CROCH CHLOICHE CHILLE AN RÍOGH.
Tá Baile Challain i gCondae Chille Cain-
nigh suidhte ar "Abhainn an Ríogh."  Tá 
éirghe na habhann so i gcnocaibh Chille-cúile.
Tá "Abha na Muimhneach," mar ainm uirri,
idir Bhaile an Gharrdha agus Cill na Manach.
Tá sí ag rith roimpi go Cill an Ríogh, idir
Challain agus Cill Chainnigh.
Ins an tseanaimsir do bhídis ár sinsir ag 
deunamh chogaidh ar a chéile i gcomhnuidhe.
D'fásadar euda suas eatorra, agus thángadar 
dhe sin fuath, imreasán, díoghbháil agus cogadh.
Nuair do tháinic an namhaid choitchionn, dob' 
olc an cath do dheineadar.  Faraor geur!
Ná fuil an sgeul céadna againn indiu?
I lár an naomhadh ceud bliadhan, do smuain
Niall Caille, Airdrí na h-Éireann, cara 
d'á cháirdibh d'ar bh'ainm O Faoláin do chur 
ar chathaoir ríoghdha Laighean.  Do tháinic sé 
le n-a chath-shluaightibh tríd an Múmhain, agus 
isteach i gcúigeadh Laighean i bhfogus do 
Challain.  Do tháinic sé ar bhruach de bhrua-
chaibh na h-abhann úd idir Challain agus Cill
Chainnigh.  Dubhairt sé le ceann dá cheathar-
nachaibh doimhne na h-abhann do dhearbhadh.
 
Do chuaidh an fear isteach.  Do bhí an abha
doimhin.  Do bhí sé ag tuitim ins an uisge,
agus do léim an Rí isteach d'á shaoradh.  Do 
báidheadh iad araon, agus do tugadh "Abha an 
Ríogh" ar an abhainn mar ainm.
Do tógadh cill i bhfogus don bhall so, agus 
cloigtheach.  I gceann aimsire do cuireadh
croch chloiche ina seasamh i bhfogus do'n chill,
agus annsin atá sí 'na seasamh indiu, mar leic
follas an-mhór agus gan sgríbhinn ná comhartha
ar bith uirri chum a sgéil d'innsint dúinn.
PÁDRAIG UA CEARBHAILL.