Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



D'innis bean dom gur innis bean di nach bhfuil
Dreyfus ciontach. Deirthear go mbíonn tóchas i sróin
duine nuair bhíos daoine ag trácht thairis. Má tá ciall
ná éifeacht leis sin gidh gur docha nach bhfuil easba chóir
go mbeadh sróin Dreyfus ar dearg-lasadh ó bheith ghá
tochas. Tá páipéir an domhain mhóir ag cur a choir tré
n-a chéile. Iudaigheach is eadh é agus captaen i n-Armáil na
Fraince do b'eadh é.



Tá rúna cogaidh ag gach Riaghaltas, nach cóir iad do
chraobhsgaoileadh do chách. Conghbhuighthe ar na rúna so go
daingean, gó foluightheach, i gcómhair lae an chátha, mar
ní h-é lá na gaoithe lá na scolb.



Dá mbeadh námhaid ar do theorainn agus na mílte
fear-comhraic aige, agus tusa agus eisean ar tí a chéile, do
bheitheá ag cur agus ag cúiteamh cionnus doighéabhtha an
taobh thiar air. Do chumfadh do cheannport deilbh nó
mapa de'n cheanntar, a bóithre, a bealaigh, a h-aibhne,
a cnoic, agus a coillte, agus dearfadh sé leis féin, "dá
dtiocfadh an namhaid i leith an bóthar úd thíos do
suidhfinn cúig míle fear ag uille an bhóthair seo thuas
agus cúig míle eile ar shlinneán na mullóige sin theas le
cosg do chur le n-a ghluaiseacht, nó do ghléasfainn
buidhean ins an gcoill úd thall d'á gceapfadh mo namhaid
triall an bóthar úd thuaidh i gcás go sgaoilfidís na
piléir thríd faid do bhéadh sé ag cur na h-abhann sain
thuas de."



Sin é cuid de'n tsaghas inntleachta go ngairmthear
eolas cogaidh nó ealadhan catha air. Tá a leithéidí seo
de dheilbheannaibh sa ghlas go foluightheach i lann-cogaidh
ag gach Armáil i roinn na h-Eorpa agus is mairg dóibh ina
chraobhsgaoileas cinneach a rúna mar is soilear dá
mbéadh fios ag mo námhaid cionnus do cosnóchainn mé
féin ar a ghliocas go mbeadh buntáiste aige orm.



Tá an dá Náisiún chalma so, an Fhrainc agus an
Ghearmáin cómhgarach d'á chéile. Ní fhuil caradas
eatortha ó aimsir an chogaidh mhóir, deich mbliadhna
fichead ó shoin. Tá rúna cogaidh i n-aghaidh cosaint agus
cosgairt ag gach cumhacht acu. Bhí an Dreyfus so 'na
oifigeach i lanna-chogaidh na Fraince agus tá an teist amuich
air gur sgéithidh sé ortha.



Cuireadh ar dearbhtha é. Fuarthas cionntach é agus tá
sé i mbraighdineas i n-oileán cois Ameiriocá Theas go
nglaodhtar ins an bhFraincis "Oileán an deamhain" air.



Tá dream ins an bhFrainc go meastar leo nach bhfuil
an fear so cionntach, agus gur chóir an coir do chur i leith
daoine eile ins an Arm seachas Dreyfus.



Tá Pairis agus an Fhrainge go léir ar mire mar gheall
air. Deirthear gurab iad na Iudaighigh atá ag grio-
sughadh lucht a chosanta. Tá sé páipéir nua curtha ar
bun le cabhrughadh leis, agus ní fios cá bfuarthas an
t-airgead chum na bpáipéar so do ghléasadh. Thug an
Riaghaltas cead uatha pionós an fhir seo d'athsgrudadh
agus d'athéisteacht.



Tá an cás ar siubhal le fada agus tá spior, spéar acu.
Ní túisge sgaoileann an dlíghe aon tsnaidhm amháin ná
go mbuaileann snaidhm eile níos deacaire léi. B'-
fhurasda na "bearta cruadha" do réidhteach i
gcomórtas leis an gceist thubaistigh so. Dubhairt
duine eolach ó'n bhFrainc liom gurab iad feisirí
ainchreidmheach, Iudaighigh agus ór Sheághain Bhuidhe fá
ndeara an trioblóid changcarach so thabhairt ar an
ríoghacht agus go bhfuilid ag déanamh rí-rá de'n Fhrainc dá
threise í.



Tá Uachdarán nua ar an bhFrainc, Loubet is ainm
dó, agus is ionann an t-ainm sin agus "gadhar-faire", i
gcanamhuin éigin de'n Fhraincis. Tá súil agam na
bréagnóchaidh sé a ainm, tá a dhóthain le déanamh aige,
mar is iomdha ceist i riaghaltas na Fraince atá ag
feitheamh le n-a réidhteach.



Togha-riaghaltas nó Republic is eadh an Fhrainc
indiu, sé sin i n-ionad rí nó rioghdamhna bheith acu agus
an rioghacht do bheith aigesean mar oighreacht, toghthar
ag na daoinibh an fear is mó teist agus réime 'na measg
agus cuirtear le toil na bhFeisirí ós cionn na críche é.



Fuair an t-Uachdarán Fuare bás go h-obann is
gáirid ó shoin, agus bhí imnidhe ar gach duine gur mór leis
an Fhrainc, agus súil acu so nach mór leo í, go mbeadh
iomarbhaidh agus casaoid i bPáiris sul do thóghfaidhe an
tUachdarán nua. Ní raibh conspóid ann ámh. Chas
feisire darab ainm Deroulede a bhata bianna agus mheas
sé coimheasgar do dhéanamh acht buaileadh fé ghlas é
gan mhoill. Cónach sain air!



Tá Loubet go sochair ins an diallaid agus greim ar
an srian aige. Deirthear nách gaige é, acht fear
neamh-bhladhmannach gan mórdháil, gan mearbhall. Mac
feirmeora is eadh é agus tugadh suas na dhlightheóir é. Tá
sé trí fhichid agus maireann a mháthair fós. Tá cion aige
uirthi mar ba chóir, acht tá faithchíos uirthi-sin ná beidh
uain aige feasda le h-iomad gnótha, chum sgríobhtha
chuici mar ba ghnáthach.



Ní fhuil dearmhad 'sa bhFrainc fós ar an easaontacht
úd mar gheall ar Fhaiscoda i nAifric, agus ní bheidh go fóil.
Ní rabhadar ullamh ar chomhrac an uair sin, acht ní mar
sin dóibh anois. Dar le n-a námaidibh bhí a loingeas
lobhtha agus a ngunnaí móra meirgeach, agus do réir Shéaghain
Buidhe dá bhfuighfeadh sé féin faill ortha bheidís sgai-
pighthe nós cúbhráin báin na linne. Adeir na Frann-
caigh go mbéidh athrughadh sgéil ar ball aige.



Fear gaoithe do b'eadh Seághan Buidhe i gcomhnuidhe,
agus níor throid sé riamh go calma i gcoinnibh na bhFranncach
muna raibh Éireannaigh ag tabhairt cabhartha dó.



Gearánaid leis nach bhfuighmíd-ne i nÉirinn as paid-
péaraibh an Bhéarla Ghallda acht tuairisg éithig ortha.



Fágaim le h-udhacht gur dóich liom go bhfuil an ceart
acu. Bailigheann agus cruinnuigheann páipéir Londain an
blaitheach agus tugaid dúinne dorn de'n cháithligh.



Tá cuma eile againn ámh, agus inneósaimuid an fhírinne
gheal ins an gCLAIDHEAMH SOLUIS gan spleádhchas
d'éinneach.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services