Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE. Bhí feirmeóir 'na chomhnuidhe tamall maith ó shoin, i n-áit go nglaodhtar Poca an dairbh air, i n-aice Léime an fhiaidh i gContae Chor- caighe. Diarmuid na Claise dob' é a ainm. Go deimhin bhí gaol éigin agam féin leis; mar is minic a chualas mo shean-mháthair agus mo mháthair ag áireamh an ghaoil úd, nuair a bhíos im' gharsún. Is é seo an gaol do bhí idir me fhéin, agus Diarmuid na Claise. Inghean leas-deirbh- sheathar sein-sean-mháthar do shean-mháthair máthar mo shein-sean-athar-sa bhí pósta ag Diarmuid. Ar mo bhriathar macánta, nach bhfuil aon eólus cruinn fós agam féin, caidé an gaol do bhí eadrainn; gidh gur ró-mhaith budh cheart dom a fhios a bheith agam, ní ar an ngaol úd áirighthe agam amháin, acht ar ghaol- taibh mhuintear an bhaile go léir, mar is minic do chuiridís síos lé n-a chéile é, agus go mór-mhór nuair a bheidheadh braoinín tógtha aco. 'Seadh, agus is minic a chonnac taoibhíní aco 'gá chur ar shúilibh a chéile leis mar gheall ar an ndíospóireacht do bheidheadh ag éirghe eatorra, ag áireamh an ghaoil.
Acht ní h-é siúd an sgéal, acht é seo: Bhí Diarmuid 'na fheirmeóir mhaith acfuinneach láidir. Ní raibh puinn cíosa air, agus bhí mórán airgid a' teacht isteach chuige gach aon tsamhradh, mar chuireadh na comharsain a mba seasga, agus a gcuid caorach chum féir ar na cnuic do bhí ar fheirm Dhiarmuda, agus do dhíoladaois go maith asta. Bhí sin go maith, bhí triúr mac ag Diarmuid, gur bh'ainm dóibh Tomás, Seaghán agus Diar- muidhín. Tomás dob' é an té budh shine de'n triúr, agus nuair a bhí sé timcheall dhá bhliadhain déag d'aois, dubhairt a athair leils go gcaithfeadh sé na ba seasga is na caoirigh d'aodhaireacht gach lá feasda, mar gur thug an t-aodhaire do bhí aige fógradh dho, nach fanfadh sé níos sia 'na sheirbhís. "Agus is airgead im' póca Seaghán na mbó d'imtheacht uaim," arsa Diarmuid le n-a mhnaoi, "mar déanfaidh mo Thomás féin an gnó chomh maith leis." "Faire fút, a Dhiarmuid!" ar a bhean leis, "is ceirte dhuit an garsún do chur ar sgoil. Is gearr go mbeidh sé dhá bhliadhain déag d'aois, agus ní'l focal Béarla fós aige." "Nár bhuailidh Dia Béarla uime," arsa Diarmuid; "maise, is beag an Béarla do bhí agat féin, nó ag aonne bhuain leat, an lá a phósas-sa thú; anois bíodh an méad sin agat, a Mháire Ní Bhuachalla." Máire Ní Bhuachalla do bhí mar ainm ar bhean Dhiarmuda, sul ar pósadh leis í, agus níor ghlaodh sé aon ainm eile 'na dhiaidh sin uirri acht é sin. "Is fíor dhuit, ní raibh, ná agat-sa acht chómh beag liom!" arsa Máire; "go deimhin ní'l aon ghnó againn-ne de, mar ní leigea- maoid d' aonne an foras-barr d'fhagháil orainn 'san Ghaedhilg. Acht ní mar a chéile 'tá an saoghal anois agus do bhí sé nuair a bhíomair-ne óg. Anois, chomh luath is d'fhásann an t-aos óg suas, cuireann siad an loch amach dhíobh. Agus is dócha gur mar sin do bheidh an sgéal ag ár dTomás-ne, oir atá an fheirm seo ro-chumhang do'n triúr. "Dar ndóigh ní raibh aon fhocal Béarla ag Micheál Ó Buachalla, dearbhráthair d'athar-sa, nuair a chuaidh sé go hAimeiriocá, agus deirthear go bhbfuil sé chómh saidhbhir anois lé Pucsleigh," arsa Diarmuid. "Is maith a chuimhnighim ar an lá a fuair m'athair litir uaidh," arsa Máire, "agus tháinic an maighistir ruadh chum í do léigheadh. Dubhairt dearbhráthair m'athar gur chuaidh sé féin ar sgoil gach oidhche ar feadh trí mblliadhna, nó go raibh Béarla go leór aige, agus dubhairt sé ins an litir chéadna, gur mhó an meas do bhí ins an tír sin ar thaincéir ó Éirinn, go raibh eólus a cheirde go maith aige, 'ná mar a bhí ar mhac feirmeóra, nó dearbhráthair sagairt, nach raibh aon chéard aco acht ag sglábhaidh- eacht." "Ní mór liom-sa, a bhfuil de shaidhbhreas ag Micheál Ó Buachalla," arsa Diarmuid, "acht má's fíor an sgéal d'innis Tadhg na leac, nuair a tháinic sé a bhaile ó Bhoston, atá a chuid saidhbhris daor go leór air. Dubhairt Tadhg gur cheann do na Free Masons Micheál, agus gurab amhlaidh d'itheadh sé feóil Dia hAoine, mar a d'íosfadh aon tSasanach í." "Go saoraidh Dia is Muire sinn, a Dhiarmuid!" arsa Máire, "nach mór an t-achmhusán do Mhuintir Bhuachalla, an sgéal sin, má's fíor é. Am' briathar gur chualas féin Donnchadh an Chaipín 'gá rádh go raibh comhacht ó'n ndiabhal aco sin, agus go bhféadfadh Free Mason boicín gabhair nó gearrfhiadh a dhéanamh de dhuine." "Ní'lim deimhneach do'n sgéal sin," arsa Diarmuid, "acht is dócha go dtugann an diabhal comhacht éigin dá sheirbhísigh, agus
deir gach duine ciallmhar go bhfuil na Free Masons 'na seirbhísigh dílse do'n áidhbheir- seóir." "Budh mhór an amadántacht do dhearbh- ráthair m'athar, má's ar son an tsaidhbhris do chaill sé a creideamh," arsa Máire, "dob' fhéarr liom aonne a bhuaineas liom do bheith ag iarraidh déirce 'ná Chatoilice 'ná é a bheith ag rith i gcóiste agus é do bheith 'na "thurn-coat". "Atámaoid ar seachrán ó n-ár sgéal féin," arsa Diarmuid. "Cad a dhéanfamaoid le Tomás?" "A Dhiarmuid, a laogh liom!" arsa Máire. "Bhís riamh go ceannsa liom, ná bí dhom' chrosadh ins an nídh seo; agus bíodh geall ead- rainn go mbeidh tú féin ag maoidheamh as fós, le congnamh Dé, nuair a chífir 'na dhuine uasal é." "Éirghim as a Mhaire! Éirghim as! Bíodh an sgéal ar do thoil féin agat," arsa Diarmuid, "acht deirim leat ar ais, nach fuil aon mhuinighin agam as lulcht an Bhéarla. Caithim mo shúil a bheith i n-áirde agam, nuair a bhím a' déanamh margaidh le duine aco, ar eagla go bhfaghaidh sé an ceann is fearr de orm." "Ní gábha dhuit aon eagla bheith ort le congnamh Dé, agus ma théidheann sé go hAimeir- iocá, ní h-aon ualach dho Béarla," arsa Máire. Do thug Diarmuid a toil féin do Mháire, agus gléasadh suas Tomás, agus cuireadh ar sgoil go Dubhmánbhuidhe é. Do chuir Diarmuid na Claise d'fhiachaibh ar Sheaghán, an dara mac, na ba seasga is na caoirigh d'aodhaireacht. Bhí Tomás i nDuibhmánbhuidhe ar sgoil ar feadh dhá bhliadhain. Thigeadh sé a bhaile dhá uair 'san mbliadhain, 'san bhfoghmhar agus aimsir na Nodlag chum a laetheanta saoire do chaitheamh 'san mbaile. Níor 'beag an iongnadh an tarcuisne do bhíodh aige do gharsúin an bhaile, nuair nach raibh Béarla aco. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag labairt Bhéarla leo; agus bhíodh urraim mhór aco dho. Thainic sé a bhaile aon uair amháin, 'san bhfoghmhar, agus lá ag a raibh a mháthair amuigh ag cuardach nead ceirce i n-aice gháirdín an chabáiste, chualaidh sí fuaim agus fothrom cainte i n-áit éigin 'na haice. D'árdaigh sí a cheann agus cad a chífeadh sí acht Tomás, agus é 'na sheasamh ar chloidhe an gháirdín, agus é ag tabhairt comhráidh Bhéarla do na toraibh cabáiste i n-árd a chinn 's a ghotha, mar aige is gur chomhthionól mór daoine do bhí ag éisteacht leis. D'éist a mháthair leis ar feadh tamaill, agus níor thuig sí focal ar bith dhá chaint. Ann- sain do bhuail sí a dá bas ar a chéile: "A Mhuire! Mhuire! Mhuire na bhfeart!" ar sí, "cuir d'athchuinge ar a shon chum do Mhic Ghlórmhair gan a leagan do dul as a mheabhair. Arú, a Thomáis, a leinbh, cad atá ort? Go bhfóiridh Dia is Muire orainn i ndeire ár saoghail " "Éist do bhéal, a mháthair," dubhairt Tomás, "ní'l aon nídh bun os cionn orm-sa, acht atáim le comhrádh do thabhairt uaim nuair a raghad thar n-ais chum sgoile, agus do bhíos am' thathaighe féin leis an gcaint, agus le toraibh an chabáiste i gcóir nach beidheadh aon sgath-náire orm tré labhairt os comhair na scoláirí. "An eadh, arú?" dubhairt a mháthair; "céad moladh leis an Uan Trócaireach! Nach breagh an nídh an tabhairt suas!" D'imthigh sí a bhaile go háthasach, agus nuair a tháinic Diarmuid isteach, d'innis sí an sgéal do. Dubhairt sí go raibh Tomás chomh deis- bhéalach le Domhnall O Conaill 'san Bhéarla. "Is mór gur bh'fhearr liom é a bheith 'na
spealadóir mhaith," arsa Diarmuid, "ná dá mbeadh Béarla na cruinne aige." (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services