Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Is gearr go mbeidh Dáil Sith na suidhe i mBruach- saile i mBealachaoidh. Beidh fir-labhartha ann ó gach Cúmhachta i roinn ná hEórpa agus Aimeiriocá. Is é Sár na Rúise do smuainigh ar dtús ar an Dáil seo. Ba ró-mhaith an rud é, mar adubhairt sé, dá mbiaidh cuing síothchána idir na Cumhachta i gcás ná'r ghabhadh dóibh armáil chómh mór agus atá acu do chongbháil suas feasda. Is inchreidthe gur b'iongantach an cosdas maithshluagh shaighdiúirí agus loingeas do ghléasadh, fuirinn agus cipe d'éideadh, do bheathughadh, agus do-chóiriughadh i gcómhair cogaidh. Is mór é íoc agus cáin daoine na hEorpa leis an ndream bhfear-cómhraic seo do chur i n-eagair ion-chatha. Is trom an muirear neamh-thairbheach na saighdiúirí agus na mairnéaluigh, agus is mór an sgrios ar dhaoinibh bochta, macánta, leath-lámhach gach náisiúin nach bhfuil na saighdiúirí seo ag tuilleadh a gcoda le h-allus leacan ag déanamh oibre soirbhighe éigin, seachas bheith ag pramhsáil ar leacachaibh sráide agus daoine na tíre ag díol go daor as a gcuid suilt. Díoltar deich a's dá fhichid milliún púnt ins an mbliadhain as armáil agus loingeas Shasana, agus díolaid na hÉireannaigh cuid maith dhe seo, gidh gur beag dá bhárr atá againn-ne. Cuireann sé faobhar ar fhiaclaibh dhuine machtnughadh ar an tseasgáireacht agus ar an compórd do thabharfadh trian an méid seo airgid d'aiteóiribh Éireann agus Shasana, dá mbiaidh sé caithte i gceart. Do thabhar- faidhe as an méid seo dualgus nó féirín bliadhanta- mhuil do gach sean lánamha ar fuaid na dtíortha do chaith a shaoghal ag obair go dúthrachtach, agus nuair do thagann an chríonnacht agus easba luadháil cos agus lámh ortha nach bhfuil aon nídh is fearr againn dóibh ná iad do dheilt ó n-a chéile agus a stealladh isteach chum báis d'fhágháil i dTigh na mBocht. An dóich leat go dtiocfaidh aon toradh as an Dáil Síth seo? Ní thiocfaidh blúire. Ní fhuil na Cúmhachta dá ríribh. Beidh na fir labhartha go binn-bhriatharach le n-a chéile. Déarfaidh gur b'an-mhaith an rud armáil a chéile do laghdughadh acht ní fhuil aon iontaoibh acu as a chéile agus beidh a gcuid cainte chomh neamh-thairbheach le puichín gaoithe. Tá Cumhachta na hEorpa ag faire ar an tSíne nós scata saol-choin ár ghearan bhacach. Tá réise maith di ag an gcuid is mó acu anois. Tá Bealachaoidh agus Íodáile ar tí smiot di bheith acu, nós chách deich mbliadhna fichead ó shoin, shamhluigheadar gur chóir dóibh féin bheith na mór-chúmhacht chómh maith leo. Tá a rian air, is suarach nach bhfuil na daoine bochta brisde le cíos agus cáin. Is mór an truagh é, mar is daoine shochma, macánta iad. Is mairg na cuimhnigh- thear ar an sean-fhocal "ná leath de bhrat acht mar fhéadfair é chunnlacht". Ní ceart breis dhóich, ná muinighin, do chur i nduine ná i Náisiúin do bhorrann suas go h-árd-pheacach seal ghearr. Féach ar an bpúcapadhail - fás aon oidhche bhrothalaighe amháin. Buail speach air i meadhon lae agus ní fhuil ann acht gal agus gaoth agus deannach nó luaithreadh. Cuireadh an ruagadh ar na hIodáiligh leis na hAibisínigh agus measaid siad anois coimheasgar do dhéanamh leis na Sínigh muna bhfaghaid siad roinn dá gcríoch uatha. Tá na Rúisínigh lán-chumhachtach annsúd, agus má's maith leo sain do gheobhaidh na hIodáiligh scéalabhóg de'n tSíne. Is soth liom nach bhfuil na Spáinnigh ag dul ar aghaidh agus 'ga gceartughadh féin mar ba chóir. Tá an donas ag gabháil dóibh le bhliadhantaibh. Ba mhaith an sas cabhruighthe leis na hÉireannaigh iad ins an tsean-aimsir, agus níor cheart dúinn é dhearmhad dóibh. I laethibh Philib an Dó do b'iad an dream ba mhó agus ba threise, agus ba líonmhara dá bhfeacaidh an saoghal ó aimsir na Rómánach. Ní fuil screatal anois acu d'á nImpireacht fhairsing thar lear. Bhris a mbuidh- eannta i ndeiscirt an Oileáin Úir ortha i dtosach na h-aoise seo. Tá an butún ortha ó shoin. Tá an chuid mhór d'á stiúróiríbh agus d'á dtaoiseachaibh go faillitheach ain-eolach. Níor b'aon iongna gur bhuaidh na hAmerio- cánaigh ortha in san gcath ndeidheannach. Ní h-ar na saighiúiríbh bochta ba cheart an milleán do bheith, mar throideadar san go cródha mar ba dhual dóibh. Taréis bruighne San Iagó do chur fuarthas cuid de na shleagánaibh teine ar pháirc an bhualadh agus gan ionnta acht ceirteacha agus brúsgar guail, i n-ionad púdair agus liathróidí cruaidhe! Níor chás dóibh cath do chur le n-a leithéidibh seo d'uir- lisibh cogaidh. Da mbiaidh Riaghaltas cruinn, ceart ins an Spáinn, do crochfaidhe an té ba cionntach leis an mbeart fhealltach agus leis an gníomh gaduigheachta so. Dhíol an ríoghacht as phúdair agus cruaidh acht fuaradar ceirteacha! Tá na saighdiúirí ag éileamh a gcuid tuarasdail nídh nach locht ortha, acht deir Cisdeóir na Spáinne go bhfuil sé creachda agus nách bhfuil dadamh ins an sparán aige. Tá rí na Spáinne 'na gharsún fós. Alfouse ab ainm dó agus deirtheas go bhfuil trioblóid 'na chomhair mar tá Don Cárlos arís ar tí na coróinneach. Measann sé gurab é féin an t-oighre ceart. Chuir sé cogadh fada fuilteach cheana ar an dtoisg chéadna agus fuarthas an buadh air. Má tá a leantóirí neartmhar
beidh anró agus anachra ins an Spáinn. Ba mhór an truagh é sin, mar is fial, féileach na daoine iad. Ba bhorb, uaibhrach an chumhacht í an Spáinn aon uair amháin. Bhí a seólta ar gach sáile. Bhí ór agus airgead go flúirseach aici, acht indiu tá sí críona, caithte na sean- mhnaoi mhanntach ag iarraidh deirce. "An té bhíonn síos buailtear cos air". Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services