CLEITH DRAOIDHEACHTA CHILL-TULCHA.
Tréimhse aimsire ó
shoin, bhí oide sgoile
i gCill-tulaigh 1
cois Mhainge do cheap
léigheanna mhúnadh d'á
sgoláiríbh ní b'fhearr
ná sgaipeadh léigheann
riamh go dtí sin. Bhí mórán aos óg ar an
sgoil seo, acht an chéad lá tháinig an t-oide
dóbair 2 go dtuitfeadh an anam as le
h-uathbhás nuair chuala sé na páisdidhe ag
cómhrádh i nGaedhilig eatorra féin. Níor
smuain sé riamh go mb' fhéidir leó a dó agus
a dó do chur le chéile fad bheidheadh a dteanga
dúthchais dá labhairt aca, agus dá bhrígh sin
bheartaigh sé é féin chum an Gaedhilge do
ruathar as Cill-tulaigh go bráth agus ráiméis
iasachta 3 do chur i n-a hionad.
Budh náireach neamhthairbheach, agus budh dheacair
an obair le déanamh acht bhí cuid mhaith
gliocais 4 in san oide, mar cheófam 5
feasta. Do sholáthraigh 6 ré hata fada bán
amhail chleith oilithrigh 7 - an chleith dhraoidh-
eachta ghoir na h-aosóga uirre - agus chuir sé
do 8 dhraoidheacht ar an gcleith seo an
teanga Ghaedhilge do mhilleadh in san gcómh-
arsanacht. Thug sé annsain do'n chéad pháisde
labhair focail Gaedhilge dá laghad an cleith
le hiomchar, agus budh éigean do-san í bhreith
leis a bhaile san oidhche agus í thabhairt leis ar
sgoil an t-athlá. Ní raibh aon dul ag an
bpacach óg so ar sgaramhaint léi gur
daoradh 9 peacach óg eile, annsain cuireadh
d'fhiachaibh ar an dara peacach óg í thógaint
i n-a choimeád, agus mar sin d'imthigh sí ó láimh
go láimh do réir mar gheibhthí cionntach duine
éigin eile dos 10 na sgoláiríbh. Thárla
go ndeachaidh Tadhg Ua Floinn ar an sgoil
cheudna agus gidh go raibh sé i n-a bhuachaill shúil-
ghlan mheanmnach níorbh fhada go raibh sé ag
iomchur na cleithe. Is beag tráthnóna nach
aige do bhíodh sí, acht fá dheireadh dubhairt sé
gur theip 11 uirre an draoidheacht do chur
air féin, agus nárbh fhonn leis teanga a shinn-
sear do thréigean. Aon tráthnóna amháin
dá dtáinig sé a bhaile faoi ocras agus faoi n-a
chleith mar budh gnáth ní raibh a phroinn ollamh
roimhe mar bhí an mhóin tais 12 agus brosna 13
gann acht do rinne Tadhg brosna de'n chleith
dhraoidheachta agus ní fada bhí se ag beir-
bhiughadh 14 an chorcáin. Ní dheachaidh se
ar sgoil níos sia. Tá sé i n-a dhuine aosta
anois agus is binn blasda an teanga Ghaedhilge
atá aige. Ní fhuil fear ná bean ós cionn
dhá fhichid bliadhan d'aois i gCill-tulaigh ná
labhrann Gaedhilge indiu agus ní fhuil duine ann
faoi bhun fichead bliadhan labhras focal di,
dá chur i n-iúl gur treise an draoidheacht
atá i gcumas an Chláir Léiginn 15 ná an
draoidheacht do chuir an sean-oide in san
gcleith. Acht mar sin féin budh mhór an
truaighe í dhóghadh. Dob' fhearr í chur i
mbreugán-lann (16).
Tagra.
(1) Cill-Tulach, paráisde cois abhann na Mainge
i gCiarraidhe.
(2) Dóbair, it was almost.
(3) Iasachta, gen. of iasacht, used adjectively; loan,
borrowed, foreign.
(4) Gliocas, ingenuity, craft, cunning.
(5) Cheófam, we shall see; usual form, chífimíd.
(6) Sholáthraigh sé, he provided, prepared; soláthar
provision, getting.
(7) Oilithrigh, gen. of oilithreach, a pilgrim.
(8) Chuir se do … he relied on the influence
of the wand; chuir sé mar might also be used.
(9) Daoradh, perf. pass. of daoraim, I convict, I
condemn.
(10) Dos na = do na; we write in sna, gus na, by
analogy, dos na.
(11) Theip uirre … it failed to bewitch him;
do theip sé orm, I failed.
(12) Tais, damp, wet.
(13) Brosna, fire-wood, fuel.
(14) Beirbhiughad = bearbhadh, boiling, melting.
(15) Clar Léighinn, Board of Education.
(16) Breugán-lann, a museum.
Diarmuid ua Fodhlugha.