Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mannabhár Mór Mac Ríogh Lochlann.
Title
Mannabhár Mór Mac Ríogh Lochlann.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MANNABHÁR MÓR MAC RÍOGH LOCHLANN. Nuair a bhí Fionn mac Cumhaill 'na chomhnaidhe i bhfogus do chnoc an Fhionnchairn, fuair sé sgéala ar Mhannabhár Mór, mac Ríogh Lochlann, go rabh sé ag teacht go hÉirinn go bhféachadh sé na Fianna go bhfeiceadh sé an rabh sé comh maith leó. Cha rabh Osgar nó Goll nó na fir ab' fhearr acú 'sa' mbaile. Cheasnuigh Fionn mac Cumhaill nuair a chonnaic sé an gaisgidheach ag teacht, bhí sé comh mór sin, agus cha rabh 'fhios aige goidé dhéanfadh se. Smaoinigh bean Fhinn ar dhóigh a shábháilfeadh é. Dubhairt sise leis luighe 'sa' chliabhán agus go ndéarfadh sí gur páisde bhí ionn, agus Oisin a chur ag buachailleacht an eallaigh. Rinn sí sin ar dhóigh go rachadh Mannabhár Mór ar ais go críochaibh Lochlann le heagla roimhe fearaibh móra na Féinne. Thainic an fear mór isteach chuige bean Fhinn. "Tá an ghaoth ar an dorus," adeir se. "M'fhíor go bhfuil," arsa bean Fhinn; "dhá mbéidheadh na laoich 'sa' mbaile," ars' ise, "cha bhéidheadh an ghaoth ar an dorus." "Goidé dheanfadh siad?" arsa Mannabhar Mór. "Bheireadh fear acú ar an tigh," ars' í, "is thionntachadh siad a chúla leis an ghaoith." (Shaoil sise go gcuirfeadh sin iongantas air, agus nach mbéidheadh sé ar son a dhéanta.) "Gheanaidh mise sin," arsa Mannabhár Mór. Bheir sé ar an tigh is thionntuigh a chúla leis an ghaoith. Tighthe ádhmaid a bhí ionn an uair sin agus char bh'fhada dhó d'á dheanamh. Thainic se isteach agus thug sé fó ndear an duine bhí ins an chliabhán. "Goidé tá ins an chliabhán innseo?" arsa Mannabhár Mór. "Tá páisde," arsa bean an tighe. Shaoil sé innsin gur páisde de chuid Fhinn a bhí ionn. "A' bhfuil fiacla aige?" adeir sé. Dubhairt sí go rabh sé ag fághail na bhfiacla. Chuir sé a mhéar i mbéal an pháisde is bhain an páisde cionn a mhéir de. "Má tá na fir mhóra comh crosda leis na páisdíbh," adeir sé, "chan fhuil gnaithe ag aon fhear ag teacht chuca." "Bhfuil aon ghreim feola agat?" adeir dé le bean an tighe. "Chan fhuil," adeir sí, "acht téidh amach is tabhair bológ isteach as an stoc." D'imthigh Mannabhár Mór amach 'un na páirce agus chuaidh sé a thiomáin na bolóige. Thainic Oisin is chuir se tiobadh ar an mbolóig. Bheir Mannabhár Mór greim adhairce ar an mbolóig is bheir Oisín greim ar an adhairc eile. Tharraing siad an bhológ eatorra go dearn siad dhá leith dí. Tháinic Mannabhár Mór a bhaile is leith na bolóige leis. "Fagh réidh sin," adeir sé leis an mnaoi; "bhí buachaill bó amuigh, is char leig sé liom acht leith na bolóige." Fuaras réidh an fheoil. Fuair sí greidiol,
is chuir sí folach taois ar gach aon taoibh dí 'cos ísiol, is chuir sí leis an teinidh é gur thriomuigh sí é. Bhí cuma bunnóige aráin air innsin. D'ith Mannabhár Mór a sháith de'n fheoil, agus d'ith sé an greidiol. "Chan iongantas do fhearaibh na hÉireann a bheith láidir," adeir se, "ag ithe an aráin chruaidh." Thainic tart mór air innsin, is chuaidh sé síos go Bealach Mannabháir is cuir sé a bhéal roimh an fhalc. Chaith bean Fhinn nimh (no sleagh) 'san abhainn ar an uisge is chuaidh sé isteach i n-a bhéal go bhfuair sé bás. H-iolcadh é i mullach Fhionnchairn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services