Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.

Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 22


SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.



Bhí feirmeóir 'na chomhnuidhe
tamall maith ó shoin, i n-áit
go nglaodhtar Poca an
dairbh air, i n-aice
Léime an fhiaidh i
gContae Chor-
caighe. Diarmuid na
Claise dob' é a ainm.
Go deimhin bhí gaol éigin
agam féin leis; mar is minic a chualas mo
shean-mháthair agus mo mháthair ag áireamh an
ghaoil úd, nuair a bhíos im' gharsún.



Is é seo an gaol do bhí idir me fhéin, agus
Diarmuid na Claise. Inghean leas-deirbh-
sheathar sein-sean-mháthar do shean-mháthair
máthar mo shein-sean-athar-sa bhí pósta ag
Diarmuid.



Ar mo bhriathar macánta, nach bhfuil aon
eólus cruinn fós agam féin, caidé an
gaol do bhí eadrainn; gidh gur ró-mhaith budh
cheart dom a fhios a bheith agam, ní ar an
ngaol úd áirighthe agam amháin, acht ar ghaol-
taibh mhuintear an bhaile go léir, mar is
minic do chuiridís síos lé n-a chéile é, agus go
mór-mhór nuair a bheidheadh braoinín tógtha
aco. 'Seadh, agus is minic a chonnac taoibhíní
aco 'gá chur ar shúilibh a chéile leis mar
gheall ar an ndíospóireacht do bheidheadh ag
éirghe eatorra, ag áireamh an ghaoil.


L. 23


Acht ní h-é siúd an sgéal, acht é seo: Bhí
Diarmuid 'na fheirmeóir mhaith acfuinneach
láidir. Ní raibh puinn cíosa air, agus bhí mórán
airgid a' teacht isteach chuige gach aon
tsamhradh, mar chuireadh na comharsain a
mba seasga, agus a gcuid caorach chum féir ar
na cnuic do bhí ar fheirm Dhiarmuda, agus do
dhíoladaois go maith asta.



Bhí sin go maith, bhí triúr mac ag Diarmuid,
gur bh'ainm dóibh Tomás, Seaghán agus Diar-
muidhín. Tomás dob' é an té budh shine
de'n triúr, agus nuair a bhí sé timcheall dhá
bhliadhain déag d'aois, dubhairt a athair leils
go gcaithfeadh sé na ba seasga is na caoirigh
d'aodhaireacht gach lá feasda, mar gur thug
an t-aodhaire do bhí aige fógradh dho, nach
fanfadh sé níos sia 'na sheirbhís.



"Agus is airgead im' póca Seaghán na
mbó d'imtheacht uaim," arsa Diarmuid le
n-a mhnaoi, "mar déanfaidh mo Thomás féin
an gnó chomh maith leis."



"Faire fút, a Dhiarmuid!" ar a bhean leis,
"is ceirte dhuit an garsún do chur ar sgoil.
Is gearr go mbeidh sé dhá bhliadhain déag
d'aois, agus ní'l focal Béarla fós aige."



"Nár bhuailidh Dia Béarla uime," arsa
Diarmuid; "maise, is beag an Béarla do
bhí agat féin, nó ag aonne bhuain leat, an
lá a phósas-sa thú; anois bíodh an méad sin
agat, a Mháire Ní Bhuachalla."



Máire Ní Bhuachalla do bhí mar ainm ar
bhean Dhiarmuda, sul ar pósadh leis í, agus níor
ghlaodh sé aon ainm eile 'na dhiaidh sin uirri
acht é sin.



"Is fíor dhuit, ní raibh, ná agat-sa acht
chómh beag liom!" arsa Máire; "go deimhin
ní'l aon ghnó againn-ne de, mar ní leigea-
maoid d' aonne an foras-barr d'fhagháil
orainn 'san Ghaedhilg. Acht ní mar a chéile
'tá an saoghal anois agus do bhí sé nuair a
bhíomair-ne óg. Anois, chomh luath is d'fhásann
an t-aos óg suas, cuireann siad an loch
amach dhíobh. Agus is dócha gur mar sin do
bheidh an sgéal ag ár dTomás-ne, oir atá
an fheirm seo ro-chumhang do'n triúr.



"Dar ndóigh ní raibh aon fhocal Béarla
ag Micheál Ó Buachalla, dearbhráthair
d'athar-sa, nuair a chuaidh sé go hAimeiriocá,
agus deirthear go bhbfuil sé chómh saidhbhir anois
lé Pucsleigh," arsa Diarmuid. "Is maith a
chuimhnighim ar an lá a fuair m'athair litir
uaidh," arsa Máire, "agus tháinic an
maighistir ruadh chum í do léigheadh. Dubhairt
dearbhráthair m'athar gur chuaidh sé féin ar
sgoil gach oidhche ar feadh trí mblliadhna, nó
go raibh Béarla go leór aige, agus dubhairt sé
ins an litir chéadna, gur mhó an meas do bhí
ins an tír sin ar thaincéir ó Éirinn, go raibh
eólus a cheirde go maith aige, 'ná mar a bhí
ar mhac feirmeóra, nó dearbhráthair sagairt,
nach raibh aon chéard aco acht ag sglábhaidh-
eacht."



"Ní mór liom-sa, a bhfuil de shaidhbhreas
ag Micheál Ó Buachalla," arsa Diarmuid,
"acht má's fíor an sgéal d'innis Tadhg na
leac, nuair a tháinic sé a bhaile ó Bhoston,
atá a chuid saidhbhris daor go leór air.
Dubhairt Tadhg gur cheann do na Free
Masons Micheál, agus gurab amhlaidh d'itheadh
sé feóil Dia hAoine, mar a d'íosfadh aon
tSasanach í."



"Go saoraidh Dia is Muire sinn, a
Dhiarmuid!" arsa Máire, "nach mór an
t-achmhusán do Mhuintir Bhuachalla, an sgéal
sin, má's fíor é. Am' briathar gur chualas
féin Donnchadh an Chaipín 'gá rádh go raibh
comhacht ó'n ndiabhal aco sin, agus go bhféadfadh
Free Mason boicín gabhair nó gearrfhiadh a
dhéanamh de dhuine."



"Ní'lim deimhneach do'n sgéal sin," arsa
Diarmuid, "acht is dócha go dtugann
an diabhal comhacht éigin dá sheirbhísigh, agus


L. 24


deir gach duine ciallmhar go bhfuil na Free
Masons 'na seirbhísigh dílse do'n áidhbheir-
seóir."



"Budh mhór an amadántacht do dhearbh-
ráthair m'athar, má's ar son an tsaidhbhris
do chaill sé a creideamh," arsa Máire,
"dob' fhéarr liom aonne a bhuaineas liom
do bheith ag iarraidh déirce 'ná Chatoilice
'ná é a bheith ag rith i gcóiste agus é do bheith 'na
"thurn-coat".



"Atámaoid ar seachrán ó n-ár sgéal féin,"
arsa Diarmuid. "Cad a dhéanfamaoid le
Tomás?"



"A Dhiarmuid, a laogh liom!" arsa Máire.
"Bhís riamh go ceannsa liom, ná bí dhom'
chrosadh ins an nídh seo; agus bíodh geall ead-
rainn go mbeidh tú féin ag maoidheamh as
fós, le congnamh Dé, nuair a chífir 'na
dhuine uasal é."



"Éirghim as a Mhaire! Éirghim as! Bíodh
an sgéal ar do thoil féin agat," arsa
Diarmuid, "acht deirim leat ar ais, nach
fuil aon mhuinighin agam as lulcht an Bhéarla.
Caithim mo shúil a bheith i n-áirde agam, nuair
a bhím a' déanamh margaidh le duine aco, ar
eagla go bhfaghaidh sé an ceann is fearr de
orm."



"Ní gábha dhuit aon eagla bheith ort le
congnamh Dé, agus ma théidheann sé go hAimeir-
iocá, ní h-aon ualach dho Béarla," arsa
Máire.



Do thug Diarmuid a toil féin do Mháire,
agus gléasadh suas Tomás, agus cuireadh ar sgoil
go Dubhmánbhuidhe é. Do chuir Diarmuid na
Claise d'fhiachaibh ar Sheaghán, an dara mac,
na ba seasga is na caoirigh d'aodhaireacht.



Bhí Tomás i nDuibhmánbhuidhe ar sgoil ar
feadh dhá bhliadhain.



Thigeadh sé a bhaile dhá uair 'san mbliadhain,
'san bhfoghmhar agus aimsir na Nodlag chum a
laetheanta saoire do chaitheamh 'san mbaile.
Níor 'beag an iongnadh an tarcuisne do
bhíodh aige do gharsúin an bhaile, nuair nach
raibh Béarla aco. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag
labairt Bhéarla leo; agus bhíodh urraim mhór
aco dho.



Thainic sé a bhaile aon uair amháin, 'san
bhfoghmhar, agus lá ag a raibh a mháthair amuigh ag
cuardach nead ceirce i n-aice gháirdín an
chabáiste, chualaidh sí fuaim agus fothrom cainte
i n-áit éigin 'na haice. D'árdaigh sí a
cheann agus cad a chífeadh sí acht Tomás, agus é
'na sheasamh ar chloidhe an gháirdín, agus é ag
tabhairt comhráidh Bhéarla do na toraibh
cabáiste i n-árd a chinn 's a ghotha, mar
aige is gur chomhthionól mór daoine do bhí
ag éisteacht leis.



D'éist a mháthair leis ar feadh tamaill, agus
níor thuig sí focal ar bith dhá chaint. Ann-
sain do bhuail sí a dá bas ar a chéile:



"A Mhuire! Mhuire! Mhuire na bhfeart!"
ar sí, "cuir d'athchuinge ar a shon chum do
Mhic Ghlórmhair gan a leagan do dul as a
mheabhair. Arú, a Thomáis, a leinbh, cad atá
ort? Go bhfóiridh Dia is Muire orainn
i ndeire ár saoghail "



"Éist do bhéal, a mháthair," dubhairt
Tomás, "ní'l aon nídh bun os cionn orm-sa,
acht atáim le comhrádh do thabhairt uaim
nuair a raghad thar n-ais chum sgoile, agus do
bhíos am' thathaighe féin leis an gcaint, agus le
toraibh an chabáiste i gcóir nach beidheadh
aon sgath-náire orm tré labhairt os comhair
na scoláirí.



"An eadh, arú?" dubhairt a mháthair;
"céad moladh leis an Uan Trócaireach!
Nach breagh an nídh an tabhairt suas!"



D'imthigh sí a bhaile go háthasach, agus nuair a
tháinic Diarmuid isteach, d'innis sí an sgéal
do. Dubhairt sí go raibh Tomás chomh deis-
bhéalach le Domhnall O Conaill 'san Bhéarla.



"Is mór gur bh'fhearr liom é a bheith 'na


L. 25


spealadóir mhaith," arsa Diarmuid, "ná dá
mbeadh Béarla na cruinne aige."



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services