Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE. Thainic Máir' Ní Ghormacháin chuige, agus d'fhiafraigh sé di, ar son na Maighdine Muire, fios a chur ar an sagart dho. "Cuirfead," arsa Máire, "agus muna bhfaghad aon teachtaire eile chum dul dá iarraidh, raghad féin do shiubhal mo chos ar a lorg;" agus súd an doras amach í ar sodar. Chuaidh sí go dtí an sgioból agus do glaodh sí ar Antoine. Buachaill amisire dob' eadh Antoine. "Éirigh id' shuidhe," ar sí, "atá an maigh- istir ag fághail bháis, agus atá sé ag briseadh a chroidhe ag glaodhach ar an sagart. Léim ar an gcapall is fearr 'san sgioból, agus éirigh ar a lorg ar son Dé." "Nár imthighidh uainn acht é," arsa Antoine, "an diabhal cos a raghad-sa ag iarraidh an tsagairt dho. Bhí aimsir go leór aige i rith a shaoghail chum síothcháin a dhéanamh le Dia, agus is beag an toradh a thugadh sé, ar na sagartaibh." "Ná bac leis," arsa Máire, "gheallas duit an lá fá dheire go bpósfainn thú, acht má eitigheann tú anois me, ní fhéachfad idir an dá shúil go bráth ort. Bíodh ort féin, dob' fhearr liom fear dearg a phósadh 'ná thú." "A! má's mar sin atá an sgéal agat," arsa Antoine, "ní dhéanfainn thú d'eiteach ar shaidhbhreas mo mhaighistir." Siúd anuas an staighre é, agus chuir sé an tsrian ar an gcapall dob' fhearr d'á raibh 'san sgioból, agus do léim sé ar a dhruim. "Fan go fóil," arsa Máire, "abair leis an sagart, go bhfuil an t-áidhbheirseoir mic atá ag mo mhaighistir ag feitheamh chum é do lámhach, agus abair leis teacht go dtí an doras iadhta, agus leigfead-sa isteach é."
Do ghluais an capall ar cos i n-áirde, agus Antoine 'gá ghríosughadh chum reatha. Bhí teine chreasa aige d'á bhuaint as an mbóthar le neart fuadair, agus níor leog se do'n fhuadar sin nó gur chuir sé dhe na sé mhíle do bhí idir tigh Thomáis na Claise agus Cathair na n-Aingeal. Do stad sé ag doras tighe an tsagairt agus do bhuail an doras. D'éirigh an sagart as a leabsaidh, agus d'fhiafraigh de Antoine cad do theastaigh uaidh. Dubhairt Antoine go raibh a mhaighistir, Tomás na Claise, ag tarraing na hanáile, agus ó bhuail an doigh é go raibh sé ag glaodhach ar an sagart, agus gur bhaoghalach ná béarfadh se 'na bheathaidh air. "Béarfad, ná bidheadh eagla ort," ars' an tAthair Pádraig Mac Suibhne. Budh ghearr an mhoill ar an sagart go raibh sé i ndruim a chapaill féin, agus bhíodar chum imtheacht faoi dhéin tighe Thomáis na Claise, nuair d'innis Antoine do'n tsagairt go raibh diabhal mic a bhí ag Tomás na Claise ag feitheamh chum an tsagairt dolámhach, mar ár teastaigh uaidh aon tsagart do bheith ag a athair roimh bhás dho. "Fan go fóil," ars' an sagart, "agus bead- sa ollamh do'n mbuachaill sin." Chuaidh sé thar a éis go dtí a thigh, agus chuir sé a phiostal 'na phóca. "Gluais ort anois," ar sé le Antoine, agus d'imthigheadar ar cos i n-áirde faoi dhéin tighe an fhir thinn. "A athair," ar Antoine, "is fearr dhuit- se dul go dtí an doras iadhta, agus beidh Máir' Ní Ghormacháin ag faire chum thú a leigean isteach, agus b'fhéidir ná feicfeadh an rógaire mic i n-aon chor thu." "Mise an eadh" mise teachtaire Dé a dhul go dtí an doras iadhta," ars' an sagart, "ní gábha dhuit aon eagla bheith ort im' taobh-sa. Raghad-sa an doras mór isteach, agus ní fhéadfaidh diabhal 'ná duine aon stop a chur liom." Is gearr go raibh siad ag tigh Thomáis na Claise, agus do léim an sagart de dhruim a chapaill, agus thug sé an tsrian do Antoine. Suas go dtí an doras mór leis agus do bhuail an clog go dána. "Cé atá annsain?" arsa mac Thomáis na Claise, agus d'fhosgail se an doras beagáinín chum féachaint cé bhí ann. "Mise, sagart do pharáiste atá ann," ars an tAthair Mac Suibhne, "osgail an doras agus leig isteach me." "Imthigh leat, ní'l aon ghnó annso dhíot," ar an t-áidhbheirseoir mic. "Deirim leat an doras so d'fhosgailt dhom, no brisfead isteach láitreach buinn é," ars' an sagart. "Má thugair iarracht ar theacht annso isteach im' aimhdheóin, sgaoilfead an dá ph'léar aca ins an ghunna so thríot," ars an t-áidhbheirseoir mic. Ní raibh na focail ar éigin as a bhéal, nuair a chuir an sagart a ghuala leis an ndorus, isteachleis an ndorus agus do bhuail sé an fear istigh 'san éadan; do chuir an nídh sin an oiread de iongnadh air, nár mhothaigh sé aon nídh nó go raibh greim air chába a chasóige ag an sagart. Chas sé amach mac Thomáis mór-timcheall ar a sháil cúpla uair, agus annsain dhín sé uaidh amach a lámh, agus chaith se ar bhior a chinn 'san chúinne é. "Fan annsain anois, mo bhuachaill, nó go mbeidh mo ghnó-sa déanta," ars' an sagart. D'fhan agus nior chuir sé cor as féin. Chuaidh an sagart go dtí an fear breoite, agus dob' é toil Dé go raibh a aithne agus a urlabhra aige roimhe. D'ullmhuigh an sagart chum báis Tomás na Claise. D'imthigh an sagart leis féin, agus nuair a bhí sé ag gabháil thar an aithid do
bhí sínte 'san chúinne, do chorraigh sé le bárr a bhútaise é agus dubhairt: - "Éirigh anois," ar sé, "Atá mo ghnó-sa déanta, buidheachas le Dia;" agus d'imthigh sé a bhaile do féin. D'éirigh an aithid, agus chuaidh sé go dtí a sheomra, agus ní dubhairt sé thúm ná thaom, acht an glas do chur air féin. Do chuaidh Máir' Ní Ghormacháin ag triall ar an bhfear mbreóite, agus is é do bhí go buidheach dhi. Dubhairt sé léithe an doras do dhúnadh, agus an glas a chur air. Nuair a bhí sin déanta, dubhairt se léithe féachaint ar an dtaobh thiar de'n íomháigh do b'hi ar crochadh ar an mballa, agus go bhfeicfeadh sí rud beag mar chnaipe 'san bhalla, agus luighe ar leith na méar. Do dhein, agus d'fhosgail fuinneog bheag. Is amhlaidh bhí cloiséad beag ann, gan fhios do aonne, acht do Thomás féin. "Tóg an buiscín atá annsain," arsa Tomás na Claise, "agus gheabha tú ris an mbuiscsín sin deich míle dalar i n-airgead pháipéir; bronnaim ort an mhéid sin airgid, acht amháin aon mhíle dalar amháin, noch do thabharfaidh tu do'n Athair Pádraig Mac Suibhne, chum aifrinn do rádh ar son m'anma." "A mhaighistir! atá an iomad airgid agat d'á thabhairt dhomh-sa," arsa Máiréad Ní Ghormacháin. "Ná bíodh aon cheist ort 'na thaobh sin," arsa Tomás na Claise, "ní'lim-se ag dhéanamh éagcóra ar aon duine; beidh níos mó saidhbhris ag mo mhac míonádurtha 'ná mar a bheidh mar mhaithe leis. Tóg an mhéid sin airgid, agus mo mhíle beannacht agat, oir mara mbeidheadh thusa, do thabharfadh an bás leis me gan an sagart. Is gearr 'na dhiaidh sin gur tharraing sé an anál. Chum críoch do chur ar an sgéal so, do pósadh Máir' Ní Ghormacháin agus Antoine le n-a chéile, agus tá clann a gclainne anois 'san áit sin, agus urraim mhór ag gach duine orra. Tar éis bháis a athar do mhac Thomáis na Claise, do chrom sé ar ól agus ar imirt. Is fánach a chonnaic aon duine riamh é gan é do bheith ar meisge. Do bhí gach uile shaidhbhreas d'fhág a athair aige caithte i gcionn dá bhliadhan; annsain dob' é toil Dé gur chuaidh sé as a mheabhair agus do cuireadh go tigh na ngealt, go Napá é, agus fuair sé bás ann. Sin é agaibh críoch Thomáis na Claise, agus a chuid Béarla; agus 'tá sé fíor leis. Acht caithfead filleadh go hÉirinn agus sgéal a dhearbhráthar Seaghán d'innsint, mar tháinic Seaghán na Claise go hAimeiriocá leis. Ní raibh poinn Béarla aige, agus d'éirigh an saoghal go maith leis. Acht sgéal eile is eadh é sin. Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services