Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Maidin Aoibhinn tSamhraidh.
Title
Filidheacht. Maidin Aoibhinn tSamhraidh.
Author(s)
Mac Pharthaláin Uí Chaoimh, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Maidin aoibhinn tsamhraidh." Micheál Mac Pharthaláin Uí Chaoimh, bhí 'na chomhnuidhe i mBaile Átha hUbhla i gCondae Chorcaighe, do cheap an aisling seo; san mbliadhain 1798 do ceapadh é. Maidin aoibhinn tsamhraidh Le huair an lae, Cois Abhann mín na Daraidhthe Do ghluaiseas féin; Gur dhearcas ríogain mhasgallach, Ba lasmhar líonmhar leanbhach, Le'r dalladh m'intleacht marbhtha Go fuar lag faon. Ba chas ba chíortha camarsach Anuas ag téacht, Go sleamhain slíom, a carn-fholt Ag sguabadh an fhéir; Ba ghlas, ba roighin a ramhar-ruisg; Ba bhlasda binn a labhartha; 'S ba gheal a phíp mar ala ar shruth; 'S a gruadh mar chaor. Nuair dhearcas í do phreabas-sa Le huamhan cléibh, Dá mheas gur sídh-bhean mheabhalach Do ghluais i gcéin; Go bhfeasruigheas go tapaidh dhi, Cá treabh, cá tír, cá talamh dhi, Nó ar bh'fheas gur bh'í chuir an-bhroid Ar chuallacht Ghaedheal. No an bhean san Traoi le'r cailleadh thoir Na sluaighte laoch; No an bhean thar tuinn do leanadh Le Mac uaibhreach Néill; No an bhean thug Naois thar caise leis Go teagh na Craoibhe is meabhair liom, Le'r basgadh Buidhean na hEamhna, 'S an t-uasal féin? Is blasda binn tais d'fhreagair dam Gan luadhchan bréag, An ainnir mhíonla mhaiseamhail Dob' uaisle sgéimh: "Ní neach de'n bhfuidhin sin chanais me, Le greadadh grinn is taithnimh dham; Is me bean Mhic Chuill na bhflaith-churaidh Do thuairneadh tréin. Is feas a sgríbhinn seanchais Gur mhuar mo réim, I gceannas críoch is cathrach, Le cruadhas na laoch; Gur las thar tuinn na Sasanaigh, Thug cnead im' chroidhe agus athtuirse, Le sgamall daoirse cheapadar Gan fuasgladh ar Ghaedhil." "A shearc mo chroidhe agus m'anma Gan chruadhas gan chlaon, Suidh sealad síos im' aice-se Agus tuabhair dam sgéal; An sgaipfear choidhche ár n-an-bhroid; No an leagfar puímp na Sasanach Le'r lasadh teínte treathanacha Ar ghruadhnaibh tréan?" "Tá Sgafa ag tidheacht thar fairrge Go cuantaibh Chéin, Is fairsing líonmhar cathanna Gan truaighe do'n tréan;
Beidh teasgadh cinn is creachadh chnuic Ar feadh na Ríoghachta ar Ghalla-phuic, Go leagfaid síos a n-airm, Is sin buaidh le Gaedhil." Tadhg O Donnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services