Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deargruathar Chonaill Chearnaigh.

Title
Deargruathar Chonaill Chearnaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 49


DEARG-RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH.



Iomthús Chonaill, tar éis Mháil agus
Mhíodhna do mharbhadh, adubhairt
leis an marcradh, "Abradh neach
éigin agaibh le hEarc mac Cair-
bre teacht dom' agallamh amach,
agus do bheirim-se fám' bhréithir,
muna dtigidh, nach fuil san
mbaile líon a chosanta orm nó
go rachar d'á ionnsaighe," agus do
hinnseadh sin d'Earc agus ro éirigh,
ar n-a chlos sin, agus do ghabh a airm
agus a éididh uime agus táinig as an dún amach agus
trí caogaid curadh caith-éidighthe mar aon
ris.



"Maith," ar Conall, "is sádhail suaimhneach
ataoi tar éis Con Culainn do mharbhadh."



"Ná himir-se do spruic bhriathra orm," ar
Earc, "óir ní íocfad éiric ná einioclann
ann soin riot-sa, acht béim i n-aghaidh béime
agus goin i n-aghaidh gona."



"Truaighe sin," ar Conall, "ní ghéabhainn
ór agus maitheas an domain uait gan do cheann
do chur ar an ngad so imeasg na gceann
oile."



Is annsin d'ionnsaigheadar cách a chéile
díobh, eadhón, Earc go n-a thrí caogaid
curadh agus Conall i n-a aonar, .i. ríogh-laoch
Éireann agus fear taistil agus cuartaighthe an
domhain agus an tí nár theich roimh uathadh ná
roimh shochaidhe ar muir ná ar tír riamh do ló
ná d'oidhche, agus tugadar frasa diana dásach-
tacha dío-cháirdeamhla agus luath-bhuillí láidhre
d'á n-armaibh ar Chonall, agus táinig Conall go
calma confadhach ar a gceart-lár gan
coigioll agus do torchradh leis iad i n-a thim-
cheall go sanntach sáir-chíocrach agus go fíochdha
fíor-neartmhar fearamhail gur badh teasgadh
taobh-chóirighthe tréin-fhir agus gur badh leath-
roinnte a laochradh agus gur badh cneadhach
créachtach a gcaith-mhíleadha ó na béimeannaibh
mór-fhoghlacha sain, gur ghabh uathbhás agus crith-
eagla agus urghráin an mhéid nár marbhadh do
mhuintir Eirc ó'n urlaidhe ainmhín ainiarmhar-
thach sin Chonaill, gur ghabh siad maidhm teithmhe
go tinneasnach gan chéill gan chuimhne gan
chathughadh as gach ionad i rabhadar amuigh agus
istigh timcheall na Teamhrach, gur fhágbhadar
Earc i n-a aonar agus tug Conall sáthadh sann-
tach sáir-neartmhar sáir-neimhneach do'n
Chúlghlais chinnghéir crann-reamhair i mullach
a ochta agus a ur-bhruinne ar Earc, gur chuir
ceann na sleighe tar a séimeannaibh tre n-a
cheart-mheadhón gur bhris a dhruim i n-a cheart-
lár agus tug coilg-bhéim laochdha láidir tarsna
a thaoibh agus a cholna go ndearna dá órdán de
idir sgéith agus claidheamh, corp agus cath-lúireach
agus do dhícheannaigh go deithfreach annsin é, agus


L. 50


do chuir "ar an ngad so i ndíoghail mo
dhaltáin," ar Conall.



Agus do chuaidh go Teamhraigh i ndiaidh an
mhadhma agus do ghabh ag mudha agus ag marbhadh
muntire Eirc agus lucht coiméadta na Teamh-
rach gur marbhadh leis caogha curaidh im
dhóirsibh na Teamhrach agus táinig Muireadhach
mac Fearghusa .i. taoiseach teaghlaigh Eirc agus
lucht coiméadta na Teamhrach maille ris do
dhíoghail Eirc ar Chonall; agus d'fhógair Mui-
readhach comhrac ar Chonall agus ro fhágaibh céad
laich ar gach doras do cheithre dóirsibh na
Teamhrach agus táinig céad laoch i n-a thimcheall
féin d'fhreagra comhraic do Chonall, agus
d'ionnsaigh an caith-mhíleadh cosgrach cruadh-
chomhlannach an comhlann agus do gabh ag a
sloidhe agus ag a sleachtadh agus ag a sár-bhualadh
do bhéimeannaibh bríoghmhara boirb-neart-
mhara biothurlamha báis agus do ghonaibh doimhne
dlúthmhara gur thuit an céad sin i dtimceall
Mhuireadhaigh san ionad sin agus téid Muireadhach
féin i n-a raon madhma agus míochosgair d'ionn-
saighe a mhuintire, agus mar ráinig ann d'fhógair
comhrac ar Chonall agus do ghabh ag á aithisiughadh
agus ag á imdheargadh; agus mar chuala Conall
mór-ghotha Mhuireadhaigh do ling rabharta
ruathar-bheodha rachta san rígh-mhíleadh agus
fiuchadh fír-neimhneach feirge agus tonn ain-
iarmharthach aingidheachta ann agus táinig go
mear mór-dhásachtach agus tug buillí tábhachtacha
tréan-láidre agus biseach bheodha ar na béim-
eannaibh gur thuit an céad laoch soin leis
agus do chuaidh Muireadhach ar éigin uathaibh agus
d'ionnsaigh an treas doras do Theamhraigh agus
mar rám{in}ig ann d'fhógair comhrac ar Chonall.



Táinig Conall go sanntach sáir-dhíochra
d'á ionnsaighe agus do ghabh ag á mudh go marbh-
thach móir-aigeantach gur thuit an céad sain
leis ar an láthair sin agus d'imthigh Muireadhach
do thoradh a luais gus an gceathramhad
doras.



Cidh trácht, do thuit céad laoch ar gach
doras dhóirsibh na Teamhrach le Conall agus
do dhícheannaigh Muireadhach mac Fearghusa
ar láir-mheadhón na Teamhrach do'n tréan-
ruathar sin, agus do chuir a cheann ar an ngad
as a haithle, agus adubhairt:



"Is maith liom, a Mhuireadhaigh, do cheann
do bheith agam i ndíoghail a ndearnais dom'
ghríosadh agus dom' imdheargadh agus da mbadh mhó
tighearnas nó dúthchas do Earc féin an baile
so do loisgfinn é, acht ó's é imliocán agus port
oireachtais Éireann, ní tharcaisneochaidhe ní-
sa mhó é."



Táinig Conall go madhmach mórdhálach
amach ó Theamhraigh, agus an t-eolas i n-ar ghabh,
tárla Colla mac Fathamhain dó, ar n-a
fhágbháil do Lughaidh mac Connraoi, ag
forfhaire dó ar Chonall, agus do fhreagair cách
a chéile, agus tug Conall béim neimhneach
náimhdighe do Cholla gur bhain a cheann de agus
gur chuir ar an ngad é.



"Dar mo bhréithir," ar Conall, "is maith
liom mac Fathamhain do bheith i n-a chosair
cró im' fhiadhnaise agus a cheann do bheith ag á
iomchar agam," agus táinig roimhe ann sain, agus an
t-eolas i n-ar ghabh, tárla Cuileann Breagh dó,
agus do badh tréan-fhear teann agus míleadh mear-
chalma an fear sain. Gidheadh, do dhícheann-
aigh Conall é agus do chuir an ceann ar an
ngad, agus do gabh ag mudha agus ag marbhadh a
mhuintire gur chuir i n-a maidhm móir-theithmhe
iad, gach neach nachar thuit leis díobh, agus do
ghabh Conall ag maoidheamh chinn Chuillinn do
bheith ar a gcumas féin aige; agus táinig roimhe
go sídh cró caoimhe agus do chonnairc deatach
mór i gcomhghar do.



"Is fíor sin," ar Conall, "is dream éigin
d'fhearaibh Éireann atá annsúd agus cuid do
bhuar agus do bhraighdibh Uladh aca ann," agus táinig
Conall d'ionnsaighe na teineadh agus is iad do
bhí ann, i clann Chailitin agus is eadh adubhairt,


L. 51


"do bheirim a bhuidhe ris na déibh d'á n-adhraim
breith oraibh.



An tan do chonncadar na haimidighe
adhuathmhara é, ro aithneadar é, agus adubhairt
sain nach tárla ar muir ná ar tír leis riamh
turcharta dob' fhearr leis 'ná iad agus gion go
dtuitfeadh leis d'fhearaibh Éireann acht iad
amháin, "Do badh mhaith mo thoisg agus mo thuras
go hÉireann," ar sé, "do dhíoghail mo
dhaltáin agus is buidheach do bheinn do'n tí do
bhéaradh na sé cinn sin go hEamhain Mhacha,
agus is lúthgháireach do bheidís banntracht agus
bandála maithe agus mór-uaisle Uladh ag á
bhfaicsin."



Is annsin d'ionnsaigh Conall go díocra
dásachtach an teine agus do ghabh ag á sloidhe agus
ag á síor-bhualadh agus ro éirgheadar na
haimidighe aithiseacha urghránna ar a n-aon-
chosaibh agus ar a n-aon-lámhaibh agus do ghabhadar
go fraoch-ghonach fír-neimhneach ag lot agus ag
laoch-bhualadh Conaill agus ó fuair-sean a
n-anbhfainne do ghab sé go lúthmhar laoich-
bheodha ag á luath-bhuladh agus níor sguir do
na tuaith-aimidighibh taobh-ainmheacha soin nó
gur thuiteadar d'á bhrath-bhuillíbh borba bran-
mharbhthacha agus do bhain sé na sé cinn uathmhara
ainmheacha díobh agus do chuir ar na ngad iad.



Táinig Conall iar sain go subhach soi-
mheanmnach san slighe, ar mbreith buadha
chloinne Cailitin, agus mar ráinig go Glaise
Cruinn ris a n-abartar Glaise Cró an tan
so, do chonnairc an cath cóimheagair ceang-
ailte ar n-a chórughadh ar a chionn, agus is é do
bhí ann, .i. Connla comhdhalta Connraoi mac
Dáire agus teaghlach agus muintir Lughaidh mac
Connraoi i n-a fharradh ann, agus ro ionnsaigh
an caithmhíleadh curata, Conall, fá na
sluaghaibh agus do ghabhsad ag comhthuargain agus
ag tréan-leadradh a chéile go hainiarmharthach
éicht-bheodha agus tugadar ceatha cóimhthiugha
agus frasa fíor-mhóra faobhair-dhearga fogha
d'ionnsaighe a chéile, agus níor an Conall ag
gonaibh ná ag iombhualadh na buidhne sin, acht
do ghabh go marbhthach móir-éachtach ag sloidhe
agus ag slat-bhualadh na sochaidhe go nach
deachaidh aon díobh uaidh gan marbhadh, muna
ndeachaidh duine díobh a maidhm no a mío-
chosgair, agus do thuiteadar deich gcéad leis
ar eochair-imlibh an átha i bhfus agus thall go
dtárla Conall agus Connla re chéile agus do
rónsad comhrac ainmhín amfheargach re
hathaidh fhada gur thuit Connla i bhfoirchionn
an chomhraic do bhrath-bhuillíbh Conaill agus do
chuir a cheann ar an ngad as a haithle; agus do
ghabh ag féacham an áir i n-a thimhceall sic agus do
chonnairc na meidhe maoil-dearga agus na cuirp
chíorrtha chraos-osgailte agus na sith-linnte
fola ag sileadh is an nglaise gur badh caoba
cró-fhola an ghlaise lionn-fhuar, agus ar n-a
fhaicsin amhlaidh sin dó, adubhairt gur Glaise
Cró a hainm ó sin amach go bráth.



Táinig roimhe iar sin go Muigh Airgead-
ruis agus do bhí Lughaidh mac Connraoi ar a
chionn ann agus catha cóirighthe aige agus ní teicheadh
ná iomghabháil do rinne Conall rómpa acht
d'ionnsaigh iad fó chéadóir, agus ro badh cosmhail
re héirghe teineadh tréine trom-anfadh ag
briseadh fó thír Conall ag dian-sgaoileadh
agus ag dlúth-mharbhadh chloinne Deaghaidh i n-a
thimcheall no gur thuiteadar dóid fria dóid
agus uillinn re huillinn go rabhadar i n-a
linntibh fola d'á éis agus ro chomhraic féin agus
Lughaidh re chéile.



"Maith, ámh, a Chonaill," ar Lughaidh, "ní
hionchomhraic sinne i n-ár ndís .i. tusa agus do
dhá láimh agat agus mise ar leath-láimh agus is
amhlaidh do bhiamaois comhthrom .i. do lámh
dheas so do cheangal."



Do ceangladh lámh dheas Chonaill iar sin agus
do ghabhadar dá chlaidheamh chlais-leathna
choilg-dhíreacha chruaidh-neimhneacha chuca agus do
rónsad urlaidhe ainiarmharthach agus tug Lughaidh


L. 52


buille bríoghmhar boirb-neartmhar chum
Conaill gur ghearr an ceangal agus an chuibh-
reach do bhí ar a láimh aige agus ar bhfaicsin na
láimhe sgaoilte do Lughaidh is eadh adubhairt,
"A Chonaill chaoimh chosgraigh chath-bhuadhaigh
chomhlann-chruaidh, ceangail do lámh go lán-
daingean mar do gheallais."



"Ní dhingéan," ar Conall, "óir an tan
do cheanglas í, do b'aithreach liom é, agus do
sgaoilis féin dod' luathbhuillíbh; ní ceangal-
tar feasta í acht cheana."



Ní cian iar sin gur thuit Lughaidh lán-
éachtach meanmnach mór-dhálach mac Connraoi
le láimh chosgraigh chathbhuadhaigh Chonaill chleas-
chalma Chearnaigh agus do dhícheannaigh as a
haithle é.



Is annsin do ghabh labaidhe le n-a mhac é agus
adubhairt "muna ndícheanntá-sa Chú Chulainn
ní díongantaoi liomsa tusa do dhícheannadh
agus is dursan liom-sa do theangmháil dom,
óir is mé an treas athair do bhí agat."



Trí haithreacha iomorro ro fhágaibh a mháthair
ag Lughaidh do bhrígh nár bh'fhios di cia haca
d'ár mhac díleas é, .i. Cúroí mac Dáire rí
Mumhan agus Cú Chulainn mac Subhaltaigh agus
Conall Cearnach mac Aimhirgin.



Do chomhraic Glinne mac Deaghaidh iar sin
le Conall agus do dícheannadh le Conall é agus do
chuir cinn na dtaoiseach ar an ngad gur badh
lán an gad do chlannaibh ríogh agus ró-dhaoine
bhfear n-Éireann.



Cidh trácht, níor badh sásta Conall lé'r
thuit leis d'uaislibh Mumhan agus Connacht gan
a lámh do dheargadh ar Laighneachaibh agus gluais-
eas roimhe go réim-dhíreach gan cor gan
caime go ráinig dún agus deagh-árus ríogh
Maicniadh mic Rosa, .i. rí Laighean agus cuireas
sgéala go Maicniadh teacht d'á agallamh ó
nach raibh lucht a chosanta i Laighnibh uile air
leis sin. Táinig Maicniadh, líon a theaghlaigh
agus mhuintire, agus feartar cath cródha eatorra.
Gidh, ar marbhadh na sluagh uile, do chomhraic
Conall agus rí Laighean le chéile gur thuit
Maicniadh i bhfoirchionn an chomhlainn sin
agus dícheannas Conall go deithbhireach é agus
cuireas a cheann ar an ngad agus do ghluais
roimhe is na ródaibh.



Ro dhírigh i n-athghairid gacha conaire nó
go ráinig Dún Dealgan mar a raibh corp
Con Culainn agus do léig na cinn sin ar an
bhfaithche agus do chuir ar chuaillidhibh bioraighthe
iad i dtimcheall na faithche fairsinge féar-
uaine, agus léigid gáir mór san dún, ar
bhfaicsin na laoch-cheann sain ar na leabar-
chuaillidhibh.



Táinig Éimhear amach agus is eadh adubhairt,
"Mo mhóir-chean fiadh agus fáilte dhuit, a rígh-
mhíleadh, agus ní bás do chreacht iomdha na
hEamhna, ó do mhairis id' fhear díoghalta
fala d'Ultachaibh d'á éis, agus déantar a
adhnachadh feasta, agus léigthear m'ionad-sa i
n-a fhochair san uaigh, óir ní domh-sa marthain
d'á éis, agus innis dúinn cia d'uaislibh fear
n-Éireann ar a rabhadar na cinn úd ar na
bior-chuaillidhibh-se i dtimcheall na faithche,"
agus do rinne féin agus Conall an laoidh-se síos
eatorra: -



(Ní críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services