agus bhris mé na crainn,
Agus sgannruigh mé na ba
Agus na caoirigh 'san ngleann.



Gluais mé fhéin agus m'athair annsin go
dtainic sinn go dtí an crann darach a
d'fhás i lorg fola an ghiorráin, agus arsa mise
lem' athair:



"Mur bhfuighfidh mé suas go dtí flaitheas
ar an gcrann so, béimid as ar gcruach go
deó!"



Chuaidh mé suas go dtí flaitheas ar an
gcrann, agus bhí an crann chomh hárd agus go
dtug sé isteach go dtí na néalta mé, agus
casadh fear liom annsin, sean-fhear liath a
bhí sínte ar chúl a chinn. D'fhiafruigh mé dhe
go céard a bhí sé 'dhiongnamh annsin, agus
dubhairt sé liom go rabh sé ag coingeáil na
muilte ag obair ar an saoghal eile le leath-
taoibh a smoláin, agus dá séidfeadh sé leis an
dá thaobh iad, go mbrisfeadh sé iad.



"Ó thárlaidh go bhfuil tú ábalta séideadh
chomh láidir sin," arsa mise, "bheith a lán-
bhuidheachas agam-sa ort, dá séidfeá mé go
flaitheas."



L'éis sin chuir sé sinneán amháin fúm agus
bhuail sé i n-aghaidh Naoimh Peadar mé.
Dhearc Naomh Peadar orm agus d'fhiafruigh
sé dhíom cé bhí dho mo thabhairt annseo.
Dubhairt mé leis go rabh mé ag tidheacht ar
thuairisg mo chruaiche coirce thug seisean
uaim. Dubhairt sé liom go rabh mo chruach
choirce le fághailt aige agus dubhairt mé le
Naomh Peadar go rabh mé an-bheadaidhe faoi
mo chruaich choirce a thabhairt uaidhe agus go rabh
mé l'éis a dhul thríd go leór gábhanna gur
láidir nár chaill mé mo chroidhe agus mo cholann
ins na gábhannaibh.



"Sé an t-ádhbhar ar thug mise do chruach
choirce liom," arsa Naomh Peadar, "bhí
truaighe agam dhuit nó nach rabh éan-chungnamh


L. 7


agat le n-a bualadh ná le n-a cáthadh. Tá
sé buailte, reillte, cáithte, ceangailte 'na
mhálaíbh le fághailt agat annseo?"



Nuair a mhoíthigh mé sin, rith mé liom, agus ní
dheárna mé stad, mharbh ná comhnaidhe, agus ní
rabh 'fhios agam ar ar bogán ná clochán ná
bóthar a bhí mé ag reathadh, agus an ghaoth a bhí
romham, bhí mé ag breith uirthi, agus an ghaoth a
bhí 'mo dhiaidh, ní rabh sí ag teacht suas liom,
leis an deithbhir a bhí orm ag dul a bhaile le
n'innsint dom' athair go rabh an cruach choirce
le fághailt. Thainic mé anuas ins an gcrann
darach agus nuair a bhí mé leath bealaigh ins an
gcrann, ag tidheacht anuas, thainic corr-
mhíoltóg agus chaith sí smugairle amach ins an
gcrann, agus sluigeadh síos ins an smugairle
mé gur thobair go mbáidhfidhe mé, agus bhí mé
ag coraidheacht leis an smugairle d'iarraidh
mé fhéin 'oibriughadh as, agus níor fhéad mé a
fhágáilt. Chuimhnigh mé orm fhéin nach rabh
éinne dhom' ghoire ná dhom' ghaobhar le
cungnamh ar bith a thabhairt dam, agus an méad
gábhanna chuaidh mé thríd roimhe sin, an rabh
smugairle na corr-mhíoltóige ag dul ag
fághailt na buaidhe orm anois! Tharraing
mé amach mo sgian agus ghearr mé dhíom fhéin
mo lámh agus chaith mé ar an talamh í, le comhartha
'thabhairt dom' athair go rabh greim orm agus
nár fhéad mé thidheacht le mo sgéalaibh féin
ná le sgéalaibh dhuine ar bith eile. Ní rabh
mo lámh múiméad ar an talamh, nuair a
thainic an sionnach. Rug sé ar mo láimh agus
rith sé ar siubhal léithi. Nuair a chonnaic mé
mo lámh i mbéal an tsionnaigh, thug mé léim
amháin as an gcrann agus as smugairle na
míoltóige gur thuirling mé ar an talamh, agus
chaith mé an sgian a bhí in mo láimh i ndiaidh
an tsionnaigh agus bhain mé píosa do mhás an
tsionnaigh dhe. Rith mé agus thóig mé suas an
píosa do mhás an tsionnaigh agus dhearc mé go
géar air agus bhí sgríbhneoireacht ann agus 'sé an
rud a bhí sgríobhtha ann go rabh d'athair-sa, a
rí, i n-a bhuachaill bó ag m'athair-sa!"



"Thug tú d'éitheach agus do mhíle éitheach,"
ars' an rí.



"Ar m'fhocal duit, a rí agus a phrionnsa,"
ars' an fear, "is liom-sa d'inghean agus tá sí
saothruighthe agam."



Nuair a d'fhuaruigh an rí agus chuimhnigh sé air
fhéin go dtug sé éitheach dhó, ní bhrisfeadh sé
a fhocal, agus thug sé a inghean dó. Rug an rí
greim láimhe air agus dubhairt sé leis:-



"Céad fáilte romhat, a chliamhain, agus is tú
an bréagadóir is fheárr a casadh ariamh
orm!"



Thug sé a inghean dhó agus pósadh iad agus
cuireadh goirm sgolb amach le haghaidh bocht
agus nocht a thidheacht 'un na bainse, agus mhair an
bhainis naoi n-oidhche agus naoi lá, agus b'fheárr an
lá deiridh 'ná an chéad lá. Bhí dhá chéad
cineál aráin aca do bhlas na meala agus ní rabh
éin-ghreim do éan-bhlas. L'éis na bainse a
bheith thart, chaith an rí agus a chliamhain lá ag
rinnce agus ag siamsa. Chaith siad lá eile,
trian le fiannaidheacht, trian le sgéal-
aidheacht agus trian le codladh sáimh agus síor-
chodlata. Ar maidin lá ar n-a bhárach fuair
siad an bricfeásta. L'éis an bhricfeásta,
chuaidh siad amach ag siubhlóideacht. Chuaidh
mise an machaire, chuaidh siad-san an bóthar;
thainic mise 'un dír, agus chuaidh siad-san amach
ar an gcróchar; agus má's bréag é, bíodh sé i
mbéal an mhadaidh.



Micheál MhagRuaidhrí d'innis.
S. L. do chuir síos.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services