Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH. Éimhear: A Chonaill, cia hiad na cinn is dearbh linn gur dheargais t'airm; na cinn ó thárla ar an ngad, Sloinntear leat na fir d'ár baineadh. Conall: A inghean Fhearghail na n-each, A Éimhear úir na mbrat mbinn, Is i ndioghail Chon na gcleas Tugas liom a ndeas na cinn. Éimhear: Cia an ceann mala-dhubh mór, - Deirge ná 'n rós a ghruadh ghlan - 'Sé is neasa dom' leith chlí Ceann an ríogh nár athraigh dath? Conall: Ceann ríogh Midhe na n-each luath, Earc mac Cairbre na ngruadh ndearg; I ndíoghail mo dhaltáin féin Tugas liom i gcéin a cheann. Éimhear: Cia an ceann-so dom leith chlí, - Dearg a lí, ní locht d'á dheilbh? An ceann ó thárla gan corp, Is maith liom, gidh holc le Meidhbh. Conall: Máine mac Eipirt na n-each, Mac Mheidhbhe do chreach gach cuan, Ar sgaradh a chinn re a chorp Liom uile do thuit a shluagh. Éimhear: Cia an dá cheann-so ar maigh thoir, A Chonaill mhóir go ngoil ngaoith; Geal a n-aighthe, dubh a bhfuilt, Deirge a ngruadha ná fuil laoigh? Conall: Ceann Mháil agus Mhíodhna mhóir An dá cheann-soin is dóigh linn, Ag á bhfuaras ceann an Con Ag múr Theamhrach na sgor slim. Éimhear: Cia an ceann-so ar maigh thall Go bhfolt fann, go mala slim; Rosg mar oighre, déad mar bhláth, Áille seach cách cruth an chinn? Conall: Is leis sin do thuit an Chú; Do-rad a chorp fá chrú thais; Lughaidh mac Conraoi na rann, Tugas a cheann liom tar ais. Éimhear: Cia an dá cheann-so ar maigh theas A Chonaill mhóir na gcleas lúith; Aon dath ar fholtaibh na bhfear; Dearg a ngruadh, geal a ngnúis?
Conall: Cuileann Breagh agus Connla cruaidh, Dís do-bheirid buaidh i bhfeirg, - A Éimhear, ag soin a gcinn; D'fhágbhas a gcuirp fá linn deirg. Éimhear: Cia na sé cinn-se is olc niamh Do-chím féin ar an maigh thuaidh - Gorm a n-aighthe, dubh a bhfuilt, Siabharta a ruisg, a Chonaill chruaidh? Conall: Ar thearnadh ó chleas na Con Do chloinn Chailitin, - modh ngnáth, - Do mharbhas an seisear badhb; Do thuitsead leam arm seach cách. Éimhear: Cia an dá cheann-so is faide amach, A Chonaill mhóir do bhraith badhbh? Ar ghrádh th'oinigh ná ceil orm Ainm na déise ar ar dhonn th'airm? Conall: Cinn Laoghaire agus clainne Chuilt An dá cheann-so do thuit lem' ghuin; Do ghoinsead an Chú i Maigh Chairn; Tríd do dheargas m' airm 'na bhfuil. Éimhear: A Chonaill, a aithfir Dia, Cia an ceann-so d'ár ghiall cách, Go rós fá thrillsibh an chinn, Go gcumhdach slim d'airgead bhán? Conall: Ceann mic Fhinn mhic Rosa ruaidh, Maicniadh fuair bás lem' neart, A Éimhear ag soin a cheann, Airdrí Laighean na lann mbreac. Éimhear: Cia an ceann-so ghabhais id' láimh, A Chonaill mhóir, ní báidh linn? Ó nach maireann Cú na gcleas, Créad fá bhfuile ar leas an chinn? Conall: Ceann mic Fhearghusa na n-each, Muireadhach na gcreach nocht, Mac mo sheathrach, an túir teann, Do sgaras a cheann ré n-a chorp. Éimhear: A Chonaill mhóir Mhaighe an sgáil, Créad do thuit led' láimh gan locht Do na sluaghaibh do mhill sinn Leat i ndíoghail chinn an Con? Conall: Naonbhar agus dá fhichid céad, Adeirim leat, fá léan sluaigh, A dtorchair liom druim ar dhruim Do nimh mo chuilg choinligh chruaidh. Éimhear: A Chonaill, cionnus atáid Mná Inse Fáil tar éis na Con? An bhfuil cumha im' cholt ná im' chéis, Nó an dtiubhraid spéis i n-a ngol? Conall: A Éimhear, créad do dhéan féin Gan an Chú dom' réir fá ráith, Gan mo dhalta ba teann gliadh D'fhaicsin 'san bhfiadh go bráth? Éimhear: A Chonaill is oircheas domh - Ní luighfear le fear go bráth; Do-gheabhad bás do chumha na Con, A Chonaill, ná ceil ar cách. Cuir mé, a Chonaill san bfeart; Is fann mo neart mar atáim: Cuir mo bhéal ar bhéal na Con; Is oircheas domh dul n-a dháil. An Dubh 's an Liath Macha mear, An dá each fá gloine gníomh, Gach neach le a dtorcair a dtriath, Is orra thiar d'imris m' fhíoch.
Do-bheirim-se, a Chonaill fhéil, Mar choibhche duit féin go bráth, Mo bheannacht is mo chur 'san bhfeart is díbh is ceart, a fhir nach tláith. A haithle na laoidhe sin d'fhoráil Éimhear ar Chonall feart fairsing fíor-dhomhain do dhéanamh do Choin Chulainn agus do luigh sí féin mar-re n-a cóimhchéile agus do chuir a béal ar a bhéal agus adubhairt, "A chuagáin m'anma," ar sí, "agus a chara agus a chóimhleannáin agus a aon- rogha d'fhearaibh na talmhan, is iomdha bean do bhí tnúthach liom-sa fád' cheann gus anois agus ní budh beo mé tar h'éis," agus do chuaidh a hanam aisti agus do hadhnacadh í féin agus Cú Chulainn i n-aon uaigh le Conall agus do thóg sé a lia ós a leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham agus do fearadh a gcluiche caointe leis féin agus le hUltaibh uile. Gonadh í sin Brisleach mhór Mhaighe Mhuir- theimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh go nuige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services