Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. A bhéith na bhfód nglas.
Title
Filidheacht. A bhéith na bhfód nglas.
Author(s)
Englis, Uilliam,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A BHÉITH NA BHFÓD nGLAS. Uilliam Englis, cct. Fonn - Póiní an Leasa. A bhéith na bhfód nglas ródach rannach, Thréadach sheodach chródha chathach, Ba tréine fóirne Faobhrach fórsach, An t-éag id bheól muna bpósair feasta. Is baoth do ghlórtha, is dóith nár mheathas, Cé gur phósas Eoghan is 'athair; is gléigeal snódh Mo ghéag ar nóin, Is mé im mhéirdreach óg ag Seoirse i mBrea- tain. Mo léan, mo bhrón do ghlórtha meabhail,, A chéile choir na leoghan lannach. A ghné mar rós, is baoth an gnó Dhuit géill ná góbháil le stróinse smeartha. D'éis na móide, a stóir, do gheallais D'Éibhir mhór 's do phór Ua Dheaghaidh, is d'Éiriomhón Ba ghéire slógh, Na laochradh leoghan ó Bhóinn na mbratach. Níor raobas móide, a shórt ná habair, Acht craos is ól do bhreóidh mo bhalla, Claonta nó Is Gaedhilge leó, Gur'b éigean góbháil le Seoirse Breatan. Féach, a óigbhean mhómhrach mhaiseach, Téinigh feóidhte is ceó ar do cheallaibh, an chléir go deórach Baoghlach brónach; Tréig-se Seoirse is gheobhair a mhalairt. Cia hé an t-óg 'san Eoraip fhairsing? Cé gur mór í, gheobhadh mo mhealladh, Is an laoch do leónadh I bplé na Fódla I gcéin gur seóladh fós tar calaith. Atá Caesar óg 'san Róimh 'na bheathaidh, Aon do'n phór úd phósais cheana, Ag gléas a shlóighte, Ag téacht tar bóchna, Is é nóchar Phóiní an leasa. Tagra. Fóirne = foirne (iolradh); foireann (uathadh). Na laochradh: tá an focal so anois i n-a iolradh, agus is mar sin do "ghasradh" agus d'"éanlaith" leis; uathadh is ciall dóibh ó bhunadh. Góbhail = gabháil, go háirithe i dTuadh-Mhumhain agus i gConnachtaibh. Nó = nua. Mhómh- rach = mhodhmharach. Téinigh? Gheobhadh: "ghéabhach" 'sa' sgríbhinn. Cheana: "hanadh" 'sa' sgríbhinn. Nóchar = nuachar .i. céile. Sliocht leabhair de leabhraibh Phóil Uí Longáin an t-amhrán so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services