Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Figheadóir an Ghleanna Chaim.
Title
Sgéalaidheacht. Figheadóir an Ghleanna Chaim.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÍGHEADÓIR AN GHLEANNA CHAIM. Roinnt mhór bhliadhanta ó shoin, do chomhnuigh fígheadhóir 'san nGleann Cham cúpla míle ó Maghchromdha i gCondae Chorcaighe. 'San am sain ceárd
mhaith dob' eadh fígheadóireacht, acht chum fillthe ar mo sgéal, do bhí oiread le déanamh ag an bhfígheadóir seo, gur bh'éigion do buachaill do thógaint chum cabhruighthe leis. An fhaid do bhí an sean-bhuachaill ag gabháil do fhígheadóireacht níor casadh leithéid an bhuachalla leis. Do dheineadh sé oiread le haon triúr fear, do oibrigheadh sé chómh dúthrachtach sain. Do bhí aon inghean amháin ag an bhfígheadóir, is cheap sé in' aigne gur mhaith an rud í thabhairt i gcleamhnas do'n bhfígheadóir óg. Thug sé, mar seo, fé n-a cómhair é lá, is dar ndóigh bhí an fígheadóir óg sásta. Do pósadh iad láithreach baill, 's is iad do mhair go sásta i bhfochair a chéile. Bhí mór-chuid oibre ag teacht isteach chúcha gach lá. Beagán bliadhanta tar éis é phósadh do mhéaduigh an gnó, is bhí sé ag obair go dícheallach lá. Lé bárr an fhuadair do bhí fé, sgeinn ceann dos na spóil uaidh is buaileadh le fuinneamh é thall cois an bhalla. Do léim sé láithreach anuas do'n seól is dhein sé ar an dtuaigh do bhí sa chúinne, chum na lámha do sgiobadh de féin! "Cad é sin ort nó a bhfuileann tú ar buile?" ars' an sean-fhígheadóir. "Nílim, ar aon-chor," ars' an fígheadóir óg. "A bhfeiceann tú Dia idir sinn 's a' t-olc? Dhá mbeadh mo mhac 'san áit gur bhuail an spól ó chianaibh, bhí sé marbh gan sagart gan bhráthair. Níos túisge ná thuit- feadh a leithéid amach coidhche arís dam, bainfead an lámh díom leis an dtuaigh so." "Ar mh'anam ná bainfir," ars' an sean- fhígheadóir. Do rugadar go lom daingean air, agus tar éis moráin taithint, do choisgeadar é. "Seadh," ars' an sean-fhígheadóir, "siúbh- lóchad an domhan go léir, is ní fhillfead thar n-ais go dteagmhóchaidh amadán éigin liom níos mnó ná tú." Do thóg an sean-fhígheadóir leis a chleith go moch ar maidin, is ghaibh sé a leith Droichead Nua Maghchromdha, siar leis an tsráid go ráinig sé do'n tsean-dhroichead. Casadh beirt fhear ar a chéile annsain. D'fhiafruigh Dine aco de'n duine eile ar cheannuigh sé na huain ag an aonach. Dúbhairt sé nár cheannuigh. "Budh mhaith an mhaise dhuit é, mar, dá ndéanfá, do bhainfinn-se dhíot iad," ars' an duine eile. "Cuirim i gcás go bhfuil na huain anois ar lár an droichid; feicim anois a bhféadfá iad do bhaint díom," arsa fear an aonaigh. Seo iad araon ag sárughadh na n-uan, mar 'dheadh. Is gairid, 'san tsárughadh dhóibh, gur chuadar i sgórnachaibh a chéile. Do thosnuigh an bhruighean agus do sgéithigh an fhuil ar fuaid an bhóthair. Bhí an fígheadóir ag féachaint i gcómhnuidhe ar an obair. Tháinig daoine éigin suas do choisg an bhruighean, is tharr- aingeadar síothcháin eatorra. Ghaibh fear anuas ó'n muilionn agus braithlín mhine coirce aige ar dhrom capaill bháin. Do fhiafrúigh duine éigin de cad fé ndéar an bhruighean, is dhruid sé isteach leis an ndroichead, is d'osgail sé amach an braithlín is sgaoil sé an mhin lé fánaidh na habhann. Do bhain sé crothadh as a' mbraithlín os cionn an droichid, is níor fhág sé fiú aon ghráinne amháin uirthe. "A bhfeiceann tú an braithlín sin leis an nduine eile," ars' eision. "Chídhim," adubhairt an fear eile. "Ní fiú a bhfuil de mhin choirce ar an mbraithlín sin an cás ó thosach go deire," arsa fear an chapaill bháin. Bhí an fígheadóir ag féachaint ar an obair i gcómhnuidhe agus do bhris ar an bhfoighne aige.
"Do shaoileas, dá siubhlóchain Éire ná buailfeadh aon amadáin umam chómh mór leis an amadán atá agam ag baile, is go deimhin shaoileas go raibh sé sin mór go maith, acht do bhuaidh sibh-se ar a bhfeaca riamh, agus go mór mór fear na mine coirce. Rachad a bhaile is geóbhad lem' amadán féin," ars' an fígheadóir. Thiomáin sé leis soir agus bhí sé go mór luath ag an nGleann Cham, is d'fhan sé an chuid eile d'á shaoghal i bhfochair an fhígheadóra óig. DONNCHADH Ó LAOGHAIRE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services