Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.

Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.



Thainic Máir' Ní Ghormacháin
chuige, agus d'fhiafraigh sé di, ar son
na Maighdine Muire, fios a chur
ar an sagart dho.



"Cuirfead," arsa Máire, "agus
muna bhfaghad aon teachtaire eile
chum dul dá iarraidh, raghad féin do shiubhal
mo chos ar a lorg;" agus súd an doras amach
í ar sodar. Chuaidh sí go dtí an sgioból agus
do glaodh sí ar Antoine. Buachaill amisire
dob' eadh Antoine.



"Éirigh id' shuidhe," ar sí, "atá an maigh-
istir ag fághail bháis, agus atá sé ag briseadh a
chroidhe ag glaodhach ar an sagart. Léim
ar an gcapall is fearr 'san sgioból, agus éirigh
ar a lorg ar son Dé."



"Nár imthighidh uainn acht é," arsa Antoine,
"an diabhal cos a raghad-sa ag iarraidh an
tsagairt dho. Bhí aimsir go leór aige i rith
a shaoghail chum síothcháin a dhéanamh le Dia,
agus is beag an toradh a thugadh sé, ar na
sagartaibh."



"Ná bac leis," arsa Máire, "gheallas
duit an lá fá dheire go bpósfainn thú, acht
má eitigheann tú anois me, ní fhéachfad idir
an dá shúil go bráth ort. Bíodh ort féin,
dob' fhearr liom fear dearg a phósadh 'ná
thú."



"A! má's mar sin atá an sgéal agat,"
arsa Antoine, "ní dhéanfainn thú d'eiteach
ar shaidhbhreas mo mhaighistir." Siúd anuas
an staighre é, agus chuir sé an tsrian ar an
gcapall dob' fhearr d'á raibh 'san sgioból,
agus do léim sé ar a dhruim.



"Fan go fóil," arsa Máire, "abair leis
an sagart, go bhfuil an t-áidhbheirseoir mic
atá ag mo mhaighistir ag feitheamh chum é do
lámhach, agus abair leis teacht go dtí an doras
iadhta, agus leigfead-sa isteach é."


L. 69


Do ghluais an capall ar cos i n-áirde, agus
Antoine 'gá ghríosughadh chum reatha. Bhí
teine chreasa aige d'á bhuaint as an mbóthar
le neart fuadair, agus níor leog se do'n fhuadar
sin nó gur chuir sé dhe na sé mhíle do bhí
idir tigh Thomáis na Claise agus Cathair na
n-Aingeal. Do stad sé ag doras tighe an
tsagairt agus do bhuail an doras. D'éirigh an
sagart as a leabsaidh, agus d'fhiafraigh de Antoine
cad do theastaigh uaidh. Dubhairt Antoine
go raibh a mhaighistir, Tomás na Claise, ag
tarraing na hanáile, agus ó bhuail an doigh é
go raibh sé ag glaodhach ar an sagart, agus
gur bhaoghalach ná béarfadh se 'na bheathaidh
air.



"Béarfad, ná bidheadh eagla ort," ars'
an tAthair Pádraig Mac Suibhne.



Budh ghearr an mhoill ar an sagart go
raibh sé i ndruim a chapaill féin, agus bhíodar
chum imtheacht faoi dhéin tighe Thomáis na
Claise, nuair d'innis Antoine do'n tsagairt
go raibh diabhal mic a bhí ag Tomás na Claise
ag feitheamh chum an tsagairt dolámhach,
mar ár teastaigh uaidh aon tsagart do bheith
ag a athair roimh bhás dho.



"Fan go fóil," ars' an sagart, "agus bead-
sa ollamh do'n mbuachaill sin." Chuaidh sé
thar a éis go dtí a thigh, agus chuir sé a phiostal
'na phóca.



"Gluais ort anois," ar sé le Antoine, agus
d'imthigheadar ar cos i n-áirde faoi dhéin
tighe an fhir thinn.



"A athair," ar Antoine, "is fearr dhuit-
se dul go dtí an doras iadhta, agus beidh Máir'
Ní Ghormacháin ag faire chum thú a leigean
isteach, agus b'fhéidir ná feicfeadh an rógaire
mic i n-aon chor thu."



"Mise an eadh" mise teachtaire Dé a
dhul go dtí an doras iadhta," ars' an sagart,
"ní gábha dhuit aon eagla bheith ort im'
taobh-sa. Raghad-sa an doras mór isteach,
agus ní fhéadfaidh diabhal 'ná duine aon stop a
chur liom."



Is gearr go raibh siad ag tigh Thomáis na
Claise, agus do léim an sagart de dhruim a
chapaill, agus thug sé an tsrian do Antoine.
Suas go dtí an doras mór leis agus do bhuail
an clog go dána.



"Cé atá annsain?" arsa mac Thomáis na
Claise, agus d'fhosgail se an doras beagáinín
chum féachaint cé bhí ann.



"Mise, sagart do pharáiste atá ann,"
ars an tAthair Mac Suibhne, "osgail an
doras agus leig isteach me."



"Imthigh leat, ní'l aon ghnó annso dhíot,"
ar an t-áidhbheirseoir mic.



"Deirim leat an doras so d'fhosgailt
dhom, no brisfead isteach láitreach buinn é,"
ars' an sagart.



"Má thugair iarracht ar theacht annso
isteach im' aimhdheóin, sgaoilfead an dá
ph'léar aca ins an ghunna so thríot," ars an
t-áidhbheirseoir mic.



Ní raibh na focail ar éigin as a bhéal,
nuair a chuir an sagart a ghuala leis an
ndorus, isteachleis an ndorus agus do bhuail
sé an fear istigh 'san éadan; do chuir an
nídh sin an oiread de iongnadh air, nár
mhothaigh sé aon nídh nó go raibh greim air
chába a chasóige ag an sagart. Chas sé amach
mac Thomáis mór-timcheall ar a sháil cúpla
uair, agus annsain dhín sé uaidh amach a lámh, agus
chaith se ar bhior a chinn 'san chúinne é.



"Fan annsain anois, mo bhuachaill, nó go
mbeidh mo ghnó-sa déanta," ars' an sagart.



D'fhan agus nior chuir sé cor as féin. Chuaidh
an sagart go dtí an fear breoite, agus dob'
é toil Dé go raibh a aithne agus a urlabhra aige
roimhe.



D'ullmhuigh an sagart chum báis Tomás
na Claise. D'imthigh an sagart leis féin,
agus nuair a bhí sé ag gabháil thar an aithid do


L. 70


bhí sínte 'san chúinne, do chorraigh sé le
bárr a bhútaise é agus dubhairt: -



"Éirigh anois," ar sé, "Atá mo ghnó-sa
déanta, buidheachas le Dia;" agus d'imthigh sé
a bhaile do féin.



D'éirigh an aithid, agus chuaidh sé go dtí a
sheomra, agus ní dubhairt sé thúm ná thaom, acht
an glas do chur air féin. Do chuaidh Máir'
Ní Ghormacháin ag triall ar an bhfear
mbreóite, agus is é do bhí go buidheach dhi.
Dubhairt sé léithe an doras do dhúnadh, agus an
glas a chur air. Nuair a bhí sin déanta,
dubhairt se léithe féachaint ar an dtaobh
thiar de'n íomháigh do b'hi ar crochadh ar an
mballa, agus go bhfeicfeadh sí rud beag mar
chnaipe 'san bhalla, agus luighe ar leith na méar.
Do dhein, agus d'fhosgail fuinneog bheag. Is
amhlaidh bhí cloiséad beag ann, gan fhios do
aonne, acht do Thomás féin.



"Tóg an buiscín atá annsain," arsa
Tomás na Claise, "agus gheabha tú ris an
mbuiscsín sin deich míle dalar i n-airgead
pháipéir; bronnaim ort an mhéid sin airgid,
acht amháin aon mhíle dalar amháin, noch do
thabharfaidh tu do'n Athair Pádraig Mac
Suibhne, chum aifrinn do rádh ar son m'anma."



"A mhaighistir! atá an iomad airgid agat
d'á thabhairt dhomh-sa," arsa Máiréad Ní
Ghormacháin.



"Ná bíodh aon cheist ort 'na thaobh sin,"
arsa Tomás na Claise, "ní'lim-se ag
dhéanamh éagcóra ar aon duine; beidh níos
mó saidhbhris ag mo mhac míonádurtha 'ná
mar a bheidh mar mhaithe leis. Tóg an mhéid
sin airgid, agus mo mhíle beannacht agat, oir
mara mbeidheadh thusa, do thabharfadh an bás
leis me gan an sagart.



Is gearr 'na dhiaidh sin gur tharraing sé
an anál.



Chum críoch do chur ar an sgéal so, do
pósadh Máir' Ní Ghormacháin agus Antoine le
n-a chéile, agus tá clann a gclainne anois 'san
áit sin, agus urraim mhór ag gach duine orra.



Tar éis bháis a athar do mhac Thomáis na
Claise, do chrom sé ar ól agus ar imirt. Is
fánach a chonnaic aon duine riamh é gan é
do bheith ar meisge. Do bhí gach uile shaidhbhreas
d'fhág a athair aige caithte i gcionn dá
bhliadhan; annsain dob' é toil Dé gur chuaidh
sé as a mheabhair agus do cuireadh go tigh na
ngealt, go Napá é, agus fuair sé bás ann.



Sin é agaibh críoch Thomáis na Claise, agus a
chuid Béarla; agus 'tá sé fíor leis. Acht
caithfead filleadh go hÉirinn agus sgéal a
dhearbhráthar Seaghán d'innsint, mar tháinic
Seaghán na Claise go hAimeiriocá leis.
Ní raibh poinn Béarla aige, agus d'éirigh an
saoghal go maith leis. Acht sgéal eile is
eadh é sin.



Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services