Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Áluinn dún Mhic Mhuire.
Title
Áluinn dún Mhic Mhuire.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÁLUINN DÚN MHIC MHUIRE. Áluinn dún Mhic Mhuire, Dún is gile bláth; Atá aoibhneas ann is ceól Agus ní fheicfear ann brón go bráth. 'Tchífear aoibhneas ar gach neach, Lán do'n aoibh do ghnáth; 'Tchífear sin san dún Soillse nach múchann smál. Ní fheicfear caointe crom, Tuirse trom nó cás; Ní fheicfear cúis nó coir Ar aon neach ann go bráth. Atchífear Ard-Rí neimhe Breitheamh is gloine ghéire, Is ní fheicfear aon dúil as deise Nó an Rí is treise 's as tréine. 'Tchífear Íosa ar a dheas-láimh; is ní mairg do-chífeadh (an) t-amharc, Is gach anam aige d'á sgaoileadh As glasaibh daora na ndeamhan. An Spiorad Naomh go taithneamhach, Mar ghaethibh aoibhinn' gréine, Is é ag sgaoileadh go carthannach Grása Ríogh na féile. Sluagh na cathrach gnáth-shoillse, Is deacair a dtuairim d'innsin; Atá mílte ann do mhíltibh Lán do'n aoibhneas chinnte. Atá míle aingeal ainglidhe Ag cantain cheóil go cinnte, Is ag foillsiughadh do Rígh na glóire Gach maith d'á ndéanann sinne. Atá míle maighdean mhall-rosgach
mhail i ngné an duine, Ar gach taobh d'á phógadh Mar dheallradh an óir is gloine. Atá míle ógh is mairtíreach Fuair 'san tsaoghal-sa dochar lán do'n cheól is taithneamhaighe Ann go sámh glan socair. Mar do-bheir an tuarasgbháil Ar shlóightibh dhúna nimhe, A innse créad d'á ndearnadh Pálás Ríogh na Cruinne. A innse créad d'á ndearnadh Pálás Ríogh na Cruinne; Ní bhfuil sin ann mo chionn-sa is ní féidir le peann d'a thuireadh. Acht so amháin adeirim leat, Áilne an bheatha shíorraidhe, Gur deise leat aon orlach 'San mbrugh suthain sholais bhláith. 'San mbrugh shuthain sholuis bhláith Is ionann lá agus oidhche; Ó choraibh an bhrogha bháin-ghil Thig deallradh dháibh do'n aoibhneas. Gach aoibhneas ann d'á mbeireann ort, Ní théid ar gcúl a choidhche, Acht barr aoibhnis nua Ag teacht gach uair arís ann. Ar chruthaigh Dia 'sa' domhan Do shíol Ádhmha is Éabha, Do thoillfeadh i n-aon tseómra Do'n dún ghrianach ghléigeal. Ceólta caomha na Cruinne 'S a seinm go huile i n-éinfheacht, Is binne nó iad sin uile guth aon aingil i n-éan-uair. Gorta, íota is ocras, Gach olc d'á dtig tríobhtha, Aon dheoch as tobar na trócaire Ní leigfeadh do' chomhair a choidhche. Mar do-bheir an tuarasgbháil Ar shluaightibh dhúna nimhe, Tabhair mar an gcéadna Tuairim ar phiantaibh ifrinn.
Tuairim ar phiantaibh ifrinn, Áit nach bhfaghthar sochar; Atá galair ann is gaoithe, Pianta, daoirse is dochar. Atá teinnte agus teanndala ann, Agus lasair ghéar dá grádh ann; Is ann atá an ghaoth is fuaire, Gul is truaighe is gártha. Atá sneachta is sioc agus síobhradh ann Is díoghbháil ag creim a chéile, Tá toit is teasbhach teinnte Go cinnte ag méadughadh péine. Is ann atá seomraidhe dorcha, Dúinte ar shoillse gréine; Is ann atá méad gach dochair, Is fosgadh balladh is bréine. Atá gul is greadadh lámh ann, Lasair dhlúith agus teine, Is beidh seal ann-sa' dún sin D'á múchadh i gcoire neimhe. Tá gorta, íota is amhgar ann; Ní bhfuil maith ann ar aon mhodh; Domblas é go cinnte An deoch as milse i n-ifrionn. Ní cluintear ceól nó séise I n-ifrionn as géire teine; I n-ifrionn as leór do phianaibh Glór na ndiabhal mire. (Dhá leathanach ar easbhaidh). Féach ar lucht an díomuis Síos i n-íochtar ifrinn, is iad go bráth d'á ngoradh Ó ghreadadh dlúith na teineadh. Féach ar lucht na sainte, Le' mealltaoi daoine bochta, I n-áit an tsaidhbhris bhréige Is ortha atá méad gach dochair. Féach ar lucht an tnútha, Ag a mbí na dúile malluighthe, Díoghbháil dhubhadh d'á sgiúradh Agus teinnte fútha ar lasadh. Féach ar lucht na drúise, Dream do dhiúlt gach maitheas, I n-áit na póige is milse Beid go cinnte i nglasaibh. Féach ar lucht an lóin chraois Nach gnáthach ag déanamh trosgtha, Gorta, íota is amhgar Is gach ball díobh d'á losgadh. Féach ar lucht na feirge Ag éirghe mar mheallaibh teineadh, Och! is ádhbhar uamhain D'á bhfuaradh i lochaibh neimhe. Féach ar lucht na leisge d'fhanadh ó aifrionn Íosa, Díoghbháil dhubhadh d'á rúsgadh Re súistíbh reamhra righne. Olc an uamhaigh ifrionn, Lag atá i dteinntibh garga; Is ann atá an phian is truime; Is ann atá gul is canncar. Pilleamuid ar ais aríst, Agus guidhmid Rí na ngrása; Silmid deóra ar an nglúinibh Fá'f leigean slán 'san dún is áilne. Finit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services