"A' mbearthá iasacht na ceárdcha damh is 
gheana me fhéin e?"
"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.
Thug an gasur an béitheach isteach 'un na 
céardcha is bhain se na ceithre cosa de.
Chuir se na ceithre cosa 'sa' teallach.  Shéid 
se na builg is thug se na ceithre cosa amach
is úr-chruidhtheacha orthú.  Chuir se na ceithre 
cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach 
suas 'na sheasamh.  Léim an gasur ar a 
dhruim is bhain se amach.
"Má's é sin dóigh chruidhtheacha chur ar 
bhéitheach," arsa Gobha an tsoic, "tá sean-
bhéitheach agam-sa bhíonns ag iomchar guail.
Tá se comh maith agam úr-chruidhtheacha chur 
air."
Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na 
céardcha.  Fuair se tuagh is bhain se na 
ceithre cosa de'n mbéitheach.  Chuir se isteach 
'sa' teallach iad.  Shéid se na builg.  Dhóigh
se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh.
Ionn i gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se 
an gasur ag teacht 's é ag marcaigheacht,
bean ar a chúlaibh is bean ar a bhéalaibh.
Thainic se (.i. an gasur) aníos go dorus na 
céardcha.  D'fhiostruigh se de'n Ghobha an 
ndeanfadh se cailin úr óg de'n dá shean-
bhean so.
"Ó, cha dearn mise dadaidh ariamh acht 
iarannacha maide feistrighe," ars' an Gobha.
"A' mbearthá iasacht na ceardcha damh 
fhéin?" ars' an gasur.
"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.
Thug an gasur isteach an dá shean-bhean,
leag se 'sa' teallach iad is shéid se na builg
leobhtha.  Char bh'fhada gur léim cailin úr óg
amach as an teinidh is léim sí suas ar a 
chúlaibh ar an mbéitheach is amach leobhtha.
"Má's é sin an dóigh," arsa Gobha an 
tsoic, "tá mo mháthair is máthair mo mhná 
agam-sa.  Bíonn siad ag troid 's ag argáil 
gach aon lá, is gheana me cailin óg de'n
mbeirt."
Thug se a mháthair fhéin is máthair a mhná 
isteach.  Bheir se orthú is chuir se 'sa' teallach
iad.  Shéid sa na builg leobhtha is dhóigh se 
an bheirt.
Cha rabh a fhios aige goidé gheanadh se.
Bhí eagla air go gcrochfaidhe e.  Dubhairt
se go n-imtheachadh se braghaid a éadain.
D'imthigh leis go rabh se ag dul trasna cnoc
is chuala se fead.  Shaoil se go rabh an tóir 
'na dhéidh.
"Mise tá ann," ars' an gasur: "Gá 
bhfuil tú ag dul?"
D'ársaigh Gobha an tsoic dó goidé rinn 
se, gur bhain se na cosa de'n mbéitheach go 
bhfuair se bás, is gur dhóigh se an dá shean-
bhean.
"Tá se comh maith agat mise thabhairt 
leat," adeir an gasur; "tá Gobha i mBaile
Átha Cliath a bhfuil céad pont a gheall le gobha 
ar bith.  Nuair adéara se leat a' dadaidh 
dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e."
D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile
Átha Cliath aige tigh an Ghobha.  D'fhiostruigh
an Gobha goidé bhí a dhíth orthú.  Dubhairt
Gobha an tsoic go rabh se ag teacht d'á 
fhéacháint.  Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 
isteach is shéid se na builg.  Chaith se cíth 
mór cruithneachta as an teallach.
"Teana thusa rud anois," adeir se le 
Gobha an tsoic.
"Gheanaidh mo ghasur é," ars' an Gobha.
Chuaidh an gasur is shéid se na builg.
Chaith se sgafta mór columna amach as an 
teallach is d'ith siad suas an chruithneachta 
is d'imthigh leobhtha.
Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na 
mbolg aríst.  Shéid se na builg.  Chaith se 
breac mór amach as an teallach.  Léim an 
 
breach ionn i n-abhainn bhí os coinne na 
céardcha.
Chuaidh gasur Ghobha an tsoic 'un na mbolg
annsin.  Shéid se na builg, is chaith se 
madadh uisge amach as an teallach.  Léim 
se isteach in-san abhainn is ghabh se an breac.
Bhí an geall bainte aige Gobha an tsoic.
Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith 
bainte aige.
"'Nois," ars' an gasur, "tá rí i Sasanaibh.
Tá se dócrach tinn.  Tá sac óir agus béitheach 
le n-a iomchar do dhoctuir ar bith léigheasfas 
e.  Nuair a racha tusa go caisleán an ríogh,
fiostracha siad goidé tá a dhíth ort.  Déarfa
tú gur doctuir atá ionnat, is abair "Má tá 
mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal árd."
D'imthigh leobhtha go rabh siad aige cais-
leán an ríogh.  D'fhiostruigh fear an gheata 
goidé bhí a dhíth air, agus dubhairt se gur doc-
tuir a bhí ionn, go rabh ag teach a dh'amharc
ar an rígh, "is má tá mo chulaith íochtrach, tá 
mo sgéal árd," ar seisean.
Leigeadh isteach e.  Nuair a d'amhairc se 
ar an rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach 
as an phárlus, is d'órduigh se pota uisge 
chur síos.  Nuair a bhí an pota bréagh teith,
thainic an gasur is bhain se an cionn de'n
rígh, is chuir se síos in-sa' phota e.  Fuair 
se sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa'
phota.  Char bh'fhada gur thóg se an cionn, is 
chuir se ar an cholainn e.  D'éirigh an rí 
suas comh maith is bhí se riamh.  Fuaras réidh 
sac óir agus béitheachle n-a iomchar do Ghobha 
an tsoic.  D'imthigh se fhéin 's an gasur.
"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith 
agat luach bróg a thabhairt damh."
"Cha dtugaim," ars' an Gobha, "a bhas-
taird," adeir se, ag tabhairt iarraidhe boise 
air.  Nuair a d'amhairc se thart, cha rabh sac 
nó béitheach nó ór aige.  Bhí se comh folamh
agus bhí se riamh.
Chuaidh Gobha an tsoic annsin go rabh rí
na hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna 
geallta do'n té léigheasfadh e, sac óir is 
béitheach d'iomchrachadh e.  D'imthigh leis go 
rabh se aige caisleán an ríogh.  D'fhiostruigh 
fear an geata goidé bhí a dhíth air.  Dubhairt 
se gur doctuir a bh'ionn, go rabh se ag 
teacht dh'amharc ar an rígh, agus "má tá mo 
chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," adeir se.
Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí.
D'fhógair se gach aon dhuine amach as an 
phárlus.  D'iarr se orthú pota uisge chur 
síos.  Nuair a bhí an pota bréagh teith, bhain 
se an cionn de'n rígh is chuir se síos in-sa'
phota e.  Nuair a thóg se an cionn, leag se 
ar an cholainn e.  Thuit an cionn taobh 's an 
cholann taobh eile.  Bhí se buaidheartha ann-
sin fá'n rígh, ar eagla go gcrochfaidhe e.
Chuala se torann ag an dorus annsin.
"Ó, fan go se!" adeir se, "chan fhuil
mo ghnaithe réidh go se."
"An é nach leigfe tú do ghasur bocht 
cosnochtthaí isteach?" ars' an gasur ag an 
dorus.
D'fhosgail se an dorous do'n ghasur, is bhí 
se lán áthais nuair a chonnaic se e.  Bheir
an gasur ar an chionn, chóirigh se ar an 
cholainn e, agus d'éirigh an rí suas 'na sheasamh 
comh maith 's a bhí se riamh.  Fuaras réidh 
annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e.
D'imthigh leobhtha, e fhéin 's an gasur.
"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh
maith agat luach na mbróg a thabhairt damh."
"Bhéara me an t-iomlán duit," arsa
Gobha an tsoic; "Is tú fhéin a thuill e!"
"Chan iarrain aon leithphighinn ort," ars'
an gasur, "acht gur mhaith liom do shúile 
'fhosgailt.  Tabhair an t-iomlán a bhaile 
leat anois, is gheobha tú do dhá shean-bhean
beó agus do shean-bhéitheach, nuair a racha tú a
bhaile.  Shaoil tú gur mharbh tú iad."