Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Gaelic League Series. Irish Texts. — I. Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn, Dochtúir Diadhachta (1570-1650 A.D.), iar n-a gcruinniughadh agus iar n-a gcur i gclodh don chéad uair ag Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, C.I. Connradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1900. Price, 1s. net.
Mór antrom inse Banbha, Truagh éagcruth na hathardha, Críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin, Éigcinnte a-nocht a neamh-ghlóir. Fada an tréimhse atá sise I n-anchruth fán aindeise. Gan fóirithin i ndán di, Rói-rithin dál na daoirsi. Clár sein-tsleachta Míleadh móir, Éire oirear an anshóigh, Mairg dan dú oighreacht ar fhonn, I ndiú tré fhoirneart eachtronn. Iomdha buaidhreadh is bruide, Mór ndonas is ndochruide, Tarla i gcrích chreat-chuirr Chonla, Leath-truim, díth is dionn-fhoghla. Alas! how true this description is! It is, perhaps, not too rash to assert, in despite of the excellence of the poem from which the above are quoted, that in his assonantal poetry Keating is at his best. No.III shows a very melodious scheme of assonance: Óm sceol ar árd-mhagh Fáil ní chodlaim oidhche, 'S do bhreodh go bráth me dála a pobuil dílis, Gidh ró-fhada atáid 'na bhfál re broscar bíodhbhadh, Fá dheoidh gur fhás a lán don chogal tríotha. AN T-EURÓPACH. Irisleabhar il-theangadh na hEurópa. Áth Cliath. Lughnas, 1900. Seo í an uimhir dhéidheanach de'n pháipéar so. Ní fheadarmar caidé fá ndeara dhó dul d'éag, acht is dócha go bhfuil sgéal éigin faoi sin, dá gcloisimís é. Molta dhúinn an “Slán agus beannacht,” “Fíonól agus tae,” “Teacht na nGaedhilgeoirí i gceann a chéile,” “Trí truaighe an oideachais” agus “Baileabhair.” Ní h-í an fhírinne ghlan atá ag “Tórna” i dtaobh an duinín tsuaraigh úd “nár cailleadh riamh agus riamh nár ghéill,” dar le “Tórna”. Tá an paiste filidheachta sain bun os cionn ar fad leis an dearbh. Is maith an freagra úd ó'n gclodhadóir, acht ní hinléigthe leis gurab é feabhas cló a sheandacht nó a ársaidheacht. Is í a dheise a fheabhas. Maidir leis na ruidíníbh eile atá 'san “Eorpach”, ní fiú trácht orra iad. Ní'l ionnta acht rámáis nó “baileabhair.” Bheirid Goill “highfalutin” agus Gaedhil “seafóid” nó “forcamhás cainte” ar a leithéid.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services