Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchas. Gabha an tSoic.
Title
Seanchas. Gabha an tSoic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GOBHA AN TSOIC. Bhí se lá amháin 'na sheasamh 'sa' chéardcha. Chuaidh se 'un doruis is chonnaic se gasur ag teacht ag marcaigheacht ar shean-bhéitheach. Thiomáin se (.i. an marcach) aníos 'un doruis chuige. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an gcuirfeadh se cruidhtheacha ar an mbéitheach so dó. Dubhairt an Gobha go ndeanfadh is fáilte, "acht nach dearn me an dadaidh riamh acht iarannacha maide seistrighe."
"A' mbearthá iasacht na ceárdcha damh is gheana me fhéin e?" "Bhearad is fáilte," ars' an Gobha. Thug an gasur an béitheach isteach 'un na céardcha is bhain se na ceithre cosa de. Chuir se na ceithre cosa 'sa' teallach. Shéid se na builg is thug se na ceithre cosa amach is úr-chruidhtheacha orthú. Chuir se na ceithre cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach suas 'na sheasamh. Léim an gasur ar a dhruim is bhain se amach. "Má's é sin dóigh chruidhtheacha chur ar bhéitheach," arsa Gobha an tsoic, "tá sean- bhéitheach agam-sa bhíonns ag iomchar guail. Tá se comh maith agam úr-chruidhtheacha chur air." Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na céardcha. Fuair se tuagh is bhain se na ceithre cosa de'n mbéitheach. Chuir se isteach 'sa' teallach iad. Shéid se na builg. Dhóigh se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh. Ionn i gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se an gasur ag teacht 's é ag marcaigheacht, bean ar a chúlaibh is bean ar a bhéalaibh. Thainic se (.i. an gasur) aníos go dorus na céardcha. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an ndeanfadh se cailin úr óg de'n dá shean- bhean so. "Ó, cha dearn mise dadaidh ariamh acht iarannacha maide feistrighe," ars' an Gobha. "A' mbearthá iasacht na ceardcha damh fhéin?" ars' an gasur. "Bhearad is fáilte," ars' an Gobha. Thug an gasur isteach an dá shean-bhean, leag se 'sa' teallach iad is shéid se na builg leobhtha. Char bh'fhada gur léim cailin úr óg amach as an teinidh is léim sí suas ar a chúlaibh ar an mbéitheach is amach leobhtha. "Má's é sin an dóigh," arsa Gobha an tsoic, "tá mo mháthair is máthair mo mhná agam-sa. Bíonn siad ag troid 's ag argáil gach aon lá, is gheana me cailin óg de'n mbeirt." Thug se a mháthair fhéin is máthair a mhná isteach. Bheir se orthú is chuir se 'sa' teallach iad. Shéid sa na builg leobhtha is dhóigh se an bheirt. Cha rabh a fhios aige goidé gheanadh se. Bhí eagla air go gcrochfaidhe e. Dubhairt se go n-imtheachadh se braghaid a éadain. D'imthigh leis go rabh se ag dul trasna cnoc is chuala se fead. Shaoil se go rabh an tóir 'na dhéidh. "Mise tá ann," ars' an gasur: "Gá bhfuil tú ag dul?" D'ársaigh Gobha an tsoic dó goidé rinn se, gur bhain se na cosa de'n mbéitheach go bhfuair se bás, is gur dhóigh se an dá shean- bhean. "Tá se comh maith agat mise thabhairt leat," adeir an gasur; "tá Gobha i mBaile Átha Cliath a bhfuil céad pont a gheall le gobha ar bith. Nuair adéara se leat a' dadaidh dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e." D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile Átha Cliath aige tigh an Ghobha. D'fhiostruigh an Gobha goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt Gobha an tsoic go rabh se ag teacht d'á fhéacháint. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath isteach is shéid se na builg. Chaith se cíth mór cruithneachta as an teallach. "Teana thusa rud anois," adeir se le Gobha an tsoic. "Gheanaidh mo ghasur é," ars' an Gobha. Chuaidh an gasur is shéid se na builg. Chaith se sgafta mór columna amach as an teallach is d'ith siad suas an chruithneachta is d'imthigh leobhtha. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na mbolg aríst. Shéid se na builg. Chaith se breac mór amach as an teallach. Léim an
breach ionn i n-abhainn bhí os coinne na céardcha. Chuaidh gasur Ghobha an tsoic 'un na mbolg annsin. Shéid se na builg, is chaith se madadh uisge amach as an teallach. Léim se isteach in-san abhainn is ghabh se an breac. Bhí an geall bainte aige Gobha an tsoic. Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith bainte aige. "'Nois," ars' an gasur, "tá rí i Sasanaibh. Tá se dócrach tinn. Tá sac óir agus béitheach le n-a iomchar do dhoctuir ar bith léigheasfas e. Nuair a racha tusa go caisleán an ríogh, fiostracha siad goidé tá a dhíth ort. Déarfa tú gur doctuir atá ionnat, is abair "Má tá mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal árd." D'imthigh leobhtha go rabh siad aige cais- leán an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata goidé bhí a dhíth air, agus dubhairt se gur doc- tuir a bhí ionn, go rabh ag teach a dh'amharc ar an rígh, "is má tá mo chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," ar seisean. Leigeadh isteach e. Nuair a d'amhairc se ar an rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach as an phárlus, is d'órduigh se pota uisge chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, thainic an gasur is bhain se an cionn de'n rígh, is chuir se síos in-sa' phota e. Fuair se sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa' phota. Char bh'fhada gur thóg se an cionn, is chuir se ar an cholainn e. D'éirigh an rí suas comh maith is bhí se riamh. Fuaras réidh sac óir agus béitheachle n-a iomchar do Ghobha an tsoic. D'imthigh se fhéin 's an gasur. "'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith agat luach bróg a thabhairt damh." "Cha dtugaim," ars' an Gobha, "a bhas- taird," adeir se, ag tabhairt iarraidhe boise air. Nuair a d'amhairc se thart, cha rabh sac nó béitheach nó ór aige. Bhí se comh folamh agus bhí se riamh. Chuaidh Gobha an tsoic annsin go rabh rí na hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna geallta do'n té léigheasfadh e, sac óir is béitheach d'iomchrachadh e. D'imthigh leis go rabh se aige caisleán an ríogh. D'fhiostruigh fear an geata goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se gur doctuir a bh'ionn, go rabh se ag teacht dh'amharc ar an rígh, agus "má tá mo chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," adeir se. Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí. D'fhógair se gach aon dhuine amach as an phárlus. D'iarr se orthú pota uisge chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, bhain se an cionn de'n rígh is chuir se síos in-sa' phota e. Nuair a thóg se an cionn, leag se ar an cholainn e. Thuit an cionn taobh 's an cholann taobh eile. Bhí se buaidheartha ann- sin fá'n rígh, ar eagla go gcrochfaidhe e. Chuala se torann ag an dorus annsin. "Ó, fan go se!" adeir se, "chan fhuil mo ghnaithe réidh go se." "An é nach leigfe tú do ghasur bocht cosnochtthaí isteach?" ars' an gasur ag an dorus. D'fhosgail se an dorous do'n ghasur, is bhí se lán áthais nuair a chonnaic se e. Bheir an gasur ar an chionn, chóirigh se ar an cholainn e, agus d'éirigh an rí suas 'na sheasamh comh maith 's a bhí se riamh. Fuaras réidh annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e. D'imthigh leobhtha, e fhéin 's an gasur. "'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith agat luach na mbróg a thabhairt damh." "Bhéara me an t-iomlán duit," arsa Gobha an tsoic; "Is tú fhéin a thuill e!" "Chan iarrain aon leithphighinn ort," ars' an gasur, "acht gur mhaith liom do shúile 'fhosgailt. Tabhair an t-iomlán a bhaile leat anois, is gheobha tú do dhá shean-bhean beó agus do shean-bhéitheach, nuair a racha tú a bhaile. Shaoil tú gur mharbh tú iad."
D'imthigh Gobha an tsoic a bhaile, is bhí dóigh mhaith air go dtí lá a bháis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services