Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Na Trí Sraoth.

Title
Sgéalaidheacht. Na Trí Sraoth.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
O'Leary, Patrick
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 129


NA TRÍ SRAOTH.



Bhí fear le nach raibh puinn de
rath agus ratachas an t-saoghail-
seo ag cuibhreann. Do
p'hos sé bean
dáltha gach aon
duine dá shaghas.



1
I gcionn bhliadhna no
timchioll an taca san
bhí se i ndán do go bhfuair a bhean bás de
bhreith leinbh. Do mhair an naoidhe, agus gan
agó do glacadh é go ceanamhail agus d'oileadh
é cómh maith agus do bh'fhéidir le n-a chómhacht.
Ba gheárr go raibh sé 'na apán 2 agus borradh
agus biseach faoi.



Do chaith sé bean eile do phósadh, mar ní
fheudfadh é a ghnó déanamh 'na hiongnais.
Bhí an-chion thar bárr aici ar a leasmhac.



Aon bhliadhain amháin do luigh milleadh agus
meathlughadh ar a chuid áirnéise ar mhódh nár
fágbhadh bó ar bonn ná crúib ar cois aige, acht
gamhnach gioballach, agus is uirri bhí a mbrath 4
ámh, rith an gheimhridh chun braoin bainne.
Buaileadh breoidhte í seo aileis agus trí lá in
a dhiaidh leanbh na mná mairbhe.



Bhí an bhó agus an leanbh le bruachaibh báis 5.
Aon oidhche amháin fuar fliluch fiais 6 tháinic
bean isteach agus dubhairt go gcuirfeadh an
leanbh trí sraoth as i lár na h-oidhche, agus dá
ndéarfaidhe Dia linn agus Muire, go mair-
feadh an leanbh agus go ngeobhadh an bhó bás, agus
muna ndéarfaidhe go mairfeadh an bhó agus go
ngeobhadh an leanbh bás.



Bhí an fear agus an bhean ag áirneán ar an
naoidhin. I n-uaignios na h-oidhche d'fhosgail
se a shúile, d' fheuch timchioll air, do
chuir smiota gáire as, 7 agus do leig an cheud
sraoth: ní dubhairt an t-athair gíog, do leig
an tarna sraoth: ni dubhairt an t-athair gíog
arís; do leig an tríomhadh sraoth agus d' fan
an t-athair mar smotán daraighe.



Dia linn a's Muire, a leanbh gan mháthair,
ar a leasmháthair láithreach bonn 8.



"Tar slán! tar slán!" 9 ar máthair an
leinbh bhreoite ag an dorus.



Tháinic an bhó agus an leanbh suas arís 10.
Ó'n oidhche sin amach bhí ádh agus amhantúr gach
aon lá chun chinn, agus gan aon lá chun deiridh
ar an mnaoi sin mar gheall ar an deagh-
ghníomh do ghein si do'n dílleachtach agus e
i gcosaibh cró.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services