Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Parraisde Chill Leachd' Oidhche
Title
Parraisde Chill Leachd' Oidhche
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Parraisde Chill Leachd' Oidhche Tá parraisde Chill Leachd' Oidhche anaice pharraisde na g-Ceall ar an taobh shoir agus is minic do chualas na seandaoine aig tráchd ar an fáth dar tugadh an t-ainm sin air. Bhí eaglaiseach naomhtha ann, fad ó shoin, a rabh dúil aige teach pobail nuadh do chur suas, acht ní rabh a fhios aige cia'n áit budh chóir dó a dhéanamh mar bhí eagla air go m-béidheadh cuid de bhunaibh an pharraisde aig eugcaoin air da m-béidheadh sé mío-chomhgárach aca. Bhí sé mar seo ar feadh tamaill fhada agus é buadhartha agus mío-shuaimhneach ann a inntinn. Fá dheireadh righne sé brionglóideach oidhche amháin go bhfuidhfeadh sé leac sáithche anns an talamh, ar maidin, anns an áit dar chóir an teach pobail a bheith déanta agus mar is anns an oidhche a tháinic an leac nó'n leachda seo, thug sé Chill Leachd' Oidhche ar thigh an phobail, agus mar budh ghnáthach fad ó shoin ghlac an parraisde a ainm ó'n teach pobail. Tá a bhun le feicsint go fóil fá thuairim ceithre mhíle soir ó na Ceallaibh agus indeas do Dhún Chanfhaele. Tá reilig le na thaoibh agus cumadh air a bheith an-shean. Fá thuairim míle uadh tá tobar naomhtha agus turus. Siubhaltar an turus seo oidhch' fhéil Eoin, an tríomhadh lá ar fhichead de mhí mheadhoin an t-sámhraidh agus go m-baineann an turus seo le turus Naoimh Chonaill i n-Inis Caol shíos i b-parraisde Árd a' Rath. Tá sean reilig eile i g-Cill Leachd' Oidhche agus is í mo bharamhail go bh-fuil sí níos seanda go mór ná'n ceann atá indeas do Dhún Chanfhaele. Is i m-Baile an t-Sagairt i b-Puinte Charaig' an Rois a tá'n reilig seo agus is ann a fuaras an leachda a tá i m-balla theach pobail na g-Ceall. Bhí caisleán láidir daingean aig Cloinn Mhic t-Suibhne aig ceann Chalaibh Phrucluis, i m-Baile an Rathain agus tá cuid de na ballaibh 'na seasamh go fóil, agus is fiú do dhuine air bith a bh-fuil faill aige dul go bh-feicfidh sé é. Tá sé air amharc na n-daoineadh ó'n bhóthair iarainn chómh luath agus théidheann siad thar Dhún Chanfhaele aig tarraingt chum na g-Ceall. Feudaim a rádh nach bh-fuil acht beagán Gaedhilge a chois na fairrge i g-Cill Leachd' Oidhche no anns na Ceallaibh acht asteach na tír agus fá na sléibhtibh tá neart de d'á labhairt go fóil. Is amhlaidh mar bhí dhá chéad bliadhain ó shoin ghlac na Sacsanaighe seilbh air na taltaibh a b'fhearr anns na h-aiteachaibh seo i chois na fairrge agus díbreadh na h-Éireannaighe chum na sliabh agus na h-uaignis agus thug siad a nGaedhilg leo agus tá sí aca go d-tí'n lá indiu agus tá súil agam go m-béidh go d-tigidh lá'n bhratha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services