Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Croch Chloiche Chille an Ríogh.
Title
Sgéalaidheacht. Croch Chloiche Chille an Ríogh.
Author(s)
Ua Cearbhaill, Pádraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CROCH CHLOICHE CHILLE AN RÍOGH. Tá Baile Challain i gCondae Chille Cain- nigh suidhte ar "Abhainn an Ríogh." Tá éirghe na habhann so i gcnocaibh Chille-cúile. Tá "Abha na Muimhneach," mar ainm uirri, idir Bhaile an Gharrdha agus Cill na Manach. Tá sí ag rith roimpi go Cill an Ríogh, idir Challain agus Cill Chainnigh. Ins an tseanaimsir do bhídis ár sinsir ag deunamh chogaidh ar a chéile i gcomhnuidhe. D'fásadar euda suas eatorra, agus thángadar dhe sin fuath, imreasán, díoghbháil agus cogadh. Nuair do tháinic an namhaid choitchionn, dob' olc an cath do dheineadar. Faraor geur! Ná fuil an sgeul céadna againn indiu? I lár an naomhadh ceud bliadhan, do smuain Niall Caille, Airdrí na h-Éireann, cara d'á cháirdibh d'ar bh'ainm O Faoláin do chur ar chathaoir ríoghdha Laighean. Do tháinic sé le n-a chath-shluaightibh tríd an Múmhain, agus isteach i gcúigeadh Laighean i bhfogus do Challain. Do tháinic sé ar bhruach de bhrua- chaibh na h-abhann úd idir Challain agus Cill Chainnigh. Dubhairt sé le ceann dá cheathar- nachaibh doimhne na h-abhann do dhearbhadh.
Do chuaidh an fear isteach. Do bhí an abha doimhin. Do bhí sé ag tuitim ins an uisge, agus do léim an Rí isteach d'á shaoradh. Do báidheadh iad araon, agus do tugadh "Abha an Ríogh" ar an abhainn mar ainm. Do tógadh cill i bhfogus don bhall so, agus cloigtheach. I gceann aimsire do cuireadh croch chloiche ina seasamh i bhfogus do'n chill, agus annsin atá sí 'na seasamh indiu, mar leic follas an-mhór agus gan sgríbhinn ná comhartha ar bith uirri chum a sgéil d'innsint dúinn. PÁDRAIG UA CEARBHAILL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services