Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchas. Gabha an tSoic.

Title
Seanchas. Gabha an tSoic.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 19


GOBHA AN TSOIC.



Bhí se lá amháin 'na sheasamh 'sa'
chéardcha. Chuaidh se 'un
doruis is chonnaic se
gasur ag teacht ag marcaigheacht
ar shean-bhéitheach.
Thiomáin se (.i. an
marcach) aníos 'un doruis
chuige. D'fhiostruigh se
de'n Ghobha an gcuirfeadh se cruidhtheacha ar
an mbéitheach so dó.



Dubhairt an Gobha go ndeanfadh is fáilte,
"acht nach dearn me an dadaidh riamh acht
iarannacha maide seistrighe."


L. 20


"A' mbearthá iasacht na ceárdcha damh is
gheana me fhéin e?"



"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.



Thug an gasur an béitheach isteach 'un na
céardcha is bhain se na ceithre cosa de.
Chuir se na ceithre cosa 'sa' teallach. Shéid
se na builg is thug se na ceithre cosa amach
is úr-chruidhtheacha orthú. Chuir se na ceithre
cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach
suas 'na sheasamh. Léim an gasur ar a
dhruim is bhain se amach.



"Má's é sin dóigh chruidhtheacha chur ar
bhéitheach," arsa Gobha an tsoic, "tá sean-
bhéitheach agam-sa bhíonns ag iomchar guail.
Tá se comh maith agam úr-chruidhtheacha chur
air."



Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na
céardcha. Fuair se tuagh is bhain se na
ceithre cosa de'n mbéitheach. Chuir se isteach
'sa' teallach iad. Shéid se na builg. Dhóigh
se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh.



Ionn i gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se
an gasur ag teacht 's é ag marcaigheacht,
bean ar a chúlaibh is bean ar a bhéalaibh.
Thainic se (.i. an gasur) aníos go dorus na
céardcha. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an
ndeanfadh se cailin úr óg de'n dá shean-
bhean so.



"Ó, cha dearn mise dadaidh ariamh acht
iarannacha maide feistrighe," ars' an Gobha.



"A' mbearthá iasacht na ceardcha damh
fhéin?" ars' an gasur.



"Bhearad is fáilte," ars' an Gobha.



Thug an gasur isteach an dá shean-bhean,
leag se 'sa' teallach iad is shéid se na builg
leobhtha. Char bh'fhada gur léim cailin úr óg
amach as an teinidh is léim sí suas ar a
chúlaibh ar an mbéitheach is amach leobhtha.



"Má's é sin an dóigh," arsa Gobha an
tsoic, "tá mo mháthair is máthair mo mhná
agam-sa. Bíonn siad ag troid 's ag argáil
gach aon lá, is gheana me cailin óg de'n
mbeirt."



Thug se a mháthair fhéin is máthair a mhná
isteach. Bheir se orthú is chuir se 'sa' teallach
iad. Shéid sa na builg leobhtha is dhóigh se
an bheirt.



Cha rabh a fhios aige goidé gheanadh se.
Bhí eagla air go gcrochfaidhe e. Dubhairt
se go n-imtheachadh se braghaid a éadain.
D'imthigh leis go rabh se ag dul trasna cnoc
is chuala se fead. Shaoil se go rabh an tóir
'na dhéidh.



"Mise tá ann," ars' an gasur: "Gá
bhfuil tú ag dul?"



D'ársaigh Gobha an tsoic dó goidé rinn
se, gur bhain se na cosa de'n mbéitheach go
bhfuair se bás, is gur dhóigh se an dá shean-
bhean.



"Tá se comh maith agat mise thabhairt
leat," adeir an gasur; "tá Gobha i mBaile
Átha Cliath a bhfuil céad pont a gheall le gobha
ar bith. Nuair adéara se leat a' dadaidh
dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e."



D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile
Átha Cliath aige tigh an Ghobha. D'fhiostruigh
an Gobha goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt
Gobha an tsoic go rabh se ag teacht d'á
fhéacháint. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath
isteach is shéid se na builg. Chaith se cíth
mór cruithneachta as an teallach.



"Teana thusa rud anois," adeir se le
Gobha an tsoic.



"Gheanaidh mo ghasur é," ars' an Gobha.



Chuaidh an gasur is shéid se na builg.
Chaith se sgafta mór columna amach as an
teallach is d'ith siad suas an chruithneachta
is d'imthigh leobhtha.



Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na
mbolg aríst. Shéid se na builg. Chaith se
breac mór amach as an teallach. Léim an


L. 21


breach ionn i n-abhainn bhí os coinne na
céardcha.



Chuaidh gasur Ghobha an tsoic 'un na mbolg
annsin. Shéid se na builg, is chaith se
madadh uisge amach as an teallach. Léim
se isteach in-san abhainn is ghabh se an breac.
Bhí an geall bainte aige Gobha an tsoic.
Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith
bainte aige.



"'Nois," ars' an gasur, "tá rí i Sasanaibh.
Tá se dócrach tinn. Tá sac óir agus béitheach
le n-a iomchar do dhoctuir ar bith léigheasfas
e. Nuair a racha tusa go caisleán an ríogh,
fiostracha siad goidé tá a dhíth ort. Déarfa
tú gur doctuir atá ionnat, is abair "Má tá
mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal árd."



D'imthigh leobhtha go rabh siad aige cais-
leán an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata
goidé bhí a dhíth air, agus dubhairt se gur doc-
tuir a bhí ionn, go rabh ag teach a dh'amharc
ar an rígh, "is má tá mo chulaith íochtrach, tá
mo sgéal árd," ar seisean.



Leigeadh isteach e. Nuair a d'amhairc se
ar an rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach
as an phárlus, is d'órduigh se pota uisge
chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith,
thainic an gasur is bhain se an cionn de'n
rígh, is chuir se síos in-sa' phota e. Fuair
se sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa'
phota. Char bh'fhada gur thóg se an cionn, is
chuir se ar an cholainn e. D'éirigh an rí
suas comh maith is bhí se riamh. Fuaras réidh
sac óir agus béitheachle n-a iomchar do Ghobha
an tsoic. D'imthigh se fhéin 's an gasur.



"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith
agat luach bróg a thabhairt damh."



"Cha dtugaim," ars' an Gobha, "a bhas-
taird," adeir se, ag tabhairt iarraidhe boise
air. Nuair a d'amhairc se thart, cha rabh sac
nó béitheach nó ór aige. Bhí se comh folamh
agus bhí se riamh.



Chuaidh Gobha an tsoic annsin go rabh rí
na hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna
geallta do'n té léigheasfadh e, sac óir is
béitheach d'iomchrachadh e. D'imthigh leis go
rabh se aige caisleán an ríogh. D'fhiostruigh
fear an geata goidé bhí a dhíth air. Dubhairt
se gur doctuir a bh'ionn, go rabh se ag
teacht dh'amharc ar an rígh, agus "má tá mo
chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," adeir se.



Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí.
D'fhógair se gach aon dhuine amach as an
phárlus. D'iarr se orthú pota uisge chur
síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, bhain
se an cionn de'n rígh is chuir se síos in-sa'
phota e. Nuair a thóg se an cionn, leag se
ar an cholainn e. Thuit an cionn taobh 's an
cholann taobh eile. Bhí se buaidheartha ann-
sin fá'n rígh, ar eagla go gcrochfaidhe e.
Chuala se torann ag an dorus annsin.



"Ó, fan go se!" adeir se, "chan fhuil
mo ghnaithe réidh go se."



"An é nach leigfe tú do ghasur bocht
cosnochtthaí isteach?" ars' an gasur ag an
dorus.



D'fhosgail se an dorous do'n ghasur, is bhí
se lán áthais nuair a chonnaic se e. Bheir
an gasur ar an chionn, chóirigh se ar an
cholainn e, agus d'éirigh an rí suas 'na sheasamh
comh maith 's a bhí se riamh. Fuaras réidh
annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e.
D'imthigh leobhtha, e fhéin 's an gasur.



"'Nois," ars' an gasur, "tá se comh
maith agat luach na mbróg a thabhairt damh."



"Bhéara me an t-iomlán duit," arsa
Gobha an tsoic; "Is tú fhéin a thuill e!"



"Chan iarrain aon leithphighinn ort," ars'
an gasur, "acht gur mhaith liom do shúile
'fhosgailt. Tabhair an t-iomlán a bhaile
leat anois, is gheobha tú do dhá shean-bhean
beó agus do shean-bhéitheach, nuair a racha tú a
bhaile. Shaoil tú gur mharbh tú iad."


L. 22


D'imthigh Gobha an tsoic a bhaile, is bhí
dóigh mhaith air go dtí lá a bháis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services