Roinnt mhór bhliadhanta ó shoin, do 
chomhnuigh fígheadhóir 'san nGleann
Cham cúpla míle ó Maghchromdha i 
gCondae Chorcaighe.  'San am sain ceárd
mhaith dob' eadh fígheadóireacht, acht chum 
fillthe ar mo sgéal, do bhí oiread le déanamh 
ag an bhfígheadóir seo, gur bh'éigion do 
buachaill do thógaint chum cabhruighthe leis.
An fhaid do bhí an sean-bhuachaill ag gabháil
do fhígheadóireacht níor casadh leithéid an 
bhuachalla leis.  Do dheineadh sé oiread le 
haon triúr fear, do oibrigheadh sé chómh 
dúthrachtach sain.  Do bhí aon inghean amháin 
ag an bhfígheadóir, is cheap sé in' aigne gur 
mhaith an rud í thabhairt i gcleamhnas do'n 
bhfígheadóir óg.
Thug sé, mar seo, fé n-a cómhair é lá, is 
dar ndóigh bhí an fígheadóir óg sásta.  Do 
pósadh iad láithreach baill, 's is iad do mhair 
go sásta i bhfochair a chéile.
Bhí mór-chuid oibre ag teacht isteach chúcha 
gach lá.  Beagán bliadhanta tar éis é phósadh 
do mhéaduigh an gnó, is bhí sé ag obair go 
dícheallach lá.  Lé bárr an fhuadair do bhí 
fé, sgeinn ceann dos na spóil uaidh is 
buaileadh le fuinneamh é thall cois an bhalla.
Do léim sé láithreach anuas do'n seól 
is dhein sé ar an dtuaigh do bhí sa chúinne,
chum na lámha do sgiobadh de féin!
"Cad é sin ort nó a bhfuileann tú ar 
buile?" ars' an sean-fhígheadóir.
"Nílim, ar aon-chor," ars' an fígheadóir 
óg.
"A bhfeiceann tú Dia idir sinn 's a'
t-olc?  Dhá mbeadh mo mhac 'san áit gur 
bhuail an spól ó chianaibh, bhí sé marbh gan 
sagart gan bhráthair.  Níos túisge ná thuit-
feadh a leithéid amach coidhche arís dam,
bainfead an lámh díom leis an dtuaigh so."
"Ar mh'anam ná bainfir," ars' an sean-
fhígheadóir.
Do rugadar go lom daingean air, agus 
tar éis moráin taithint, do choisgeadar é.
"Seadh," ars' an sean-fhígheadóir, "siúbh-
lóchad an domhan go léir, is ní fhillfead thar 
n-ais go dteagmhóchaidh amadán éigin liom 
níos mnó ná tú."
Do thóg an sean-fhígheadóir leis a chleith 
go moch ar maidin, is ghaibh sé a leith Droichead
Nua Maghchromdha, siar leis an tsráid go 
ráinig sé do'n tsean-dhroichead.  Casadh 
beirt fhear ar a chéile annsain.  D'fhiafruigh 
Dine aco de'n duine eile ar cheannuigh sé 
na huain ag an aonach.  Dúbhairt sé nár 
cheannuigh.
"Budh mhaith an mhaise dhuit é, mar, dá 
ndéanfá, do bhainfinn-se dhíot iad," ars' an
duine eile.
"Cuirim i gcás go bhfuil na huain anois
ar lár an droichid; feicim anois a bhféadfá 
iad do bhaint díom," arsa fear an aonaigh.
Seo iad araon ag sárughadh na n-uan, mar 
'dheadh.  Is gairid, 'san tsárughadh dhóibh, gur 
chuadar i sgórnachaibh a chéile.  Do thosnuigh
an bhruighean agus do sgéithigh an fhuil ar fuaid
an bhóthair.  Bhí an fígheadóir ag féachaint i 
gcómhnuidhe ar an obair.  Tháinig daoine 
éigin suas do choisg an bhruighean, is tharr-
aingeadar síothcháin eatorra.
Ghaibh fear anuas ó'n muilionn agus braithlín
mhine coirce aige ar dhrom capaill bháin.
Do fhiafrúigh duine éigin de cad fé ndéar 
an bhruighean, is dhruid sé isteach leis 
an ndroichead, is d'osgail sé amach an 
braithlín is sgaoil sé an mhin lé fánaidh na
habhann.  Do bhain sé crothadh as a' mbraithlín
os cionn an droichid, is níor fhág sé fiú aon
ghráinne amháin uirthe.
"A bhfeiceann tú an braithlín sin leis an 
nduine eile," ars' eision.
"Chídhim," adubhairt an fear eile.
"Ní fiú a bhfuil de mhin choirce ar an 
mbraithlín sin an cás ó thosach go deire,"
arsa fear an chapaill bháin.
Bhí an fígheadóir ag féachaint ar an obair
i gcómhnuidhe agus do bhris ar an bhfoighne aige.
"Do shaoileas, dá siubhlóchain Éire ná 
buailfeadh aon amadáin umam chómh mór
leis an amadán atá agam ag baile, is go 
deimhin shaoileas go raibh sé sin mór go maith,
acht do bhuaidh sibh-se ar a bhfeaca riamh, agus 
go mór mór fear na mine coirce.  Rachad
a bhaile is geóbhad lem' amadán féin," ars'
an fígheadóir.
Thiomáin sé leis soir agus bhí sé go mór luath
ag an nGleann Cham, is d'fhan sé an chuid 
eile d'á shaoghal i bhfochair an fhígheadóra 
óig.
DONNCHADH Ó LAOGHAIRE.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11