Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cleith Draoidheachta Chill-Tulca.
Title
Cleith Draoidheachta Chill-Tulca.
Author(s)
Ua Foghlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLEITH DRAOIDHEACHTA CHILL-TULCHA. Tréimhse aimsire ó shoin, bhí oide sgoile i gCill-tulaigh 1 cois Mhainge do cheap léigheanna mhúnadh d'á sgoláiríbh ní b'fhearr ná sgaipeadh léigheann riamh go dtí sin. Bhí mórán aos óg ar an sgoil seo, acht an chéad lá tháinig an t-oide dóbair 2 go dtuitfeadh an anam as le h-uathbhás nuair chuala sé na páisdidhe ag cómhrádh i nGaedhilig eatorra féin. Níor smuain sé riamh go mb' fhéidir leó a dó agus a dó do chur le chéile fad bheidheadh a dteanga dúthchais dá labhairt aca, agus dá bhrígh sin bheartaigh sé é féin chum an Gaedhilge do ruathar as Cill-tulaigh go bráth agus ráiméis iasachta 3 do chur i n-a hionad. Budh náireach neamhthairbheach, agus budh dheacair an obair le déanamh acht bhí cuid mhaith gliocais 4 in san oide, mar cheófam 5 feasta. Do sholáthraigh 6 ré hata fada bán amhail chleith oilithrigh 7 - an chleith dhraoidh- eachta ghoir na h-aosóga uirre - agus chuir sé do 8 dhraoidheacht ar an gcleith seo an teanga Ghaedhilge do mhilleadh in san gcómh- arsanacht. Thug sé annsain do'n chéad pháisde labhair focail Gaedhilge dá laghad an cleith le hiomchar, agus budh éigean do-san í bhreith leis a bhaile san oidhche agus í thabhairt leis ar sgoil an t-athlá. Ní raibh aon dul ag an bpacach óg so ar sgaramhaint léi gur daoradh 9 peacach óg eile, annsain cuireadh d'fhiachaibh ar an dara peacach óg í thógaint i n-a choimeád, agus mar sin d'imthigh sí ó láimh go láimh do réir mar gheibhthí cionntach duine éigin eile dos 10 na sgoláiríbh. Thárla go ndeachaidh Tadhg Ua Floinn ar an sgoil
cheudna agus gidh go raibh sé i n-a bhuachaill shúil- ghlan mheanmnach níorbh fhada go raibh sé ag iomchur na cleithe. Is beag tráthnóna nach aige do bhíodh sí, acht fá dheireadh dubhairt sé gur theip 11 uirre an draoidheacht do chur air féin, agus nárbh fhonn leis teanga a shinn- sear do thréigean. Aon tráthnóna amháin dá dtáinig sé a bhaile faoi ocras agus faoi n-a chleith mar budh gnáth ní raibh a phroinn ollamh roimhe mar bhí an mhóin tais 12 agus brosna 13 gann acht do rinne Tadhg brosna de'n chleith dhraoidheachta agus ní fada bhí se ag beir- bhiughadh 14 an chorcáin. Ní dheachaidh se ar sgoil níos sia. Tá sé i n-a dhuine aosta anois agus is binn blasda an teanga Ghaedhilge atá aige. Ní fhuil fear ná bean ós cionn dhá fhichid bliadhan d'aois i gCill-tulaigh ná labhrann Gaedhilge indiu agus ní fhuil duine ann faoi bhun fichead bliadhan labhras focal di, dá chur i n-iúl gur treise an draoidheacht atá i gcumas an Chláir Léiginn 15 ná an draoidheacht do chuir an sean-oide in san gcleith. Acht mar sin féin budh mhór an truaighe í dhóghadh. Dob' fhearr í chur i mbreugán-lann (16). Tagra. (1) Cill-Tulach, paráisde cois abhann na Mainge i gCiarraidhe. (2) Dóbair, it was almost. (3) Iasachta, gen. of iasacht, used adjectively; loan, borrowed, foreign. (4) Gliocas, ingenuity, craft, cunning. (5) Cheófam, we shall see; usual form, chífimíd. (6) Sholáthraigh sé, he provided, prepared; soláthar provision, getting. (7) Oilithrigh, gen. of oilithreach, a pilgrim. (8) Chuir se do … he relied on the influence of the wand; chuir sé mar might also be used. (9) Daoradh, perf. pass. of daoraim, I convict, I condemn. (10) Dos na = do na; we write in sna, gus na, by analogy, dos na. (11) Theip uirre … it failed to bewitch him; do theip sé orm, I failed. (12) Tais, damp, wet. (13) Brosna, fire-wood, fuel. (14) Beirbhiughad = bearbhadh, boiling, melting. (15) Clar Léighinn, Board of Education. (16) Breugán-lann, a museum. Diarmuid ua Fodhlugha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services