Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. A bhéith na bhfód nglas.

Title
Filidheacht. A bhéith na bhfód nglas.
Author(s)
Englis, Uilliam,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 108


A BHÉITH NA BHFÓD nGLAS.
Uilliam Englis, cct.



Fonn - Póiní an Leasa.



A bhéith na bhfód nglas ródach rannach,
Thréadach sheodach chródha chathach,
Ba tréine fóirne
Faobhrach fórsach,
An t-éag id bheól muna bpósair feasta.



Is baoth do ghlórtha, is dóith nár mheathas,
Cé gur phósas Eoghan is 'athair;
is gléigeal snódh
Mo ghéag ar nóin,
Is mé im mhéirdreach óg ag Seoirse i mBrea-
tain.



Mo léan, mo bhrón do ghlórtha meabhail,,
A chéile choir na leoghan lannach.
A ghné mar rós,
is baoth an gnó
Dhuit géill ná góbháil le stróinse smeartha.



D'éis na móide, a stóir, do gheallais
D'Éibhir mhór 's do phór Ua Dheaghaidh,
is d'Éiriomhón
Ba ghéire slógh,
Na laochradh leoghan ó Bhóinn na mbratach.



Níor raobas móide, a shórt ná habair,
Acht craos is ól do bhreóidh mo bhalla,
Claonta nó
Is Gaedhilge leó,
Gur'b éigean góbháil le Seoirse Breatan.



Féach, a óigbhean mhómhrach mhaiseach,
Téinigh feóidhte is ceó ar do cheallaibh,
an chléir go deórach
Baoghlach brónach;
Tréig-se Seoirse is gheobhair a mhalairt.



Cia hé an t-óg 'san Eoraip fhairsing?
Cé gur mór í, gheobhadh mo mhealladh,
Is an laoch do leónadh
I bplé na Fódla
I gcéin gur seóladh fós tar calaith.



Atá Caesar óg 'san Róimh 'na bheathaidh,
Aon do'n phór úd phósais cheana,
Ag gléas a shlóighte,
Ag téacht tar bóchna,
Is é nóchar Phóiní an leasa.



Tagra.
Fóirne = foirne (iolradh); foireann (uathadh). Na
laochradh: tá an focal so anois i n-a iolradh, agus is mar
sin do "ghasradh" agus d'"éanlaith" leis; uathadh is
ciall dóibh ó bhunadh. Góbhail = gabháil, go háirithe i
dTuadh-Mhumhain agus i gConnachtaibh. Nó = nua. Mhómh-
rach = mhodhmharach. Téinigh? Gheobhadh: "ghéabhach" 'sa'
sgríbhinn. Cheana: "hanadh" 'sa' sgríbhinn. Nóchar =
nuachar .i. céile.



Sliocht leabhair de leabhraibh Phóil Uí Longáin an
t-amhrán so.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services