Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deargruathar Chonaill Chearnaigh.

Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 65


DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH.



Éimhear:
A Chonaill, cia hiad na cinn
is dearbh linn gur dheargais
t'airm;
na cinn ó thárla ar an ngad,
Sloinntear leat na fir d'ár
baineadh.



Conall:
A inghean Fhearghail na n-each,
A Éimhear úir na mbrat mbinn,
Is i ndioghail Chon na gcleas
Tugas liom a ndeas na cinn.



Éimhear:
Cia an ceann mala-dhubh mór, -
Deirge ná 'n rós a ghruadh ghlan -
'Sé is neasa dom' leith chlí
Ceann an ríogh nár athraigh dath?



Conall:
Ceann ríogh Midhe na n-each luath,
Earc mac Cairbre na ngruadh ndearg;
I ndíoghail mo dhaltáin féin
Tugas liom i gcéin a cheann.



Éimhear:
Cia an ceann-so dom leith chlí, -
Dearg a lí, ní locht d'á dheilbh?
An ceann ó thárla gan corp,
Is maith liom, gidh holc le Meidhbh.



Conall:
Máine mac Eipirt na n-each,
Mac Mheidhbhe do chreach gach cuan,
Ar sgaradh a chinn re a chorp
Liom uile do thuit a shluagh.



Éimhear:
Cia an dá cheann-so ar maigh thoir,
A Chonaill mhóir go ngoil ngaoith;
Geal a n-aighthe, dubh a bhfuilt,
Deirge a ngruadha ná fuil laoigh?



Conall:
Ceann Mháil agus Mhíodhna mhóir
An dá cheann-soin is dóigh linn,
Ag á bhfuaras ceann an Con
Ag múr Theamhrach na sgor slim.



Éimhear:
Cia an ceann-so ar maigh thall
Go bhfolt fann, go mala slim;
Rosg mar oighre, déad mar bhláth,
Áille seach cách cruth an chinn?



Conall:
Is leis sin do thuit an Chú;
Do-rad a chorp fá chrú thais;
Lughaidh mac Conraoi na rann,
Tugas a cheann liom tar ais.



Éimhear:
Cia an dá cheann-so ar maigh theas
A Chonaill mhóir na gcleas lúith;
Aon dath ar fholtaibh na bhfear;
Dearg a ngruadh, geal a ngnúis?


L. 66


Conall:
Cuileann Breagh agus Connla cruaidh,
Dís do-bheirid buaidh i bhfeirg, -
A Éimhear, ag soin a gcinn;
D'fhágbhas a gcuirp fá linn deirg.



Éimhear:
Cia na sé cinn-se is olc niamh
Do-chím féin ar an maigh thuaidh -
Gorm a n-aighthe, dubh a bhfuilt,
Siabharta a ruisg, a Chonaill chruaidh?



Conall:
Ar thearnadh ó chleas na Con
Do chloinn Chailitin, - modh ngnáth, -
Do mharbhas an seisear badhb;
Do thuitsead leam arm seach cách.



Éimhear:
Cia an dá cheann-so is faide amach,
A Chonaill mhóir do bhraith badhbh?
Ar ghrádh th'oinigh ná ceil orm
Ainm na déise ar ar dhonn th'airm?



Conall:
Cinn Laoghaire agus clainne Chuilt
An dá cheann-so do thuit lem' ghuin;
Do ghoinsead an Chú i Maigh Chairn;
Tríd do dheargas m' airm 'na bhfuil.



Éimhear:
A Chonaill, a aithfir Dia,
Cia an ceann-so d'ár ghiall cách,
Go rós fá thrillsibh an chinn,
Go gcumhdach slim d'airgead bhán?



Conall:
Ceann mic Fhinn mhic Rosa ruaidh,
Maicniadh fuair bás lem' neart,
A Éimhear ag soin a cheann,
Airdrí Laighean na lann mbreac.



Éimhear:
Cia an ceann-so ghabhais id' láimh,
A Chonaill mhóir, ní báidh linn?
Ó nach maireann Cú na gcleas,
Créad fá bhfuile ar leas an chinn?



Conall:
Ceann mic Fhearghusa na n-each,
Muireadhach na gcreach nocht,
Mac mo sheathrach, an túir teann,
Do sgaras a cheann ré n-a chorp.



Éimhear:
A Chonaill mhóir Mhaighe an sgáil,
Créad do thuit led' láimh gan locht
Do na sluaghaibh do mhill sinn
Leat i ndíoghail chinn an Con?



Conall:
Naonbhar agus dá fhichid céad,
Adeirim leat, fá léan sluaigh,
A dtorchair liom druim ar dhruim
Do nimh mo chuilg choinligh chruaidh.



Éimhear:
A Chonaill, cionnus atáid
Mná Inse Fáil tar éis na Con?
An bhfuil cumha im' cholt ná im' chéis,
Nó an dtiubhraid spéis i n-a ngol?



Conall:
A Éimhear, créad do dhéan féin
Gan an Chú dom' réir fá ráith,
Gan mo dhalta ba teann gliadh
D'fhaicsin 'san bhfiadh go bráth?



Éimhear:
A Chonaill is oircheas domh -
Ní luighfear le fear go bráth;
Do-gheabhad bás do chumha na Con,
A Chonaill, ná ceil ar cách.



Cuir mé, a Chonaill san bfeart;
Is fann mo neart mar atáim:
Cuir mo bhéal ar bhéal na Con;
Is oircheas domh dul n-a dháil.



An Dubh 's an Liath Macha mear,
An dá each fá gloine gníomh,
Gach neach le a dtorcair a dtriath,
Is orra thiar d'imris m' fhíoch.


L. 67


Do-bheirim-se, a Chonaill fhéil,
Mar choibhche duit féin go bráth,
Mo bheannacht is mo chur 'san bhfeart
is díbh is ceart, a fhir nach tláith.



A haithle na laoidhe sin d'fhoráil Éimhear
ar Chonall feart fairsing fíor-dhomhain do
dhéanamh do Choin Chulainn agus do luigh sí féin
mar-re n-a cóimhchéile agus do chuir a béal ar
a bhéal agus adubhairt, "A chuagáin m'anma,"
ar sí, "agus a chara agus a chóimhleannáin agus a aon-
rogha d'fhearaibh na talmhan, is iomdha bean
do bhí tnúthach liom-sa fád' cheann gus anois
agus ní budh beo mé tar h'éis," agus do chuaidh a
hanam aisti agus do hadhnacadh í féin agus Cú
Chulainn i n-aon uaigh le Conall agus do thóg sé a
lia ós a leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna
i n-ogham agus do fearadh a gcluiche caointe
leis féin agus le hUltaibh uile.



Gonadh í sin Brisleach mhór Mhaighe Mhuir-
theimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh
go nuige sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services