Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóimhfhreagairt.
Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Mac a'Bháird, S. S.,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓIMHFHREAGAIRT. A Eagarthoir an Irisleabhair, - Léig damh beagan focal a rádh i d-taoibh an bhreitheamhnuis a thug tú ar an Teagasg Críostaighe, fa choinne Díoghoise Rath-Bhoth. Deir tú go bh-fuil "droch-chló agus droch-litriughadh thall agus i bhfus ann," agus bheir tú mar shómpla na focla seo: - "diongmalta" (diongmhálta), an litriughadh céadna, "congbhail" (congbháil), an litriughadh céadna, "tógbhail" (tógbháil), an litriughadh céadna, "spioradalta" (spioradálta), an litriughadh céadna, "oibliogaid" (oibliogáid), an litriughadh céadna, "purgadoir" (purgadóir), an litriughadh céadna, "ar féin" (air féin), an litriughadh céadna. H-innseadh damh, tamall beag ó shoin, nár chóir air do sgríobh acht nuair budh Bheurla dó, on him, on it; agus is anns an Irisleabhar a h-innseadh damh é. Chidh an uile dhuine gur b'ionnan litriughadh do na foclaibh shuas anns an Teagasg Críostaighe agus mar tá siad agat-sa. B'fhéidir gur b'é an rud a bhí dúil agat a rádh, nach bh-fuil na cómharthuidhe ós cionn na nguth mar budh mhaith leat-sa acht is olc an iarrachd a thug tú air. Gheibh tú lochd mar a g-céadna ar leath dhuisin eile focal, .i. "fiachamhnaibh," "ní sheadh," "ionnan," "déighionach," "éadóthchas" agus "ann Íosa Críost." Gheobhthaidh tú "ionnan," "déighionach" agus "éadóthchas" mar seo anns na foclóiribh, má chuireann tú buaidhreadh ort féin amharc annta. Gheobhthaidh tú "ní sheadh" anns an Bhíobla ag Matha v. 38 agus i g-Corintianach I. 17, 18, 19. Gheobhthaidh tú "ann Íosa Críost," agus "fiachamhnaibh" i d-Teagasg Críostaighe Sheaghain Mhic h-Áile, Árd-Easboc, Thuama, an lá a mhair sé, agus sílim agus tá mé cinnte dhe, go rabh an Ghaedhilic lán ní b'fheárr aige, 'ná tá sí agat-sa go fóil. Anois caid é thig leat a rádh ar do shon féin? An rabh do bhreitheamhnas ceart nó ionnruice? Acht, má tá foighid agat, éisd liom, go d-taisbeanfaidh mé dhuit an cineul Gaedhilge a sgriobhann tú féin, agus glacfaidh mé mar shómpla an breathnughadh a thug tú ar an Teagasg Críostaighe. 1. "Seo é an dara cur amach de'n leabhar so." Ní Gaedhilic seo, acht Gall-Ghaedhilic, mar deir tú
féin. Is dóighche go d-tug tú iarrachd a rádh, gur bh'é seo an dara clódh dhe'n leabhar seo, no, gur bh'é seo an dara h-uair do'n leabhar seo a theacht amach, etc.. 2. "Siúd agus go bh-fuil sé beag, tá a lán ann, agus is dócha go m-bítear d'a léigheadh go coitchionnta i d-Tír Chonaill mar gheall air sin." Cuir Beurla air "tá a lán ann;" its full is in it, nach é sin é? 'Sé'n rud a bhí ann do cheann b'fhéidir, tá móran ann, no, tá cuid mhór ann, etc.. "Mar geall air sin;" mar gheall ar chaid é? "A lán a bheith ann" an eadh? Shílfeadh móran daoine gur siocair an leabhar a bheith 'na Theagasg Críostaighe i nGaedhilic, a léighfídhe', acht is cosamhuil go bh-fuil siad meallta. 3. "Táid na h-Urnaighthe agus an Teagasg go maith" The Prayers and the Doctrine are well. Feuch thú féin, an Gaedhilic no Beurla seo! 4. "Caid é an mhaith "ann Iosa Críost"." A Ghaedhilictheoir, cuir Beurla ar seo má thig leat, acht bheirim do dhúbhshlan sin a dheanadh. Tá na h-earraideacha a leanas ar fághail anns an sgríbhín chéadna "gur ab é rud d'fhág" (= gur ab é an rud a d'fhág); corr-fhocal (= corr focal) "an iomad dúla ag" (an iomad dúile a tá ag); "nach ann do chítear" (= ?); "ní de'n Ultachas féin iad" (?); "i g-cló niachan nídh-sa-bhfeárr" (I. ??), etc.. Ní sgríobhfainn aon fhocal amháin chugat fá d-taobh de do bhreith ar an Ghaedhilic a tá anns an Teagasg Críostaighe, muna b'é go d-tug tú iarrachd dochair a dheanadh do'n chlódhadoir, fear cneasda, ionnruice, nach bh-fuil ag cur chugat nó uait, agus a tá ag deanamh a dhíthchill beatha do shaorthadh do féin agus d'a chúram. Is goirid ó bhí tú ag fághail lochd ar Ghaedhilic an Athar Uí Dhuinín agus ar Ghaedhilic an Chraoibhín Aoibhinn agus is cosamhail go dearn tú dearmad de'n ghreadadh a thug an bhean uasal Ní Bortúic duit anns an Leader, mar gheall ar sin. Acht glac cómhairle agus na bídheadh do pheann tomtha chomh minic i n-domblas agat, agus cuimhnigh go m-"beirtear ar níos mó cuileog le mil 'ná le fíon geur," agus go g-ceannóchaidh níos mó daoine "Irisleabhar na Gaedhilge" má sgríobhann tú ann go ríbhíalta ná má bhídheainn tú d'Ismaeliteach, le do láimh anaghaidh gach duine. Mise, SEAGHAN S. MAC A'BHÁIRD. Na Cealla Beaga, 20adh de Ocht-mhí, 1901. (Ní gábhadh mórán do rádh i bhfreagra ar an litir seo thuas. Tá an sgríbhneoir i bhfad ar fiarán ó'n dearbh, agus ní hiongnadh sain. Maidir leis an gcéad rud, cuir i gcás an focal "congbháil," ní fhéadfaidhe fuaim íochtair na hÉireann do bhaint a "congbhail," agus gurab ionann -ail 'sa' litriughadh sain agus -il gan brígh an ghotha air; ní mar sin do-bheir an t-Ultach an siollab leis acht is é rud adeir sé -eail agus nach feárr go mór chuige sin an litriughadh atá riamh ann .i. -áil, 'ná -ail? Dúil agus an-dúil i gcanamhnachas fá ndear dó -ail do chur síos, cé gur nídh gan bun é! I dtaoibh "ar sin," an amhlaidh do sgríobhfadh fear na litre "le sin" i n-ionad "leis sin" ar an nós céadna? Ní fhéadann "so," "sin" ná "súd" seasamh i n-a aonar, má cuirtear réamhfhocal roimhe. Má's fíor go bhfaghthar tuathail litrighthe ins na foclóiríbh agus i leabhraibh nach iad, ní fhágann sain go bhfuilid 'na gceart. 1 Sean-chara le fear na litre do sgríobh "cur amach" 'sa' chás so ar dtúis, sin é, Seaghán Pléimionn, agus ní dócha gur Béarlachas é. 2 B'fhéidir ná tuigeann an sgríbhneóir "tá a lán ann"'; dá dtuigeadh, ní sgríobhfadh sé a bhfuil thíos aige. Cad chuige 'g-ar sgríobh sé "mar gheall ar chaid é?" Nach é an ceart "Caidé mar gheall air?" 3 Tá dhá bhrígh le "go maith", má's fíor a gcluintear. 4 Sin é, caidé an mhaith do dhuine "ann Íosa Críost" do sgríobhadh mar gheall ar shíor- dhúil i dtuathal litrighthe, agus an ceart "i n-Íosa Críost" os comhair a shúl gach éan-lá? Maidir leis na "h-earraideacha," ní gábhadh freagra. Dá mbíodh "gurab é rud d'fhág" 'na thuathal, do bheadh an Ghaedhilg féin 'na tuathal. Ní féidir d'éinneach dochar do dhéanamh do'n chlodhadóir, agus dá mb' fhéidir féin, ní dhéanfadh duine ar domhan é; ní raibh fear na litre ag cuimhniughadh air féin nuair a sgríobh sé a leithéid. Moladh mór is eadh an leasainm "Ismaelíteach," cé nach Gaedhilgeachas é, mar is dearbh go gcuireann sé i gcéill do'n tsluagh nach claon an tá ar a nglaodhtar é. Ní domblas do cleachtadh annso riamh acht mion- sgrúdughadh fírinneach. Acht faraor! ní fhuilngid Gaedhil a mionsgrúdughadh. Moladh gan machtnamh is fearr leo, agus ráiméis nó pléis am is eadh a shamhail. - F. an I..)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services