SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.
Bhí feirmeóir 'na chomhnuidhe 
tamall maith ó shoin, i n-áit 
go nglaodhtar Poca an
dairbh air, i n-aice 
Léime an fhiaidh i 
gContae Chor-
caighe.  Diarmuid na
Claise dob' é a ainm.
Go deimhin bhí gaol éigin 
agam féin leis; mar is minic a chualas mo 
shean-mháthair agus mo mháthair ag áireamh an 
ghaoil úd, nuair a bhíos im' gharsún.
Is é seo an gaol do bhí idir me fhéin, agus 
Diarmuid na Claise.  Inghean leas-deirbh-
sheathar sein-sean-mháthar do shean-mháthair
máthar mo shein-sean-athar-sa bhí pósta ag 
Diarmuid.
Ar mo bhriathar macánta, nach bhfuil aon 
eólus cruinn fós agam féin, caidé an 
gaol do bhí eadrainn; gidh gur ró-mhaith budh 
cheart dom a fhios a bheith agam, ní ar an 
ngaol úd áirighthe agam amháin, acht ar ghaol-
taibh mhuintear an bhaile go léir, mar is 
minic do chuiridís síos lé n-a chéile é, agus go 
mór-mhór nuair a bheidheadh braoinín tógtha 
aco.  'Seadh, agus is minic a chonnac taoibhíní 
aco 'gá chur ar shúilibh a chéile leis mar 
gheall ar an ndíospóireacht do bheidheadh ag 
éirghe eatorra, ag áireamh an ghaoil.
 
Acht ní h-é siúd an sgéal, acht é seo: Bhí
Diarmuid 'na fheirmeóir mhaith acfuinneach
láidir.  Ní raibh puinn cíosa air, agus bhí mórán 
airgid a' teacht isteach chuige gach aon 
tsamhradh, mar chuireadh na comharsain a
mba seasga, agus a gcuid caorach chum féir ar 
na cnuic do bhí ar fheirm Dhiarmuda, agus do 
dhíoladaois go maith asta.
Bhí sin go maith, bhí triúr mac ag Diarmuid,
gur bh'ainm dóibh Tomás, Seaghán agus Diar-
muidhín.  Tomás dob' é an té budh shine
de'n triúr, agus nuair a bhí sé timcheall dhá 
bhliadhain déag d'aois, dubhairt a athair leils 
go gcaithfeadh sé na ba seasga is na caoirigh
d'aodhaireacht gach lá feasda, mar gur thug 
an t-aodhaire do bhí aige fógradh dho, nach 
fanfadh sé níos sia 'na sheirbhís.
"Agus is airgead im' póca Seaghán na 
mbó d'imtheacht uaim," arsa Diarmuid le 
n-a mhnaoi, "mar déanfaidh mo Thomás féin 
an gnó chomh maith leis."
"Faire fút, a Dhiarmuid!" ar a bhean leis,
"is ceirte dhuit an garsún do chur ar sgoil.
Is gearr go mbeidh sé dhá bhliadhain déag
d'aois, agus ní'l focal Béarla fós aige."
"Nár bhuailidh Dia Béarla uime," arsa 
Diarmuid; "maise, is beag an Béarla do 
bhí agat féin, nó ag aonne bhuain leat, an 
lá a phósas-sa thú; anois bíodh an méad sin 
agat, a Mháire Ní Bhuachalla."
Máire Ní Bhuachalla do bhí mar ainm ar 
bhean Dhiarmuda, sul ar pósadh leis í, agus níor 
ghlaodh sé aon ainm eile 'na dhiaidh sin uirri 
acht é sin.
"Is fíor dhuit, ní raibh, ná agat-sa acht 
chómh beag liom!" arsa Máire; "go deimhin 
ní'l aon ghnó againn-ne de, mar ní leigea-
maoid d' aonne an foras-barr d'fhagháil 
orainn 'san Ghaedhilg.  Acht ní mar a chéile 
'tá an saoghal anois agus do bhí sé nuair a
bhíomair-ne óg.  Anois, chomh luath is d'fhásann 
an t-aos óg suas, cuireann siad an loch
amach dhíobh.  Agus is dócha gur mar sin do 
bheidh an sgéal ag ár dTomás-ne, oir atá
an fheirm seo ro-chumhang do'n triúr.
"Dar ndóigh ní raibh aon fhocal Béarla 
ag Micheál Ó Buachalla, dearbhráthair 
d'athar-sa, nuair a chuaidh sé go hAimeiriocá,
agus deirthear go bhbfuil sé chómh saidhbhir anois 
lé Pucsleigh," arsa Diarmuid.  "Is maith a
chuimhnighim ar an lá a fuair m'athair litir 
uaidh," arsa Máire, "agus tháinic an 
maighistir ruadh chum í do léigheadh.  Dubhairt 
dearbhráthair m'athar gur chuaidh sé féin ar 
sgoil gach oidhche ar feadh trí mblliadhna, nó 
go raibh Béarla go leór aige, agus dubhairt sé 
ins an litir chéadna, gur mhó an meas do bhí 
ins an tír sin ar thaincéir ó Éirinn, go raibh 
eólus a cheirde go maith aige, 'ná mar a bhí 
ar mhac feirmeóra, nó dearbhráthair sagairt,
nach raibh aon chéard aco acht ag sglábhaidh-
eacht."
"Ní mór liom-sa, a bhfuil de shaidhbhreas 
ag Micheál Ó Buachalla," arsa Diarmuid,
"acht má's fíor an sgéal d'innis Tadhg na 
leac, nuair a tháinic sé a bhaile ó Bhoston,
atá a chuid saidhbhris daor go leór air.
Dubhairt Tadhg gur cheann do na Free
Masons Micheál, agus gurab amhlaidh d'itheadh 
sé feóil Dia hAoine, mar a d'íosfadh aon 
tSasanach í."
"Go saoraidh Dia is Muire sinn, a 
Dhiarmuid!" arsa Máire, "nach mór an 
t-achmhusán do Mhuintir Bhuachalla, an sgéal 
sin, má's fíor é.  Am' briathar gur chualas 
féin Donnchadh an Chaipín 'gá rádh go raibh 
comhacht ó'n ndiabhal aco sin, agus go bhféadfadh 
Free Mason boicín gabhair nó gearrfhiadh a
dhéanamh de dhuine."
"Ní'lim deimhneach do'n sgéal sin," arsa 
Diarmuid, "acht is dócha go dtugann 
an diabhal comhacht éigin dá sheirbhísigh, agus 
 
deir gach duine ciallmhar go bhfuil na Free
Masons 'na seirbhísigh dílse do'n áidhbheir-
seóir."
"Budh mhór an amadántacht do dhearbh-
ráthair m'athar, má's ar son an tsaidhbhris 
do chaill sé a creideamh," arsa Máire,
"dob' fhéarr liom aonne a bhuaineas liom 
do bheith ag iarraidh déirce 'ná Chatoilice 
'ná é a bheith ag rith i gcóiste agus é do bheith 'na 
"thurn-coat".
"Atámaoid ar seachrán ó n-ár sgéal féin,"
arsa Diarmuid.  "Cad a dhéanfamaoid le 
Tomás?"
"A Dhiarmuid, a laogh liom!" arsa Máire.
"Bhís riamh go ceannsa liom, ná bí dhom'
chrosadh ins an nídh seo; agus bíodh geall ead-
rainn go mbeidh tú féin ag maoidheamh as 
fós, le congnamh Dé, nuair a chífir 'na 
dhuine uasal é."
"Éirghim as a Mhaire!  Éirghim as!  Bíodh 
an sgéal ar do thoil féin agat," arsa 
Diarmuid, "acht deirim leat ar ais, nach 
fuil aon mhuinighin agam as lulcht an Bhéarla.
Caithim mo shúil a bheith i n-áirde agam, nuair 
a bhím a' déanamh margaidh le duine aco, ar
eagla go bhfaghaidh sé an ceann is fearr de
orm."
"Ní gábha dhuit aon eagla bheith ort le 
congnamh Dé, agus ma théidheann sé go hAimeir-
iocá, ní h-aon ualach dho Béarla," arsa 
Máire.
Do thug Diarmuid a toil féin do Mháire,
agus gléasadh suas Tomás, agus cuireadh ar sgoil 
go Dubhmánbhuidhe é.  Do chuir Diarmuid na
Claise d'fhiachaibh ar Sheaghán, an dara mac, 
na ba seasga is na caoirigh d'aodhaireacht.
Bhí Tomás i nDuibhmánbhuidhe ar sgoil ar 
feadh dhá bhliadhain.
Thigeadh sé a bhaile dhá uair 'san mbliadhain, 
'san bhfoghmhar agus aimsir na Nodlag chum a 
laetheanta saoire do chaitheamh 'san mbaile.
Níor 'beag an iongnadh an tarcuisne do 
bhíodh aige do gharsúin an bhaile, nuair nach 
raibh Béarla aco.  Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag 
labairt Bhéarla leo; agus bhíodh urraim mhór 
aco dho.
Thainic sé a bhaile aon uair amháin, 'san 
bhfoghmhar, agus lá ag a raibh a mháthair amuigh ag 
cuardach nead ceirce i n-aice gháirdín an 
chabáiste, chualaidh sí fuaim agus fothrom cainte 
i n-áit éigin 'na haice.  D'árdaigh sí a 
cheann agus cad a chífeadh sí acht Tomás, agus é 
'na sheasamh ar chloidhe an gháirdín, agus é ag 
tabhairt comhráidh Bhéarla do na toraibh 
cabáiste i n-árd a chinn 's a ghotha, mar 
aige is gur chomhthionól mór daoine do bhí 
ag éisteacht leis.
D'éist a mháthair leis ar feadh tamaill, agus 
níor thuig sí focal ar bith dhá chaint.  Ann-
sain do bhuail sí a dá bas ar a chéile:
"A Mhuire! Mhuire! Mhuire na bhfeart!"
ar sí, "cuir d'athchuinge ar a shon chum do 
Mhic Ghlórmhair gan a leagan do dul as a 
mheabhair.  Arú, a Thomáis, a leinbh, cad atá 
ort?  Go bhfóiridh Dia is Muire orainn 
i ndeire ár saoghail  "
"Éist do bhéal, a mháthair," dubhairt 
Tomás, "ní'l aon nídh bun os cionn orm-sa,
acht atáim le comhrádh do thabhairt uaim 
nuair a raghad thar n-ais chum sgoile, agus do 
bhíos am' thathaighe féin leis an gcaint, agus le 
toraibh an chabáiste i gcóir nach beidheadh 
aon sgath-náire orm tré labhairt os comhair 
na scoláirí.
"An eadh, arú?" dubhairt a mháthair;
"céad moladh leis an Uan Trócaireach!
Nach breagh an nídh an tabhairt suas!"
D'imthigh sí a bhaile go háthasach, agus nuair a 
tháinic Diarmuid isteach, d'innis sí an sgéal 
do.  Dubhairt sí go raibh Tomás chomh deis-
bhéalach le Domhnall O Conaill 'san Bhéarla.
"Is mór gur bh'fhearr liom é a bheith 'na
 
spealadóir mhaith," arsa Diarmuid, "ná dá 
mbeadh Béarla na cruinne aige."
(Ní críoch).