Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Dán-mholta an Athar Tiobóid Maitiú.
Title
Filidheacht. Dán-mholta an Athar Tiobóid Maitiú.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÁN-MHOLTA AN ATHAR TIOBÓID MAITIÚ. [Mar d'aithris Máirtín O Murchadha é. Dubhairt sé gur 'san mbliadhain 1839 fuair sé é, as "ballad" do cheannaigh sé ar leath- phinginn istigh i gCorcaigh.] Im' labhartha' béil ba mhéinn liom aithris, Gur as meisge do léimeann craos agus mall- uightheacht; Gur ab é masladh na gcomharsan is mó do leanann sé, Do sgriosann Mac Dé as péarla cheannuigh sé, Leabhair d'a spalpadh, Agus Críost i n-earraid linn, Mo chumha bróin, mar gheall ar an ól. As meisge do shíolruigh bruighean agus achrann, Agus fuil na gcómharsan ar fhódaibh tarr- aingthe; Spalpadh na mionn d'a dtabhairt go tarcuis- neach; I bhfíor 's i n-éiteach féibh mar do thagann siad; 'S múchadh an anama, Ó'n bPrionnsa cheannuigh é; D'á losgadh go deo, mar gheall ar an ól. Labhrann an bhrúid, 's a dhúil 'san achrann, Is mór é an gníomh (bheith) ag maoidheamh a ngaisge dhóibh; Is iad riaghlacha an Diabhail is fíor go lean- ann siad, Gan géilleadh chum Íosa Críost do cheannuigh iad; Acht agus tabhairt Rí na bhFlaitheas ngeal Go gcaillfeadh Sé an t-anam leo, Ó'n bpéarla óir mar gheall ar an ól. Nuair phreabaid go dána go tábhairne an ragairne, Diúgaid an baraille, bruighean go dtarrain- gid, 'Sin Críost d'a spalpadh aca, 's Rí na bFlaitheas ngeal, An t-Uan-mhac Beannuighthe is cruaidh do cheannuigh iad, Ar an daor-chrois ceangailte Ag taosgadh an allais de, 'Na ainm gan speois, de dheasgaibh an óil. Is iomdha fear leathan láidir grádhmhar greannmhar, Do cuireadh chum báis go báidhte basgtha, Do luigh chum achrainn craois, agus malluigh- theacht', Ag raobadh aitheanta Dé, 's na hEaglaise, 'S ag cur a anam' go bráth Ó'n stát do gealladh do, Fa sgamallaibh bróin, de dheasgaibh an óil.
Tá an t-Athair Tiobóid naomhtha séimh-ghlan eadrainn, Ag teagasg na dtréadta ó dhaor-bhreith damanta, Le grása' an Athair-mhic tá ins na Flaitheas- aibh; Mar nach bhfuil ins an tsaoghal so acht sgéimh nach leanann sinn: Tá aoibhneas ceannuighthe Ag Dia le fada dhúinn, Níos feár mar stór 'ná mearbhal óil, Tiocfaidh Measardhacht saor le chéile, geall- aim díbh, Ó chogadh na bpiléar, d'a thréine caithfear leo; Ná tuigeadh aon n-aon gur claon ná bladar é, Ná gurab é sgéimh an anama an stát is fearr dóibh, Agus leabadh go bráth Le fagháil ó'n Athair-mhac, I gCathair na gComhacht, mar dhíolfar 'san ól. Tá an t-Athair Tiobóid soillseach greidhea- nach teagascgach, Is breágh é a oighreacht le roinnt do'n té ghlacfaidh é; An te thógfaidh a chomhairle is cóir do lean- acht de; Mar is teachtaire ó Íosa Críost ar talamh é, Tá na mílte casta aige Ó chlúid an pheacaidh dhuibh: Is sia é a chló (chlú?) ná tarcuisne an óil. (A chríoch sain.) [Bhí "Father Mathew" dhá uair ins an abhrán thuas ag Máirtín agus do chuireas síos "An t-Athair Tiobóid" 'na n-ionad: Bhí "Temperance" aige leis agus chuireas síos "Measardhacht" 'na ionad.] Tadhg ó Donnchuda.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services