Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH. Iomthús Chonaill, tar éis Mháil agus Mhíodhna do mharbhadh, adubhairt leis an marcradh, "Abradh neach éigin agaibh le hEarc mac Cair- bre teacht dom' agallamh amach, agus do bheirim-se fám' bhréithir, muna dtigidh, nach fuil san mbaile líon a chosanta orm nó go rachar d'á ionnsaighe," agus do hinnseadh sin d'Earc agus ro éirigh, ar n-a chlos sin, agus do ghabh a airm agus a éididh uime agus táinig as an dún amach agus trí caogaid curadh caith-éidighthe mar aon ris. "Maith," ar Conall, "is sádhail suaimhneach ataoi tar éis Con Culainn do mharbhadh." "Ná himir-se do spruic bhriathra orm," ar Earc, "óir ní íocfad éiric ná einioclann ann soin riot-sa, acht béim i n-aghaidh béime agus goin i n-aghaidh gona." "Truaighe sin," ar Conall, "ní ghéabhainn ór agus maitheas an domain uait gan do cheann do chur ar an ngad so imeasg na gceann oile." Is annsin d'ionnsaigheadar cách a chéile díobh, eadhón, Earc go n-a thrí caogaid curadh agus Conall i n-a aonar, .i. ríogh-laoch Éireann agus fear taistil agus cuartaighthe an domhain agus an tí nár theich roimh uathadh ná roimh shochaidhe ar muir ná ar tír riamh do ló ná d'oidhche, agus tugadar frasa diana dásach- tacha dío-cháirdeamhla agus luath-bhuillí láidhre d'á n-armaibh ar Chonall, agus táinig Conall go calma confadhach ar a gceart-lár gan coigioll agus do torchradh leis iad i n-a thim- cheall go sanntach sáir-chíocrach agus go fíochdha fíor-neartmhar fearamhail gur badh teasgadh taobh-chóirighthe tréin-fhir agus gur badh leath- roinnte a laochradh agus gur badh cneadhach créachtach a gcaith-mhíleadha ó na béimeannaibh mór-fhoghlacha sain, gur ghabh uathbhás agus crith- eagla agus urghráin an mhéid nár marbhadh do mhuintir Eirc ó'n urlaidhe ainmhín ainiarmhar- thach sin Chonaill, gur ghabh siad maidhm teithmhe go tinneasnach gan chéill gan chuimhne gan chathughadh as gach ionad i rabhadar amuigh agus istigh timcheall na Teamhrach, gur fhágbhadar Earc i n-a aonar agus tug Conall sáthadh sann- tach sáir-neartmhar sáir-neimhneach do'n Chúlghlais chinnghéir crann-reamhair i mullach a ochta agus a ur-bhruinne ar Earc, gur chuir ceann na sleighe tar a séimeannaibh tre n-a cheart-mheadhón gur bhris a dhruim i n-a cheart- lár agus tug coilg-bhéim laochdha láidir tarsna a thaoibh agus a cholna go ndearna dá órdán de idir sgéith agus claidheamh, corp agus cath-lúireach agus do dhícheannaigh go deithfreach annsin é, agus
do chuir "ar an ngad so i ndíoghail mo dhaltáin," ar Conall. Agus do chuaidh go Teamhraigh i ndiaidh an mhadhma agus do ghabh ag mudha agus ag marbhadh muntire Eirc agus lucht coiméadta na Teamh- rach gur marbhadh leis caogha curaidh im dhóirsibh na Teamhrach agus táinig Muireadhach mac Fearghusa .i. taoiseach teaghlaigh Eirc agus lucht coiméadta na Teamhrach maille ris do dhíoghail Eirc ar Chonall; agus d'fhógair Mui- readhach comhrac ar Chonall agus ro fhágaibh céad laich ar gach doras do cheithre dóirsibh na Teamhrach agus táinig céad laoch i n-a thimcheall féin d'fhreagra comhraic do Chonall, agus d'ionnsaigh an caith-mhíleadh cosgrach cruadh- chomhlannach an comhlann agus do gabh ag a sloidhe agus ag a sleachtadh agus ag a sár-bhualadh do bhéimeannaibh bríoghmhara boirb-neart- mhara biothurlamha báis agus do ghonaibh doimhne dlúthmhara gur thuit an céad sin i dtimceall Mhuireadhaigh san ionad sin agus téid Muireadhach féin i n-a raon madhma agus míochosgair d'ionn- saighe a mhuintire, agus mar ráinig ann d'fhógair comhrac ar Chonall agus do ghabh ag á aithisiughadh agus ag á imdheargadh; agus mar chuala Conall mór-ghotha Mhuireadhaigh do ling rabharta ruathar-bheodha rachta san rígh-mhíleadh agus fiuchadh fír-neimhneach feirge agus tonn ain- iarmharthach aingidheachta ann agus táinig go mear mór-dhásachtach agus tug buillí tábhachtacha tréan-láidre agus biseach bheodha ar na béim- eannaibh gur thuit an céad laoch soin leis agus do chuaidh Muireadhach ar éigin uathaibh agus d'ionnsaigh an treas doras do Theamhraigh agus mar rám{in}ig ann d'fhógair comhrac ar Chonall. Táinig Conall go sanntach sáir-dhíochra d'á ionnsaighe agus do ghabh ag á mudh go marbh- thach móir-aigeantach gur thuit an céad sain leis ar an láthair sin agus d'imthigh Muireadhach do thoradh a luais gus an gceathramhad doras. Cidh trácht, do thuit céad laoch ar gach doras dhóirsibh na Teamhrach le Conall agus do dhícheannaigh Muireadhach mac Fearghusa ar láir-mheadhón na Teamhrach do'n tréan- ruathar sin, agus do chuir a cheann ar an ngad as a haithle, agus adubhairt: "Is maith liom, a Mhuireadhaigh, do cheann do bheith agam i ndíoghail a ndearnais dom' ghríosadh agus dom' imdheargadh agus da mbadh mhó tighearnas nó dúthchas do Earc féin an baile so do loisgfinn é, acht ó's é imliocán agus port oireachtais Éireann, ní tharcaisneochaidhe ní- sa mhó é." Táinig Conall go madhmach mórdhálach amach ó Theamhraigh, agus an t-eolas i n-ar ghabh, tárla Colla mac Fathamhain dó, ar n-a fhágbháil do Lughaidh mac Connraoi, ag forfhaire dó ar Chonall, agus do fhreagair cách a chéile, agus tug Conall béim neimhneach náimhdighe do Cholla gur bhain a cheann de agus gur chuir ar an ngad é. "Dar mo bhréithir," ar Conall, "is maith liom mac Fathamhain do bheith i n-a chosair cró im' fhiadhnaise agus a cheann do bheith ag á iomchar agam," agus táinig roimhe ann sain, agus an t-eolas i n-ar ghabh, tárla Cuileann Breagh dó, agus do badh tréan-fhear teann agus míleadh mear- chalma an fear sain. Gidheadh, do dhícheann- aigh Conall é agus do chuir an ceann ar an ngad, agus do gabh ag mudha agus ag marbhadh a mhuintire gur chuir i n-a maidhm móir-theithmhe iad, gach neach nachar thuit leis díobh, agus do ghabh Conall ag maoidheamh chinn Chuillinn do bheith ar a gcumas féin aige; agus táinig roimhe go sídh cró caoimhe agus do chonnairc deatach mór i gcomhghar do. "Is fíor sin," ar Conall, "is dream éigin d'fhearaibh Éireann atá annsúd agus cuid do bhuar agus do bhraighdibh Uladh aca ann," agus táinig Conall d'ionnsaighe na teineadh agus is iad do bhí ann, i clann Chailitin agus is eadh adubhairt,
"do bheirim a bhuidhe ris na déibh d'á n-adhraim breith oraibh. An tan do chonncadar na haimidighe adhuathmhara é, ro aithneadar é, agus adubhairt sain nach tárla ar muir ná ar tír leis riamh turcharta dob' fhearr leis 'ná iad agus gion go dtuitfeadh leis d'fhearaibh Éireann acht iad amháin, "Do badh mhaith mo thoisg agus mo thuras go hÉireann," ar sé, "do dhíoghail mo dhaltáin agus is buidheach do bheinn do'n tí do bhéaradh na sé cinn sin go hEamhain Mhacha, agus is lúthgháireach do bheidís banntracht agus bandála maithe agus mór-uaisle Uladh ag á bhfaicsin." Is annsin d'ionnsaigh Conall go díocra dásachtach an teine agus do ghabh ag á sloidhe agus ag á síor-bhualadh agus ro éirgheadar na haimidighe aithiseacha urghránna ar a n-aon- chosaibh agus ar a n-aon-lámhaibh agus do ghabhadar go fraoch-ghonach fír-neimhneach ag lot agus ag laoch-bhualadh Conaill agus ó fuair-sean a n-anbhfainne do ghab sé go lúthmhar laoich- bheodha ag á luath-bhuladh agus níor sguir do na tuaith-aimidighibh taobh-ainmheacha soin nó gur thuiteadar d'á bhrath-bhuillíbh borba bran- mharbhthacha agus do bhain sé na sé cinn uathmhara ainmheacha díobh agus do chuir ar na ngad iad. Táinig Conall iar sain go subhach soi- mheanmnach san slighe, ar mbreith buadha chloinne Cailitin, agus mar ráinig go Glaise Cruinn ris a n-abartar Glaise Cró an tan so, do chonnairc an cath cóimheagair ceang- ailte ar n-a chórughadh ar a chionn, agus is é do bhí ann, .i. Connla comhdhalta Connraoi mac Dáire agus teaghlach agus muintir Lughaidh mac Connraoi i n-a fharradh ann, agus ro ionnsaigh an caithmhíleadh curata, Conall, fá na sluaghaibh agus do ghabhsad ag comhthuargain agus ag tréan-leadradh a chéile go hainiarmharthach éicht-bheodha agus tugadar ceatha cóimhthiugha agus frasa fíor-mhóra faobhair-dhearga fogha d'ionnsaighe a chéile, agus níor an Conall ag gonaibh ná ag iombhualadh na buidhne sin, acht do ghabh go marbhthach móir-éachtach ag sloidhe agus ag slat-bhualadh na sochaidhe go nach deachaidh aon díobh uaidh gan marbhadh, muna ndeachaidh duine díobh a maidhm no a mío- chosgair, agus do thuiteadar deich gcéad leis ar eochair-imlibh an átha i bhfus agus thall go dtárla Conall agus Connla re chéile agus do rónsad comhrac ainmhín amfheargach re hathaidh fhada gur thuit Connla i bhfoirchionn an chomhraic do bhrath-bhuillíbh Conaill agus do chuir a cheann ar an ngad as a haithle; agus do ghabh ag féacham an áir i n-a thimhceall sic agus do chonnairc na meidhe maoil-dearga agus na cuirp chíorrtha chraos-osgailte agus na sith-linnte fola ag sileadh is an nglaise gur badh caoba cró-fhola an ghlaise lionn-fhuar, agus ar n-a fhaicsin amhlaidh sin dó, adubhairt gur Glaise Cró a hainm ó sin amach go bráth. Táinig roimhe iar sin go Muigh Airgead- ruis agus do bhí Lughaidh mac Connraoi ar a chionn ann agus catha cóirighthe aige agus ní teicheadh ná iomghabháil do rinne Conall rómpa acht d'ionnsaigh iad fó chéadóir, agus ro badh cosmhail re héirghe teineadh tréine trom-anfadh ag briseadh fó thír Conall ag dian-sgaoileadh agus ag dlúth-mharbhadh chloinne Deaghaidh i n-a thimcheall no gur thuiteadar dóid fria dóid agus uillinn re huillinn go rabhadar i n-a linntibh fola d'á éis agus ro chomhraic féin agus Lughaidh re chéile. "Maith, ámh, a Chonaill," ar Lughaidh, "ní hionchomhraic sinne i n-ár ndís .i. tusa agus do dhá láimh agat agus mise ar leath-láimh agus is amhlaidh do bhiamaois comhthrom .i. do lámh dheas so do cheangal." Do ceangladh lámh dheas Chonaill iar sin agus do ghabhadar dá chlaidheamh chlais-leathna choilg-dhíreacha chruaidh-neimhneacha chuca agus do rónsad urlaidhe ainiarmharthach agus tug Lughaidh
buille bríoghmhar boirb-neartmhar chum Conaill gur ghearr an ceangal agus an chuibh- reach do bhí ar a láimh aige agus ar bhfaicsin na láimhe sgaoilte do Lughaidh is eadh adubhairt, "A Chonaill chaoimh chosgraigh chath-bhuadhaigh chomhlann-chruaidh, ceangail do lámh go lán- daingean mar do gheallais." "Ní dhingéan," ar Conall, "óir an tan do cheanglas í, do b'aithreach liom é, agus do sgaoilis féin dod' luathbhuillíbh; ní ceangal- tar feasta í acht cheana." Ní cian iar sin gur thuit Lughaidh lán- éachtach meanmnach mór-dhálach mac Connraoi le láimh chosgraigh chathbhuadhaigh Chonaill chleas- chalma Chearnaigh agus do dhícheannaigh as a haithle é. Is annsin do ghabh labaidhe le n-a mhac é agus adubhairt "muna ndícheanntá-sa Chú Chulainn ní díongantaoi liomsa tusa do dhícheannadh agus is dursan liom-sa do theangmháil dom, óir is mé an treas athair do bhí agat." Trí haithreacha iomorro ro fhágaibh a mháthair ag Lughaidh do bhrígh nár bh'fhios di cia haca d'ár mhac díleas é, .i. Cúroí mac Dáire rí Mumhan agus Cú Chulainn mac Subhaltaigh agus Conall Cearnach mac Aimhirgin. Do chomhraic Glinne mac Deaghaidh iar sin le Conall agus do dícheannadh le Conall é agus do chuir cinn na dtaoiseach ar an ngad gur badh lán an gad do chlannaibh ríogh agus ró-dhaoine bhfear n-Éireann. Cidh trácht, níor badh sásta Conall lé'r thuit leis d'uaislibh Mumhan agus Connacht gan a lámh do dheargadh ar Laighneachaibh agus gluais- eas roimhe go réim-dhíreach gan cor gan caime go ráinig dún agus deagh-árus ríogh Maicniadh mic Rosa, .i. rí Laighean agus cuireas sgéala go Maicniadh teacht d'á agallamh ó nach raibh lucht a chosanta i Laighnibh uile air leis sin. Táinig Maicniadh, líon a theaghlaigh agus mhuintire, agus feartar cath cródha eatorra. Gidh, ar marbhadh na sluagh uile, do chomhraic Conall agus rí Laighean le chéile gur thuit Maicniadh i bhfoirchionn an chomhlainn sin agus dícheannas Conall go deithbhireach é agus cuireas a cheann ar an ngad agus do ghluais roimhe is na ródaibh. Ro dhírigh i n-athghairid gacha conaire nó go ráinig Dún Dealgan mar a raibh corp Con Culainn agus do léig na cinn sin ar an bhfaithche agus do chuir ar chuaillidhibh bioraighthe iad i dtimcheall na faithche fairsinge féar- uaine, agus léigid gáir mór san dún, ar bhfaicsin na laoch-cheann sain ar na leabar- chuaillidhibh. Táinig Éimhear amach agus is eadh adubhairt, "Mo mhóir-chean fiadh agus fáilte dhuit, a rígh- mhíleadh, agus ní bás do chreacht iomdha na hEamhna, ó do mhairis id' fhear díoghalta fala d'Ultachaibh d'á éis, agus déantar a adhnachadh feasta, agus léigthear m'ionad-sa i n-a fhochair san uaigh, óir ní domh-sa marthain d'á éis, agus innis dúinn cia d'uaislibh fear n-Éireann ar a rabhadar na cinn úd ar na bior-chuaillidhibh-se i dtimcheall na faithche," agus do rinne féin agus Conall an laoidh-se síos eatorra: - (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services