CLEITH DRAOIDHEACHTA CHILL-TULCHA.
Tréimhse aimsire ó 
shoin, bhí oide sgoile 
i gCill-tulaigh 1
cois Mhainge do cheap 
léigheanna mhúnadh d'á 
sgoláiríbh ní b'fhearr
ná sgaipeadh léigheann
riamh go dtí sin.  Bhí mórán aos óg ar an 
sgoil seo, acht an chéad lá tháinig an t-oide 
dóbair 2 go dtuitfeadh an anam as le 
h-uathbhás nuair chuala sé na páisdidhe ag 
cómhrádh i nGaedhilig eatorra féin.  Níor 
smuain sé riamh go mb' fhéidir leó a dó agus 
a dó do chur le chéile fad bheidheadh a dteanga 
dúthchais dá labhairt aca, agus dá bhrígh sin 
bheartaigh sé é féin chum an Gaedhilge do 
ruathar as Cill-tulaigh go bráth agus ráiméis 
iasachta 3 do chur i n-a hionad.
Budh náireach neamhthairbheach, agus budh dheacair 
an obair le déanamh acht bhí cuid mhaith 
gliocais 4 in san oide, mar cheófam 5
feasta.  Do sholáthraigh 6 ré hata fada bán 
amhail chleith oilithrigh 7 - an chleith dhraoidh-
eachta ghoir na h-aosóga uirre - agus chuir sé 
do 8 dhraoidheacht ar an gcleith seo an 
teanga Ghaedhilge do mhilleadh in san gcómh-
arsanacht.  Thug sé annsain do'n chéad pháisde 
labhair focail Gaedhilge dá laghad an cleith
le hiomchar, agus budh éigean do-san í bhreith
leis a bhaile san oidhche agus í thabhairt leis ar 
sgoil an t-athlá.  Ní raibh aon dul ag an 
bpacach óg so ar sgaramhaint léi gur 
daoradh 9 peacach óg eile, annsain cuireadh 
d'fhiachaibh ar an dara peacach óg í thógaint 
i n-a choimeád, agus mar sin d'imthigh sí ó láimh 
go láimh do réir mar gheibhthí cionntach duine 
éigin eile dos 10 na sgoláiríbh.  Thárla 
go ndeachaidh Tadhg Ua Floinn ar an sgoil 
cheudna agus gidh go raibh sé i n-a bhuachaill shúil-
ghlan mheanmnach níorbh fhada go raibh sé ag 
iomchur na cleithe.  Is beag tráthnóna nach 
aige do bhíodh sí, acht fá dheireadh dubhairt sé 
gur theip 11 uirre an draoidheacht do chur 
air féin, agus nárbh fhonn leis teanga a shinn-
sear do thréigean.  Aon tráthnóna amháin 
dá dtáinig sé a bhaile faoi ocras agus faoi n-a
chleith mar budh gnáth ní raibh a phroinn ollamh 
roimhe mar bhí an mhóin tais 12 agus brosna 13
gann acht do rinne Tadhg brosna de'n chleith 
dhraoidheachta agus ní fada bhí se ag beir-
bhiughadh 14 an chorcáin.  Ní dheachaidh se 
ar sgoil níos sia.  Tá sé i n-a dhuine aosta 
anois agus is binn blasda an teanga Ghaedhilge 
atá aige.  Ní fhuil fear ná bean ós cionn
dhá fhichid bliadhan d'aois i gCill-tulaigh ná 
labhrann Gaedhilge indiu agus ní fhuil duine ann 
faoi bhun fichead bliadhan labhras focal di,
dá chur i n-iúl gur treise an draoidheacht 
atá i gcumas an Chláir Léiginn 15 ná an 
draoidheacht do chuir an sean-oide in san 
gcleith.  Acht mar sin féin budh mhór an 
truaighe í dhóghadh.  Dob' fhearr í chur i 
mbreugán-lann (16).
Tagra.
(1)  Cill-Tulach, paráisde cois abhann na Mainge
i gCiarraidhe.
(2)  Dóbair, it was almost.
(3)  Iasachta, gen. of iasacht, used adjectively; loan,
borrowed, foreign.
(4) Gliocas, ingenuity, craft, cunning.
(5)  Cheófam, we shall see; usual form, chífimíd.
(6)  Sholáthraigh sé, he provided, prepared; soláthar
provision, getting.
(7)  Oilithrigh, gen. of oilithreach, a pilgrim.
(8)  Chuir se do … he relied on the influence
of the wand; chuir sé mar might also be used.
(9)  Daoradh, perf. pass. of daoraim, I convict, I 
condemn.
(10)  Dos na = do na; we write in sna, gus na, by
analogy, dos na.
(11)  Theip uirre … it failed to bewitch him;
do theip sé orm, I failed.
(12) Tais, damp, wet.
(13) Brosna, fire-wood, fuel.
(14) Beirbhiughad = bearbhadh, boiling, melting.
(15) Clar Léighinn, Board of Education.
(16) Breugán-lann, a museum.
Diarmuid ua Fodhlugha.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11