Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Áluinn dún Mhic Mhuire.

Title
Áluinn dún Mhic Mhuire.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 88


ÁLUINN DÚN MHIC MHUIRE.



Áluinn dún Mhic Mhuire,
Dún is gile bláth;
Atá aoibhneas ann is ceól
Agus ní fheicfear ann brón go bráth.



'Tchífear aoibhneas ar gach neach,
Lán do'n aoibh do ghnáth;
'Tchífear sin san dún
Soillse nach múchann smál.



Ní fheicfear caointe crom,
Tuirse trom nó cás;
Ní fheicfear cúis nó coir
Ar aon neach ann go bráth.



Atchífear Ard-Rí neimhe
Breitheamh is gloine ghéire,
Is ní fheicfear aon dúil as deise
Nó an Rí is treise 's as tréine.



'Tchífear Íosa ar a dheas-láimh;
is ní mairg do-chífeadh (an) t-amharc,
Is gach anam aige d'á sgaoileadh
As glasaibh daora na ndeamhan.



An Spiorad Naomh go taithneamhach,
Mar ghaethibh aoibhinn' gréine,
Is é ag sgaoileadh go carthannach
Grása Ríogh na féile.



Sluagh na cathrach gnáth-shoillse,
Is deacair a dtuairim d'innsin;
Atá mílte ann do mhíltibh
Lán do'n aoibhneas chinnte.



Atá míle aingeal ainglidhe
Ag cantain cheóil go cinnte,
Is ag foillsiughadh do Rígh na glóire
Gach maith d'á ndéanann sinne.



Atá míle maighdean mhall-rosgach
<Mhná>mhail i ngné an duine,
Ar gach taobh d'á phógadh
Mar dheallradh an óir is gloine.



Atá míle ógh is mairtíreach
Fuair 'san tsaoghal-sa dochar
lán do'n cheól is taithneamhaighe
Ann go sámh glan socair.



Mar do-bheir an tuarasgbháil
Ar shlóightibh dhúna nimhe,
A innse créad d'á ndearnadh
Pálás Ríogh na Cruinne.



A innse créad d'á ndearnadh
Pálás Ríogh na Cruinne;
Ní bhfuil sin ann mo chionn-sa
is ní féidir le peann d'a thuireadh.



Acht so amháin adeirim leat,
Áilne an bheatha shíorraidhe,
Gur deise leat aon orlach
'San mbrugh suthain sholais bhláith.



'San mbrugh shuthain sholuis bhláith
Is ionann lá agus oidhche;
Ó choraibh an bhrogha bháin-ghil
Thig deallradh dháibh do'n aoibhneas.



Gach aoibhneas ann d'á mbeireann ort,
Ní théid ar gcúl a choidhche,
Acht barr aoibhnis nua
Ag teacht gach uair arís ann.



Ar chruthaigh Dia 'sa' domhan
Do shíol Ádhmha is Éabha,
Do thoillfeadh i n-aon tseómra
Do'n dún ghrianach ghléigeal.



Ceólta caomha na Cruinne
'S a seinm go huile i n-éinfheacht,
Is binne nó iad sin uile
guth aon aingil i n-éan-uair.



Gorta, íota is ocras,
Gach olc d'á dtig tríobhtha,
Aon dheoch as tobar na trócaire
Ní leigfeadh do' chomhair a choidhche.



Mar do-bheir an tuarasgbháil
Ar shluaightibh dhúna nimhe,
Tabhair mar an gcéadna
Tuairim ar phiantaibh ifrinn.


L. 89


Tuairim ar phiantaibh ifrinn,
Áit nach bhfaghthar sochar;
Atá galair ann is gaoithe,
Pianta, daoirse is dochar.



Atá teinnte agus teanndala ann,
Agus lasair ghéar dá grádh ann;
Is ann atá an ghaoth is fuaire,
Gul is truaighe is gártha.



Atá sneachta is sioc agus síobhradh ann
Is díoghbháil ag creim a chéile,
Tá toit is teasbhach teinnte
Go cinnte ag méadughadh péine.



Is ann atá seomraidhe dorcha,
Dúinte ar shoillse gréine;
Is ann atá méad gach dochair,
Is fosgadh balladh is bréine.



Atá gul is greadadh lámh ann,
Lasair dhlúith agus teine,
Is beidh seal ann-sa' dún sin
D'á múchadh i gcoire neimhe.



Tá gorta, íota is amhgar ann;
Ní bhfuil maith ann ar aon mhodh;
Domblas é go cinnte
An deoch as milse i n-ifrionn.



Ní cluintear ceól nó séise
I n-ifrionn as géire teine;
I n-ifrionn as leór do phianaibh
Glór na ndiabhal mire.



(Dhá leathanach ar easbhaidh).



Féach ar lucht an díomuis
Síos i n-íochtar ifrinn,
is iad go bráth d'á ngoradh
Ó ghreadadh dlúith na teineadh.



Féach ar lucht na sainte,
Le' mealltaoi daoine bochta,
I n-áit an tsaidhbhris bhréige
Is ortha atá méad gach dochair.



Féach ar lucht an tnútha,
Ag a mbí na dúile malluighthe,
Díoghbháil dhubhadh d'á sgiúradh
Agus teinnte fútha ar lasadh.



Féach ar lucht na drúise,
Dream do dhiúlt gach maitheas,
I n-áit na póige is milse
Beid go cinnte i nglasaibh.



Féach ar lucht an lóin chraois
Nach gnáthach ag déanamh trosgtha,
Gorta, íota is amhgar
Is gach ball díobh d'á losgadh.



Féach ar lucht na feirge
Ag éirghe mar mheallaibh teineadh,
Och! is ádhbhar uamhain
D'á bhfuaradh i lochaibh neimhe.



Féach ar lucht na leisge
d'fhanadh ó aifrionn Íosa,
Díoghbháil dhubhadh d'á rúsgadh
Re súistíbh reamhra righne.



Olc an uamhaigh ifrionn,
Lag atá i dteinntibh garga;
Is ann atá an phian is truime;
Is ann atá gul is canncar.



Pilleamuid ar ais aríst,
Agus guidhmid Rí na ngrása;
Silmid deóra ar an nglúinibh
Fá'f leigean slán 'san dún is áilne.



Finit.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services