Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear D'innis bean dom gur innis bean di nach bhfuil Dreyfus ciontach. Deirthear go mbíonn tóchas i sróin duine nuair bhíos daoine ag trácht thairis. Má tá ciall ná éifeacht leis sin gidh gur docha nach bhfuil easba chóir go mbeadh sróin Dreyfus ar dearg-lasadh ó bheith ghá tochas. Tá páipéir an domhain mhóir ag cur a choir tré n-a chéile. Iudaigheach is eadh é agus captaen i n-Armáil na Fraince do b'eadh é. Tá rúna cogaidh ag gach Riaghaltas, nach cóir iad do chraobhsgaoileadh do chách. Conghbhuighthe ar na rúna so go daingean, gó foluightheach, i gcómhair lae an chátha, mar ní h-é lá na gaoithe lá na scolb. Dá mbeadh námhaid ar do theorainn agus na mílte fear-comhraic aige, agus tusa agus eisean ar tí a chéile, do bheitheá ag cur agus ag cúiteamh cionnus doighéabhtha an taobh thiar air. Do chumfadh do cheannport deilbh nó mapa de'n cheanntar, a bóithre, a bealaigh, a h-aibhne, a cnoic, agus a coillte, agus dearfadh sé leis féin, "dá dtiocfadh an namhaid i leith an bóthar úd thíos do suidhfinn cúig míle fear ag uille an bhóthair seo thuas agus cúig míle eile ar shlinneán na mullóige sin theas le cosg do chur le n-a ghluaiseacht, nó do ghléasfainn buidhean ins an gcoill úd thall d'á gceapfadh mo namhaid triall an bóthar úd thuaidh i gcás go sgaoilfidís na piléir thríd faid do bhéadh sé ag cur na h-abhann sain thuas de." Sin é cuid de'n tsaghas inntleachta go ngairmthear eolas cogaidh nó ealadhan catha air. Tá a leithéidí seo de dheilbheannaibh sa ghlas go foluightheach i lann-cogaidh ag gach Armáil i roinn na h-Eorpa agus is mairg dóibh ina chraobhsgaoileas cinneach a rúna mar is soilear dá mbéadh fios ag mo námhaid cionnus do cosnóchainn mé féin ar a ghliocas go mbeadh buntáiste aige orm. Tá an dá Náisiún chalma so, an Fhrainc agus an Ghearmáin cómhgarach d'á chéile. Ní fhuil caradas eatortha ó aimsir an chogaidh mhóir, deich mbliadhna fichead ó shoin. Tá rúna cogaidh i n-aghaidh cosaint agus cosgairt ag gach cumhacht acu. Bhí an Dreyfus so 'na oifigeach i lanna-chogaidh na Fraince agus tá an teist amuich air gur sgéithidh sé ortha. Cuireadh ar dearbhtha é. Fuarthas cionntach é agus tá sé i mbraighdineas i n-oileán cois Ameiriocá Theas go nglaodhtar ins an bhFraincis "Oileán an deamhain" air. Tá dream ins an bhFrainc go meastar leo nach bhfuil an fear so cionntach, agus gur chóir an coir do chur i leith daoine eile ins an Arm seachas Dreyfus. Tá Pairis agus an Fhrainge go léir ar mire mar gheall air. Deirthear gurab iad na Iudaighigh atá ag grio- sughadh lucht a chosanta. Tá sé páipéir nua curtha ar bun le cabhrughadh leis, agus ní fios cá bfuarthas an t-airgead chum na bpáipéar so do ghléasadh. Thug an Riaghaltas cead uatha pionós an fhir seo d'athsgrudadh agus d'athéisteacht. Tá an cás ar siubhal le fada agus tá spior, spéar acu. Ní túisge sgaoileann an dlíghe aon tsnaidhm amháin ná go mbuaileann snaidhm eile níos deacaire léi. B'- fhurasda na "bearta cruadha" do réidhteach i gcomórtas leis an gceist thubaistigh so. Dubhairt duine eolach ó'n bhFrainc liom gurab iad feisirí ainchreidmheach, Iudaighigh agus ór Sheághain Bhuidhe fá ndeara an trioblóid changcarach so thabhairt ar an ríoghacht agus go bhfuilid ag déanamh rí-rá de'n Fhrainc dá threise í. Tá Uachdarán nua ar an bhFrainc, Loubet is ainm dó, agus is ionann an t-ainm sin agus "gadhar-faire", i gcanamhuin éigin de'n Fhraincis. Tá súil agam na bréagnóchaidh sé a ainm, tá a dhóthain le déanamh aige, mar is iomdha ceist i riaghaltas na Fraince atá ag feitheamh le n-a réidhteach. Togha-riaghaltas nó Republic is eadh an Fhrainc indiu, sé sin i n-ionad rí nó rioghdamhna bheith acu agus an rioghacht do bheith aigesean mar oighreacht, toghthar ag na daoinibh an fear is mó teist agus réime 'na measg agus cuirtear le toil na bhFeisirí ós cionn na críche é. Fuair an t-Uachdarán Fuare bás go h-obann is gáirid ó shoin, agus bhí imnidhe ar gach duine gur mór leis an Fhrainc, agus súil acu so nach mór leo í, go mbeadh iomarbhaidh agus casaoid i bPáiris sul do thóghfaidhe an tUachdarán nua. Ní raibh conspóid ann ámh. Chas feisire darab ainm Deroulede a bhata bianna agus mheas sé coimheasgar do dhéanamh acht buaileadh fé ghlas é gan mhoill. Cónach sain air! Tá Loubet go sochair ins an diallaid agus greim ar an srian aige. Deirthear nách gaige é, acht fear neamh-bhladhmannach gan mórdháil, gan mearbhall. Mac feirmeora is eadh é agus tugadh suas na dhlightheóir é. Tá sé trí fhichid agus maireann a mháthair fós. Tá cion aige uirthi mar ba chóir, acht tá faithchíos uirthi-sin ná beidh uain aige feasda le h-iomad gnótha, chum sgríobhtha chuici mar ba ghnáthach. Ní fhuil dearmhad 'sa bhFrainc fós ar an easaontacht úd mar gheall ar Fhaiscoda i nAifric, agus ní bheidh go fóil. Ní rabhadar ullamh ar chomhrac an uair sin, acht ní mar sin dóibh anois. Dar le n-a námaidibh bhí a loingeas lobhtha agus a ngunnaí móra meirgeach, agus do réir Shéaghain Buidhe dá bhfuighfeadh sé féin faill ortha bheidís sgai- pighthe nós cúbhráin báin na linne. Adeir na Frann- caigh go mbéidh athrughadh sgéil ar ball aige. Fear gaoithe do b'eadh Seághan Buidhe i gcomhnuidhe, agus níor throid sé riamh go calma i gcoinnibh na bhFranncach muna raibh Éireannaigh ag tabhairt cabhartha dó. Gearánaid leis nach bhfuighmíd-ne i nÉirinn as paid- péaraibh an Bhéarla Ghallda acht tuairisg éithig ortha. Fágaim le h-udhacht gur dóich liom go bhfuil an ceart acu. Bailigheann agus cruinnuigheann páipéir Londain an blaitheach agus tugaid dúinne dorn de'n cháithligh. Tá cuma eile againn ámh, agus inneósaimuid an fhírinne gheal ins an gCLAIDHEAMH SOLUIS gan spleádhchas d'éinneach. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services