Tá Baile Challain i gCondae Chille Cain-
nigh suidhte ar "Abhainn an Ríogh." Tá
éirghe na habhann so i gcnocaibh Chille-cúile.
Tá "Abha na Muimhneach," mar ainm uirri,
idir Bhaile an Gharrdha agus Cill na Manach.
Tá sí ag rith roimpi go Cill an Ríogh, idir
Challain agus Cill Chainnigh.
Ins an tseanaimsir do bhídis ár sinsir ag
deunamh chogaidh ar a chéile i gcomhnuidhe.
D'fásadar euda suas eatorra, agus thángadar
dhe sin fuath, imreasán, díoghbháil agus cogadh.
Nuair do tháinic an namhaid choitchionn, dob'
olc an cath do dheineadar. Faraor geur!
Ná fuil an sgeul céadna againn indiu?
I lár an naomhadh ceud bliadhan, do smuain
Niall Caille, Airdrí na h-Éireann, cara
d'á cháirdibh d'ar bh'ainm O Faoláin do chur
ar chathaoir ríoghdha Laighean. Do tháinic sé
le n-a chath-shluaightibh tríd an Múmhain, agus
isteach i gcúigeadh Laighean i bhfogus do
Challain. Do tháinic sé ar bhruach de bhrua-
chaibh na h-abhann úd idir Challain agus Cill
Chainnigh. Dubhairt sé le ceann dá cheathar-
nachaibh doimhne na h-abhann do dhearbhadh.
Do chuaidh an fear isteach. Do bhí an abha
doimhin. Do bhí sé ag tuitim ins an uisge,
agus do léim an Rí isteach d'á shaoradh. Do
báidheadh iad araon, agus do tugadh "Abha an
Ríogh" ar an abhainn mar ainm.
Do tógadh cill i bhfogus don bhall so, agus
cloigtheach. I gceann aimsire do cuireadh
croch chloiche ina seasamh i bhfogus do'n chill,
agus annsin atá sí 'na seasamh indiu, mar leic
follas an-mhór agus gan sgríbhinn ná comhartha
ar bith uirri chum a sgéil d'innsint dúinn.
PÁDRAIG UA CEARBHAILL.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11