Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Na Trí Sraoth.
Title
Sgéalaidheacht. Na Trí Sraoth.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
O'Leary, Patrick
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NA TRÍ SRAOTH. Bhí fear le nach raibh puinn de rath agus ratachas an t-saoghail- seo ag cuibhreann. Do p'hos sé bean dáltha gach aon duine dá shaghas. 1 I gcionn bhliadhna no timchioll an taca san bhí se i ndán do go bhfuair a bhean bás de bhreith leinbh. Do mhair an naoidhe, agus gan agó do glacadh é go ceanamhail agus d'oileadh é cómh maith agus do bh'fhéidir le n-a chómhacht. Ba gheárr go raibh sé 'na apán 2 agus borradh agus biseach faoi. Do chaith sé bean eile do phósadh, mar ní fheudfadh é a ghnó déanamh 'na hiongnais. Bhí an-chion thar bárr aici ar a leasmhac. Aon bhliadhain amháin do luigh milleadh agus meathlughadh ar a chuid áirnéise ar mhódh nár fágbhadh bó ar bonn ná crúib ar cois aige, acht gamhnach gioballach, agus is uirri bhí a mbrath 4 ámh, rith an gheimhridh chun braoin bainne. Buaileadh breoidhte í seo aileis agus trí lá in a dhiaidh leanbh na mná mairbhe. Bhí an bhó agus an leanbh le bruachaibh báis 5. Aon oidhche amháin fuar fliluch fiais 6 tháinic bean isteach agus dubhairt go gcuirfeadh an leanbh trí sraoth as i lár na h-oidhche, agus dá ndéarfaidhe Dia linn agus Muire, go mair- feadh an leanbh agus go ngeobhadh an bhó bás, agus muna ndéarfaidhe go mairfeadh an bhó agus go ngeobhadh an leanbh bás. Bhí an fear agus an bhean ag áirneán ar an naoidhin. I n-uaignios na h-oidhche d'fhosgail se a shúile, d' fheuch timchioll air, do chuir smiota gáire as, 7 agus do leig an cheud sraoth: ní dubhairt an t-athair gíog, do leig an tarna sraoth: ni dubhairt an t-athair gíog arís; do leig an tríomhadh sraoth agus d' fan an t-athair mar smotán daraighe. Dia linn a's Muire, a leanbh gan mháthair, ar a leasmháthair láithreach bonn 8. "Tar slán! tar slán!" 9 ar máthair an leinbh bhreoite ag an dorus. Tháinic an bhó agus an leanbh suas arís 10. Ó'n oidhche sin amach bhí ádh agus amhantúr gach aon lá chun chinn, agus gan aon lá chun deiridh ar an mnaoi sin mar gheall ar an deagh- ghníomh do ghein si do'n dílleachtach agus e i gcosaibh cró.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services