Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Gaelic League Series. Irish Texts. — I. Dánta, Amhráin
is Caointe Sheathrúin Céitinn, Dochtúir Diadhachta
(1570-1650 A.D.), iar n-a gcruinniughadh agus iar n-a
gcur i gclodh don chéad uair ag Eoin Cathmhaolach
Mac Giolla Eáin, C.I. Connradh na Gaedhilge, Baile
Átha Cliath, 1900. Price, 1s. net.


L. 603



Mór antrom inse Banbha,
Truagh éagcruth na hathardha,
Críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin,
Éigcinnte a-nocht a neamh-ghlóir.



Fada an tréimhse atá sise
I n-anchruth fán aindeise.
Gan fóirithin i ndán di,
Rói-rithin dál na daoirsi.



Clár sein-tsleachta Míleadh móir,
Éire oirear an anshóigh,
Mairg dan dú oighreacht ar fhonn,
I ndiú tré fhoirneart eachtronn.



Iomdha buaidhreadh is bruide,
Mór ndonas is ndochruide,
Tarla i gcrích chreat-chuirr Chonla,
Leath-truim, díth is dionn-fhoghla.



Alas! how true this description is!
It is, perhaps, not too rash to assert, in despite of the
excellence of the poem from which the above are
quoted, that in his assonantal poetry Keating is at
his best. No.III shows a very melodious scheme of
assonance:



Óm sceol ar árd-mhagh Fáil ní chodlaim oidhche,
'S do bhreodh go bráth me dála a pobuil dílis,
Gidh ró-fhada atáid 'na bhfál re broscar bíodhbhadh,
Fá dheoidh gur fhás a lán don chogal tríotha.



AN T-EURÓPACH. Irisleabhar il-theangadh na hEurópa.
Áth Cliath. Lughnas, 1900.



Seo í an uimhir dhéidheanach de'n pháipéar so. Ní
fheadarmar caidé fá ndeara dhó dul d'éag, acht is
dócha go bhfuil sgéal éigin faoi sin, dá gcloisimís é.
Molta dhúinn an “Slán agus beannacht,” “Fíonól agus tae,”
“Teacht na nGaedhilgeoirí i gceann a chéile,” “Trí
truaighe an oideachais” agus “Baileabhair.” Ní h-í an
fhírinne ghlan atá ag “Tórna” i dtaobh an duinín
tsuaraigh úd “nár cailleadh riamh agus riamh nár ghéill,”
dar le “Tórna”. Tá an paiste filidheachta sain bun
os cionn ar fad leis an dearbh. Is maith an freagra
úd ó'n gclodhadóir, acht ní hinléigthe leis gurab é
feabhas cló a sheandacht nó a ársaidheacht. Is í a dheise
a fheabhas. Maidir leis na ruidíníbh eile atá 'san
“Eorpach”, ní fiú trácht orra iad. Ní'l ionnta acht
rámáis nó “baileabhair.” Bheirid Goill “highfalutin”
agus Gaedhil “seafóid” nó “forcamhás cainte” ar a
leithéid.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services