Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Dán-mholta an Athar Tiobóid Maitiú.

Title
Filidheacht. Dán-mholta an Athar Tiobóid Maitiú.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 184


DÁN-MHOLTA AN ATHAR TIOBÓID
MAITIÚ.



[Mar d'aithris Máirtín O Murchadha é.
Dubhairt sé gur 'san mbliadhain 1839 fuair
sé é, as "ballad" do cheannaigh sé ar leath-
phinginn istigh i gCorcaigh.]



Im' labhartha' béil ba mhéinn liom aithris,
Gur as meisge do léimeann craos agus mall-
uightheacht;
Gur ab é masladh na gcomharsan is mó do
leanann sé,
Do sgriosann Mac Dé as péarla cheannuigh
sé,



Leabhair d'a spalpadh,
Agus Críost i n-earraid linn,
Mo chumha bróin, mar gheall ar an ól.



As meisge do shíolruigh bruighean agus achrann,
Agus fuil na gcómharsan ar fhódaibh tarr-
aingthe;
Spalpadh na mionn d'a dtabhairt go tarcuis-
neach;
I bhfíor 's i n-éiteach féibh mar do thagann
siad;



'S múchadh an anama,
Ó'n bPrionnsa cheannuigh é;
D'á losgadh go deo, mar gheall ar an ól.



Labhrann an bhrúid, 's a dhúil 'san achrann,
Is mór é an gníomh (bheith) ag maoidheamh a
ngaisge dhóibh;
Is iad riaghlacha an Diabhail is fíor go lean-
ann siad,
Gan géilleadh chum Íosa Críost do cheannuigh
iad;



Acht agus tabhairt Rí na bhFlaitheas
ngeal
Go gcaillfeadh Sé an t-anam leo,
Ó'n bpéarla óir mar gheall ar an ól.



Nuair phreabaid go dána go tábhairne an
ragairne,
Diúgaid an baraille, bruighean go dtarrain-
gid,
'Sin Críost d'a spalpadh aca, 's Rí na
bFlaitheas ngeal,
An t-Uan-mhac Beannuighthe is cruaidh do
cheannuigh iad,



Ar an daor-chrois ceangailte
Ag taosgadh an allais de,
'Na ainm gan speois, de dheasgaibh an óil.



Is iomdha fear leathan láidir grádhmhar
greannmhar,
Do cuireadh chum báis go báidhte basgtha,
Do luigh chum achrainn craois, agus malluigh-
theacht',
Ag raobadh aitheanta Dé, 's na hEaglaise,
'S ag cur a anam' go bráth
Ó'n stát do gealladh do,
Fa sgamallaibh bróin, de dheasgaibh an
óil.


L. 185


Tá an t-Athair Tiobóid naomhtha séimh-ghlan
eadrainn,
Ag teagasg na dtréadta ó dhaor-bhreith
damanta,
Le grása' an Athair-mhic tá ins na Flaitheas-
aibh;
Mar nach bhfuil ins an tsaoghal so acht sgéimh
nach leanann sinn:



Tá aoibhneas ceannuighthe
Ag Dia le fada dhúinn,
Níos feár mar stór 'ná mearbhal óil,



Tiocfaidh Measardhacht saor le chéile, geall-
aim díbh,
Ó chogadh na bpiléar, d'a thréine caithfear leo;
Ná tuigeadh aon n-aon gur claon ná bladar
é,
Ná gurab é sgéimh an anama an stát is
fearr dóibh,
Agus leabadh go bráth
Le fagháil ó'n Athair-mhac,
I gCathair na gComhacht, mar dhíolfar
'san ól.



Tá an t-Athair Tiobóid soillseach greidhea-
nach teagascgach,
Is breágh é a oighreacht le roinnt do'n té
ghlacfaidh é;
An te thógfaidh a chomhairle is cóir do lean-
acht de;
Mar is teachtaire ó Íosa Críost ar talamh é,
Tá na mílte casta aige
Ó chlúid an pheacaidh dhuibh:
Is sia é a chló (chlú?) ná tarcuisne an
óil.



(A chríoch sain.)



[Bhí "Father Mathew" dhá uair ins an
abhrán thuas ag Máirtín agus do chuireas síos
"An t-Athair Tiobóid" 'na n-ionad: Bhí
"Temperance" aige leis agus chuireas síos
"Measardhacht" 'na ionad.]



Tadhg ó Donnchuda.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services