Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhfhreagairt.

Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Mac a'Bháird, S. S.,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓIMHFHREAGAIRT.



A Eagarthoir an Irisleabhair, - Léig damh beagan
focal a rádh i d-taoibh an bhreitheamhnuis a thug tú ar
an Teagasg Críostaighe, fa choinne Díoghoise Rath-Bhoth.
Deir tú go bh-fuil "droch-chló agus droch-litriughadh thall
agus i bhfus ann," agus bheir tú mar shómpla na focla seo: -



"diongmalta" (diongmhálta), an litriughadh céadna,
"congbhail" (congbháil), an litriughadh céadna,
"tógbhail" (tógbháil), an litriughadh céadna,
"spioradalta" (spioradálta), an litriughadh céadna,
"oibliogaid" (oibliogáid), an litriughadh céadna,
"purgadoir" (purgadóir), an litriughadh céadna,
"ar féin" (air féin), an litriughadh céadna.



H-innseadh damh, tamall beag ó shoin, nár chóir air
do sgríobh acht nuair budh Bheurla dó, on him, on it;
agus is anns an Irisleabhar a h-innseadh damh é.



Chidh an uile dhuine gur b'ionnan litriughadh do na
foclaibh shuas anns an Teagasg Críostaighe agus mar tá
siad agat-sa. B'fhéidir gur b'é an rud a bhí dúil agat
a rádh, nach bh-fuil na cómharthuidhe ós cionn na nguth
mar budh mhaith leat-sa acht is olc an iarrachd a thug
tú air.



Gheibh tú lochd mar a g-céadna ar leath dhuisin eile
focal, .i. "fiachamhnaibh," "ní sheadh," "ionnan,"
"déighionach," "éadóthchas" agus "ann Íosa Críost."
Gheobhthaidh tú "ionnan," "déighionach" agus "éadóthchas"
mar seo anns na foclóiribh, má chuireann tú buaidhreadh
ort féin amharc annta. Gheobhthaidh tú "ní sheadh"
anns an Bhíobla ag Matha v. 38 agus i g-Corintianach I.
17, 18, 19. Gheobhthaidh tú "ann Íosa Críost," agus
"fiachamhnaibh" i d-Teagasg Críostaighe Sheaghain Mhic
h-Áile, Árd-Easboc, Thuama, an lá a mhair sé, agus sílim
agus tá mé cinnte dhe, go rabh an Ghaedhilic lán ní b'fheárr
aige, 'ná tá sí agat-sa go fóil.



Anois caid é thig leat a rádh ar do shon féin? An
rabh do bhreitheamhnas ceart nó ionnruice? Acht, má
tá foighid agat, éisd liom, go d-taisbeanfaidh mé
dhuit an cineul Gaedhilge a sgriobhann tú féin, agus
glacfaidh mé mar shómpla an breathnughadh a thug tú
ar an Teagasg Críostaighe.



1. "Seo é an dara cur amach de'n leabhar so."
Ní Gaedhilic seo, acht Gall-Ghaedhilic, mar deir tú


L. 191


féin. Is dóighche go d-tug tú iarrachd a rádh, gur bh'é
seo an dara clódh dhe'n leabhar seo, no, gur bh'é seo
an dara h-uair do'n leabhar seo a theacht amach, etc..



2. "Siúd agus go bh-fuil sé beag, tá a lán ann, agus
is dócha go m-bítear d'a léigheadh go coitchionnta i
d-Tír Chonaill mar gheall air sin." Cuir Beurla air
"tá a lán ann;" its full is in it, nach é sin é? 'Sé'n
rud a bhí ann do cheann b'fhéidir, tá móran ann, no,
tá cuid mhór ann, etc.. "Mar geall air sin;" mar
gheall ar chaid é? "A lán a bheith ann" an eadh?
Shílfeadh móran daoine gur siocair an leabhar a bheith
'na Theagasg Críostaighe i nGaedhilic, a léighfídhe', acht
is cosamhuil go bh-fuil siad meallta.



3. "Táid na h-Urnaighthe agus an Teagasg go maith"
The Prayers and the Doctrine are well. Feuch thú
féin, an Gaedhilic no Beurla seo!



4. "Caid é an mhaith "ann Iosa Críost"." A
Ghaedhilictheoir, cuir Beurla ar seo má thig leat, acht
bheirim do dhúbhshlan sin a dheanadh.



Tá na h-earraideacha a leanas ar fághail anns an
sgríbhín chéadna "gur ab é rud d'fhág" (= gur ab é
an rud a d'fhág); corr-fhocal (= corr focal) "an
iomad dúla ag" (an iomad dúile a tá ag); "nach
ann do chítear" (= ?); "ní de'n Ultachas féin iad"
(?); "i g-cló niachan nídh-sa-bhfeárr" (I. ??), etc..



Ní sgríobhfainn aon fhocal amháin chugat fá d-taobh
de do bhreith ar an Ghaedhilic a tá anns an Teagasg
Críostaighe, muna b'é go d-tug tú iarrachd dochair a
dheanadh do'n chlódhadoir, fear cneasda, ionnruice,
nach bh-fuil ag cur chugat nó uait, agus a tá ag deanamh a
dhíthchill beatha do shaorthadh do féin agus d'a chúram. Is
goirid ó bhí tú ag fághail lochd ar Ghaedhilic an Athar
Uí Dhuinín agus ar Ghaedhilic an Chraoibhín Aoibhinn agus is
cosamhail go dearn tú dearmad de'n ghreadadh a thug
an bhean uasal Ní Bortúic duit anns an Leader, mar
gheall ar sin. Acht glac cómhairle agus na bídheadh do
pheann tomtha chomh minic i n-domblas agat, agus cuimhnigh
go m-"beirtear ar níos mó cuileog le mil 'ná le
fíon geur," agus go g-ceannóchaidh níos mó daoine
"Irisleabhar na Gaedhilge" má sgríobhann tú ann go
ríbhíalta ná má bhídheainn tú d'Ismaeliteach, le do
láimh anaghaidh gach duine.



Mise,



SEAGHAN S. MAC A'BHÁIRD.
Na Cealla Beaga,
20adh de Ocht-mhí, 1901.



(Ní gábhadh mórán do rádh i bhfreagra ar an litir
seo thuas. Tá an sgríbhneoir i bhfad ar fiarán ó'n
dearbh, agus ní hiongnadh sain. Maidir leis an gcéad
rud, cuir i gcás an focal "congbháil," ní fhéadfaidhe
fuaim íochtair na hÉireann do bhaint a "congbhail,"
agus gurab ionann -ail 'sa' litriughadh sain agus -il gan brígh
an ghotha air; ní mar sin do-bheir an t-Ultach an
siollab leis acht is é rud adeir sé -eail agus nach feárr
go mór chuige sin an litriughadh atá riamh ann .i. -áil,
'ná -ail? Dúil agus an-dúil i gcanamhnachas fá ndear
dó -ail do chur síos, cé gur nídh gan bun é! I dtaoibh
"ar sin," an amhlaidh do sgríobhfadh fear na litre
"le sin" i n-ionad "leis sin" ar an nós céadna?
Ní fhéadann "so," "sin" ná "súd" seasamh i n-a
aonar, má cuirtear réamhfhocal roimhe. Má's fíor
go bhfaghthar tuathail litrighthe ins na foclóiríbh agus i
leabhraibh nach iad, ní fhágann sain go bhfuilid 'na gceart.
1 Sean-chara le fear na litre do sgríobh "cur amach"
'sa' chás so ar dtúis, sin é, Seaghán Pléimionn, agus ní
dócha gur Béarlachas é. 2 B'fhéidir ná tuigeann an
sgríbhneóir "tá a lán ann"'; dá dtuigeadh, ní sgríobhfadh
sé a bhfuil thíos aige. Cad chuige 'g-ar sgríobh sé
"mar gheall ar chaid é?" Nach é an ceart "Caidé
mar gheall air?" 3 Tá dhá bhrígh le "go maith", má's
fíor a gcluintear. 4 Sin é, caidé an mhaith do dhuine
"ann Íosa Críost" do sgríobhadh mar gheall ar shíor-
dhúil i dtuathal litrighthe, agus an ceart "i n-Íosa Críost"
os comhair a shúl gach éan-lá? Maidir leis na
"h-earraideacha," ní gábhadh freagra. Dá mbíodh
"gurab é rud d'fhág" 'na thuathal, do bheadh an Ghaedhilg
féin 'na tuathal. Ní féidir d'éinneach dochar do
dhéanamh do'n chlodhadóir, agus dá mb' fhéidir féin, ní
dhéanfadh duine ar domhan é; ní raibh fear na litre
ag cuimhniughadh air féin nuair a sgríobh sé a leithéid.
Moladh mór is eadh an leasainm "Ismaelíteach," cé
nach Gaedhilgeachas é, mar is dearbh go gcuireann sé
i gcéill do'n tsluagh nach claon an tá ar a nglaodhtar
é. Ní domblas do cleachtadh annso riamh acht mion-
sgrúdughadh fírinneach. Acht faraor! ní fhuilngid
Gaedhil a mionsgrúdughadh. Moladh gan machtnamh is
fearr leo, agus ráiméis nó pléis am is eadh a shamhail. -
F. an I..)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services