SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.   
Thainic Máir' Ní Ghormacháin
chuige, agus d'fhiafraigh sé di, ar son 
na Maighdine Muire, fios a chur 
ar an sagart dho.
"Cuirfead," arsa Máire, "agus 
muna bhfaghad aon teachtaire eile 
chum dul dá iarraidh, raghad féin do shiubhal 
mo chos ar a lorg;" agus súd an doras amach 
í ar sodar.  Chuaidh sí go dtí an sgioból agus 
do glaodh sí ar Antoine.  Buachaill amisire 
dob' eadh Antoine.
"Éirigh id' shuidhe," ar sí, "atá an maigh-
istir ag fághail bháis, agus atá sé ag briseadh a 
chroidhe ag glaodhach ar an sagart.  Léim 
ar an gcapall is fearr 'san sgioból, agus éirigh 
ar a lorg ar son Dé."
"Nár imthighidh uainn acht é," arsa Antoine,
"an diabhal cos a raghad-sa ag iarraidh an 
tsagairt dho.  Bhí aimsir go leór aige i rith 
a shaoghail chum síothcháin a dhéanamh le Dia,
agus is beag an toradh a thugadh sé, ar na 
sagartaibh."
"Ná bac leis," arsa Máire, "gheallas 
duit an lá fá dheire go bpósfainn thú, acht 
má eitigheann tú anois me, ní fhéachfad idir 
an dá shúil go bráth ort.  Bíodh ort féin,
dob' fhearr liom fear dearg a phósadh 'ná 
thú."
"A! má's mar sin atá an sgéal agat,"
arsa Antoine, "ní dhéanfainn thú d'eiteach
ar shaidhbhreas mo mhaighistir."  Siúd anuas 
an staighre é, agus chuir sé an tsrian ar an 
gcapall dob' fhearr d'á raibh 'san sgioból, 
agus do léim sé ar a dhruim.
"Fan go fóil," arsa Máire, "abair leis 
an sagart, go bhfuil an t-áidhbheirseoir mic 
atá ag mo mhaighistir ag feitheamh chum é do 
lámhach, agus abair leis teacht go dtí an doras 
iadhta, agus leigfead-sa isteach é."
 
Do ghluais an capall ar cos i n-áirde, agus 
Antoine 'gá ghríosughadh chum reatha.  Bhí 
teine chreasa aige d'á bhuaint as an mbóthar 
le neart fuadair, agus níor leog se do'n fhuadar 
sin nó gur chuir sé dhe na sé mhíle do bhí 
idir tigh Thomáis na Claise agus Cathair na
n-Aingeal.  Do stad sé ag doras tighe an 
tsagairt agus do bhuail an doras.  D'éirigh an 
sagart as a leabsaidh, agus d'fhiafraigh de Antoine
cad do theastaigh uaidh.  Dubhairt Antoine
go raibh a mhaighistir, Tomás na Claise, ag 
tarraing na hanáile, agus ó bhuail an doigh é 
go raibh sé ag glaodhach ar an sagart, agus 
gur bhaoghalach ná béarfadh se 'na bheathaidh 
air.
"Béarfad, ná bidheadh eagla ort," ars'
an tAthair Pádraig Mac Suibhne.
Budh ghearr an mhoill ar an sagart go 
raibh sé i ndruim a chapaill féin, agus bhíodar 
chum imtheacht faoi dhéin tighe Thomáis na
Claise, nuair d'innis Antoine do'n tsagairt 
go raibh diabhal mic a bhí ag Tomás na Claise
ag feitheamh chum an tsagairt dolámhach,
mar ár teastaigh uaidh aon tsagart do bheith 
ag a athair roimh bhás dho.
"Fan go fóil," ars' an sagart, "agus bead-
sa ollamh do'n mbuachaill sin."  Chuaidh sé
thar a éis go dtí a thigh, agus chuir sé a phiostal 
'na phóca.
"Gluais ort anois," ar sé le Antoine, agus 
d'imthigheadar ar cos i n-áirde faoi dhéin 
tighe an fhir thinn.
"A athair," ar Antoine, "is fearr dhuit-
se dul go dtí an doras iadhta, agus beidh Máir'
Ní Ghormacháin ag faire chum thú a leigean 
isteach, agus b'fhéidir ná feicfeadh an rógaire 
mic i n-aon chor thu."
"Mise an eadh" mise teachtaire Dé a
dhul go dtí an doras iadhta," ars' an sagart, 
"ní gábha dhuit aon eagla bheith ort im'
taobh-sa.  Raghad-sa an doras mór isteach,
agus ní fhéadfaidh diabhal 'ná duine aon stop a 
chur liom."
Is gearr go raibh siad ag tigh Thomáis na
Claise, agus do léim an sagart de dhruim a 
chapaill, agus thug sé an tsrian do Antoine.
Suas go dtí an doras mór leis agus do bhuail
an clog go dána.
"Cé atá annsain?" arsa mac Thomáis na
Claise, agus d'fhosgail se an doras beagáinín 
chum féachaint cé bhí ann.
"Mise, sagart do pharáiste atá ann,"
ars an tAthair Mac Suibhne, "osgail an
doras agus leig isteach me."
"Imthigh leat, ní'l aon ghnó annso dhíot,"
ar an t-áidhbheirseoir mic.
"Deirim leat an doras so d'fhosgailt 
dhom, no brisfead isteach láitreach buinn é,"
ars' an sagart.
"Má thugair iarracht ar theacht annso 
isteach im' aimhdheóin, sgaoilfead an dá 
ph'léar aca ins an ghunna so thríot," ars an 
t-áidhbheirseoir mic.
Ní raibh na focail ar éigin as a bhéal,
nuair a chuir an sagart a ghuala leis an 
ndorus, isteachleis an ndorus agus do bhuail 
sé an fear istigh 'san éadan; do chuir an 
nídh sin an oiread de iongnadh air, nár 
mhothaigh sé aon nídh nó go raibh greim air 
chába a chasóige ag an sagart.  Chas sé amach 
mac Thomáis mór-timcheall ar a sháil cúpla 
uair, agus annsain dhín sé uaidh amach a lámh, agus 
chaith se ar bhior a chinn 'san chúinne é.
"Fan annsain anois, mo bhuachaill, nó go 
mbeidh mo ghnó-sa déanta," ars' an sagart.
D'fhan agus nior chuir sé cor as féin.  Chuaidh 
an sagart go dtí an fear breoite, agus dob'
é toil Dé go raibh a aithne agus a urlabhra aige 
roimhe.
D'ullmhuigh an sagart chum báis Tomás
na Claise.  D'imthigh an sagart leis féin,
agus nuair a bhí sé ag gabháil thar an aithid do 
 
bhí sínte 'san chúinne, do chorraigh sé le 
bárr a bhútaise é agus dubhairt: -
"Éirigh anois," ar sé, "Atá mo ghnó-sa 
déanta, buidheachas le Dia;" agus d'imthigh sé 
a bhaile do féin.
D'éirigh an aithid, agus chuaidh sé go dtí a 
sheomra, agus ní dubhairt sé thúm ná thaom, acht 
an glas do chur air féin.  Do chuaidh Máir'
Ní Ghormacháin ag triall ar an bhfear 
mbreóite, agus is é do bhí go buidheach dhi.
Dubhairt sé léithe an doras do dhúnadh, agus an 
glas a chur air.  Nuair a bhí sin déanta,
dubhairt se léithe féachaint ar an dtaobh
thiar de'n íomháigh do b'hi ar crochadh ar an 
mballa, agus go bhfeicfeadh sí rud beag mar 
chnaipe 'san bhalla, agus luighe ar leith na méar.
Do dhein, agus d'fhosgail fuinneog bheag.  Is 
amhlaidh bhí cloiséad beag ann, gan fhios do 
aonne, acht do Thomás féin.
"Tóg an buiscín atá annsain," arsa 
Tomás na Claise, "agus gheabha tú ris an 
mbuiscsín sin deich míle dalar i n-airgead 
pháipéir; bronnaim ort an mhéid sin airgid, 
acht amháin aon mhíle dalar amháin, noch do 
thabharfaidh tu do'n Athair Pádraig Mac
Suibhne, chum aifrinn do rádh ar son m'anma."
"A mhaighistir! atá an iomad airgid agat
d'á thabhairt dhomh-sa," arsa Máiréad Ní
Ghormacháin.
"Ná bíodh aon cheist ort 'na thaobh sin," 
arsa Tomás na Claise, "ní'lim-se ag 
dhéanamh éagcóra ar aon duine; beidh níos 
mó saidhbhris ag mo mhac míonádurtha 'ná 
mar a bheidh mar mhaithe leis.  Tóg an mhéid 
sin airgid, agus mo mhíle beannacht agat, oir 
mara mbeidheadh thusa, do thabharfadh an bás 
leis me gan an sagart.
Is gearr 'na dhiaidh sin gur tharraing sé
an anál.
Chum críoch do chur ar an sgéal so, do 
pósadh Máir' Ní Ghormacháin agus Antoine le 
n-a chéile, agus tá clann a gclainne anois 'san 
áit sin, agus urraim mhór ag gach duine orra.
Tar éis bháis a athar do mhac Thomáis na
Claise, do chrom sé ar ól agus ar imirt.  Is
fánach a chonnaic aon duine riamh é gan é 
do bheith ar meisge.  Do bhí gach uile shaidhbhreas
d'fhág a athair aige caithte i gcionn dá 
bhliadhan; annsain dob' é toil Dé gur chuaidh 
sé as a mheabhair agus do cuireadh go tigh na 
ngealt, go Napá é, agus fuair sé bás ann.
Sin é agaibh críoch Thomáis na Claise, agus a
chuid Béarla; agus 'tá sé fíor leis.  Acht 
caithfead filleadh go hÉirinn agus sgéal a 
dhearbhráthar Seaghán d'innsint, mar tháinic 
Seaghán na Claise go hAimeiriocá leis.
Ní raibh poinn Béarla aige, agus d'éirigh an 
saoghal go maith leis.  Acht sgéal eile is 
eadh é sin.
Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.