Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Is gearr go mbeidh Dáil Sith na suidhe i mBruach-
saile i mBealachaoidh. Beidh fir-labhartha ann ó gach
Cúmhachta i roinn ná hEórpa agus Aimeiriocá.



Is é Sár na Rúise do smuainigh ar dtús ar an Dáil
seo. Ba ró-mhaith an rud é, mar adubhairt sé, dá
mbiaidh cuing síothchána idir na Cumhachta i gcás ná'r
ghabhadh dóibh armáil chómh mór agus atá acu do chongbháil
suas feasda.



Is inchreidthe gur b'iongantach an cosdas maithshluagh
shaighdiúirí agus loingeas do ghléasadh, fuirinn agus cipe
d'éideadh, do bheathughadh, agus do-chóiriughadh i gcómhair
cogaidh. Is mór é íoc agus cáin daoine na hEorpa leis
an ndream bhfear-cómhraic seo do chur i n-eagair
ion-chatha. Is trom an muirear neamh-thairbheach na
saighdiúirí agus na mairnéaluigh, agus is mór an sgrios ar
dhaoinibh bochta, macánta, leath-lámhach gach náisiúin nach
bhfuil na saighdiúirí seo ag tuilleadh a gcoda le h-allus
leacan ag déanamh oibre soirbhighe éigin, seachas bheith
ag pramhsáil ar leacachaibh sráide agus daoine na tíre ag
díol go daor as a gcuid suilt.



Díoltar deich a's dá fhichid milliún púnt ins an
mbliadhain as armáil agus loingeas Shasana, agus díolaid na
hÉireannaigh cuid maith dhe seo, gidh gur beag dá bhárr
atá againn-ne. Cuireann sé faobhar ar fhiaclaibh dhuine
machtnughadh ar an tseasgáireacht agus ar an compórd do
thabharfadh trian an méid seo airgid d'aiteóiribh Éireann
agus Shasana, dá mbiaidh sé caithte i gceart. Do thabhar-
faidhe as an méid seo dualgus nó féirín bliadhanta-
mhuil do gach sean lánamha ar fuaid na dtíortha do
chaith a shaoghal ag obair go dúthrachtach, agus nuair do
thagann an chríonnacht agus easba luadháil cos agus lámh ortha
nach bhfuil aon nídh is fearr againn dóibh ná iad do
dheilt ó n-a chéile agus a stealladh isteach chum báis d'fhágháil
i dTigh na mBocht.



An dóich leat go dtiocfaidh aon toradh as an Dáil
Síth seo? Ní thiocfaidh blúire. Ní fhuil na Cúmhachta dá
ríribh. Beidh na fir labhartha go binn-bhriatharach le n-a
chéile. Déarfaidh gur b'an-mhaith an rud armáil a chéile
do laghdughadh acht ní fhuil aon iontaoibh acu as a chéile
agus beidh a gcuid cainte chomh neamh-thairbheach le puichín
gaoithe.



Tá Cumhachta na hEorpa ag faire ar an tSíne nós
scata saol-choin ár ghearan bhacach.



Tá réise maith di ag an gcuid is mó acu anois. Tá
Bealachaoidh agus Íodáile ar tí smiot di bheith acu, nós chách
deich mbliadhna fichead ó shoin, shamhluigheadar gur chóir
dóibh féin bheith na mór-chúmhacht chómh maith leo.



Tá a rian air, is suarach nach bhfuil na daoine bochta
brisde le cíos agus cáin. Is mór an truagh é, mar is
daoine shochma, macánta iad. Is mairg na cuimhnigh-
thear ar an sean-fhocal "ná leath de bhrat acht mar
fhéadfair é chunnlacht".



Ní ceart breis dhóich, ná muinighin, do chur i nduine
ná i Náisiúin do bhorrann suas go h-árd-pheacach seal
ghearr. Féach ar an bpúcapadhail - fás aon oidhche
bhrothalaighe amháin. Buail speach air i meadhon lae agus ní
fhuil ann acht gal agus gaoth agus deannach nó luaithreadh.
Cuireadh an ruagadh ar na hIodáiligh leis na hAibisínigh
agus measaid siad anois coimheasgar do dhéanamh leis na
Sínigh muna bhfaghaid siad roinn dá gcríoch uatha. Tá
na Rúisínigh lán-chumhachtach annsúd, agus má's maith leo
sain do gheobhaidh na hIodáiligh scéalabhóg de'n tSíne.



Is soth liom nach bhfuil na Spáinnigh ag dul ar aghaidh
agus 'ga gceartughadh féin mar ba chóir. Tá an donas ag
gabháil dóibh le bhliadhantaibh.



Ba mhaith an sas cabhruighthe leis na hÉireannaigh iad
ins an tsean-aimsir, agus níor cheart dúinn é dhearmhad
dóibh. I laethibh Philib an Dó do b'iad an dream ba
mhó agus ba threise, agus ba líonmhara dá bhfeacaidh an saoghal
ó aimsir na Rómánach. Ní fuil screatal anois acu
d'á nImpireacht fhairsing thar lear. Bhris a mbuidh-
eannta i ndeiscirt an Oileáin Úir ortha i dtosach na
h-aoise seo. Tá an butún ortha ó shoin. Tá an chuid
mhór d'á stiúróiríbh agus d'á dtaoiseachaibh go faillitheach
ain-eolach. Níor b'aon iongna gur bhuaidh na hAmerio-
cánaigh ortha in san gcath ndeidheannach. Ní h-ar na
saighiúiríbh bochta ba cheart an milleán do bheith, mar
throideadar san go cródha mar ba dhual dóibh.



Taréis bruighne San Iagó do chur fuarthas cuid de
na shleagánaibh teine ar pháirc an bhualadh agus gan ionnta
acht ceirteacha agus brúsgar guail, i n-ionad púdair agus
liathróidí cruaidhe!



Níor chás dóibh cath do chur le n-a leithéidibh seo d'uir-
lisibh cogaidh. Da mbiaidh Riaghaltas cruinn, ceart
ins an Spáinn, do crochfaidhe an té ba cionntach leis
an mbeart fhealltach agus leis an gníomh gaduigheachta so.
Dhíol an ríoghacht as phúdair agus cruaidh acht fuaradar
ceirteacha!



Tá na saighdiúirí ag éileamh a gcuid tuarasdail
nídh nach locht ortha, acht deir Cisdeóir na Spáinne
go bhfuil sé creachda agus nách bhfuil dadamh ins an
sparán aige.



Tá rí na Spáinne 'na gharsún fós. Alfouse ab
ainm dó agus deirtheas go bhfuil trioblóid 'na chomhair
mar tá Don Cárlos arís ar tí na coróinneach.



Measann sé gurab é féin an t-oighre ceart. Chuir
sé cogadh fada fuilteach cheana ar an dtoisg chéadna
agus fuarthas an buadh air. Má tá a leantóirí neartmhar


L. 51


beidh anró agus anachra ins an Spáinn. Ba mhór an
truagh é sin, mar is fial, féileach na daoine iad. Ba
bhorb, uaibhrach an chumhacht í an Spáinn aon uair
amháin. Bhí a seólta ar gach sáile. Bhí ór agus airgead go
flúirseach aici, acht indiu tá sí críona, caithte na sean-
mhnaoi mhanntach ag iarraidh deirce. "An té bhíonn
síos buailtear cos air".



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services