Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mannabhár Mór Mac Ríogh Lochlann.

Title
Mannabhár Mór Mac Ríogh Lochlann.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MANNABHÁR MÓR MAC RÍOGH
LOCHLANN.



Nuair a bhí Fionn mac Cumhaill 'na
chomhnaidhe i bhfogus do chnoc an Fhionnchairn,
fuair sé sgéala ar Mhannabhár Mór, mac
Ríogh Lochlann, go rabh sé ag teacht go
hÉirinn go bhféachadh sé na Fianna go
bhfeiceadh sé an rabh sé comh maith leó.



Cha rabh Osgar nó Goll nó na fir ab' fhearr
acú 'sa' mbaile. Cheasnuigh Fionn mac
Cumhaill nuair a chonnaic sé an gaisgidheach
ag teacht, bhí sé comh mór sin, agus cha rabh
'fhios aige goidé dhéanfadh se. Smaoinigh
bean Fhinn ar dhóigh a shábháilfeadh é. Dubhairt
sise leis luighe 'sa' chliabhán agus go ndéarfadh
sí gur páisde bhí ionn, agus Oisin a chur ag
buachailleacht an eallaigh. Rinn sí sin ar
dhóigh go rachadh Mannabhár Mór ar ais go
críochaibh Lochlann le heagla roimhe fearaibh
móra na Féinne.



Thainic an fear mór isteach chuige bean
Fhinn.



"Tá an ghaoth ar an dorus," adeir se.



"M'fhíor go bhfuil," arsa bean Fhinn; "dhá
mbéidheadh na laoich 'sa' mbaile," ars' ise,
"cha bhéidheadh an ghaoth ar an dorus."



"Goidé dheanfadh siad?" arsa Mannabhar
Mór.



"Bheireadh fear acú ar an tigh," ars' í, "is
thionntachadh siad a chúla leis an ghaoith."
(Shaoil sise go gcuirfeadh sin iongantas air,
agus nach mbéidheadh sé ar son a dhéanta.)



"Gheanaidh mise sin," arsa Mannabhár
Mór.



Bheir sé ar an tigh is thionntuigh a chúla
leis an ghaoith. Tighthe ádhmaid a bhí ionn an
uair sin agus char bh'fhada dhó d'á dheanamh.
Thainic se isteach agus thug sé fó ndear an duine
bhí ins an chliabhán.



"Goidé tá ins an chliabhán innseo?" arsa
Mannabhár Mór.



"Tá páisde," arsa bean an tighe.



Shaoil sé innsin gur páisde de chuid Fhinn
a bhí ionn.



"A' bhfuil fiacla aige?" adeir sé.



Dubhairt sí go rabh sé ag fághail na
bhfiacla.



Chuir sé a mhéar i mbéal an pháisde is
bhain an páisde cionn a mhéir de.



"Má tá na fir mhóra comh crosda leis na
páisdíbh," adeir sé, "chan fhuil gnaithe ag aon
fhear ag teacht chuca."



"Bhfuil aon ghreim feola agat?" adeir
dé le bean an tighe.



"Chan fhuil," adeir sí, "acht téidh amach is
tabhair bológ isteach as an stoc."



D'imthigh Mannabhár Mór amach 'un na
páirce agus chuaidh sé a thiomáin na bolóige.
Thainic Oisin is chuir se tiobadh ar an
mbolóig. Bheir Mannabhár Mór greim
adhairce ar an mbolóig is bheir Oisín
greim ar an adhairc eile. Tharraing siad
an bhológ eatorra go dearn siad dhá leith
dí. Tháinic Mannabhár Mór a bhaile is leith
na bolóige leis.



"Fagh réidh sin," adeir sé leis an mnaoi;
"bhí buachaill bó amuigh, is char leig sé
liom acht leith na bolóige."



Fuaras réidh an fheoil. Fuair sí greidiol,


L. 37


is chuir sí folach taois ar gach aon taoibh dí
'cos ísiol, is chuir sí leis an teinidh é gur
thriomuigh sí é. Bhí cuma bunnóige aráin
air innsin. D'ith Mannabhár Mór a sháith
de'n fheoil, agus d'ith sé an greidiol.



"Chan iongantas do fhearaibh na hÉireann
a bheith láidir," adeir se, "ag ithe an aráin
chruaidh."



Thainic tart mór air innsin, is chuaidh sé
síos go Bealach Mannabháir is cuir sé a
bhéal roimh an fhalc. Chaith bean Fhinn nimh
(no sleagh) 'san abhainn ar an uisge is chuaidh
sé isteach i n-a bhéal go bhfuair sé bás.
H-iolcadh é i mullach Fhionnchairn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services