Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Maidin Aoibhinn tSamhraidh.

Title
Filidheacht. Maidin Aoibhinn tSamhraidh.
Author(s)
Mac Pharthaláin Uí Chaoimh, Micheál,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"Maidin aoibhinn tsamhraidh."



Micheál Mac Pharthaláin Uí Chaoimh, bhí 'na
chomhnuidhe i mBaile Átha hUbhla i gCondae
Chorcaighe, do cheap an aisling seo; san
mbliadhain 1798 do ceapadh é.



Maidin aoibhinn tsamhraidh
Le huair an lae,
Cois Abhann mín na Daraidhthe
Do ghluaiseas féin;
Gur dhearcas ríogain mhasgallach,
Ba lasmhar líonmhar leanbhach,
Le'r dalladh m'intleacht marbhtha
Go fuar lag faon.



Ba chas ba chíortha camarsach
Anuas ag téacht,
Go sleamhain slíom, a carn-fholt
Ag sguabadh an fhéir;
Ba ghlas, ba roighin a ramhar-ruisg;
Ba bhlasda binn a labhartha;
'S ba gheal a phíp mar ala ar shruth;
'S a gruadh mar chaor.



Nuair dhearcas í do phreabas-sa
Le huamhan cléibh,
Dá mheas gur sídh-bhean mheabhalach
Do ghluais i gcéin;
Go bhfeasruigheas go tapaidh dhi,
Cá treabh, cá tír, cá talamh dhi,
Nó ar bh'fheas gur bh'í chuir an-bhroid
Ar chuallacht Ghaedheal.



No an bhean san Traoi le'r cailleadh thoir
Na sluaighte laoch;
No an bhean thar tuinn do leanadh
Le Mac uaibhreach Néill;
No an bhean thug Naois thar caise leis
Go teagh na Craoibhe is meabhair liom,
Le'r basgadh Buidhean na hEamhna,
'S an t-uasal féin?



Is blasda binn tais d'fhreagair dam
Gan luadhchan bréag,
An ainnir mhíonla mhaiseamhail
Dob' uaisle sgéimh:
"Ní neach de'n bhfuidhin sin chanais me,
Le greadadh grinn is taithnimh dham;
Is me bean Mhic Chuill na bhflaith-churaidh
Do thuairneadh tréin.



Is feas a sgríbhinn seanchais
Gur mhuar mo réim,
I gceannas críoch is cathrach,
Le cruadhas na laoch;
Gur las thar tuinn na Sasanaigh,
Thug cnead im' chroidhe agus athtuirse,
Le sgamall daoirse cheapadar
Gan fuasgladh ar Ghaedhil."



"A shearc mo chroidhe agus m'anma
Gan chruadhas gan chlaon,
Suidh sealad síos im' aice-se
Agus tuabhair dam sgéal;
An sgaipfear choidhche ár n-an-bhroid;
No an leagfar puímp na Sasanach
Le'r lasadh teínte treathanacha
Ar ghruadhnaibh tréan?"



"Tá Sgafa ag tidheacht thar fairrge
Go cuantaibh Chéin,
Is fairsing líonmhar cathanna
Gan truaighe do'n tréan;




L. 13


Beidh teasgadh cinn is creachadh chnuic
Ar feadh na Ríoghachta ar Ghalla-phuic,
Go leagfaid síos a n-airm,
Is sin buaidh le Gaedhil."



Tadhg O Donnchadha.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services