Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Parraisde Chill Leachd' Oidhche

Title
Parraisde Chill Leachd' Oidhche
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Parraisde Chill Leachd' Oidhche



Tá parraisde Chill Leachd' Oidhche anaice pharraisde
na g-Ceall ar an taobh shoir agus is minic do chualas
na seandaoine aig tráchd ar an fáth dar tugadh an
t-ainm sin air. Bhí eaglaiseach naomhtha ann, fad ó shoin,
a rabh dúil aige teach pobail nuadh do chur suas, acht ní
rabh a fhios aige cia'n áit budh chóir dó a dhéanamh mar
bhí eagla air go m-béidheadh cuid de bhunaibh an pharraisde
aig eugcaoin air da m-béidheadh sé mío-chomhgárach aca.
Bhí sé mar seo ar feadh tamaill fhada agus é buadhartha
agus mío-shuaimhneach ann a inntinn. Fá dheireadh righne
sé brionglóideach oidhche amháin go bhfuidhfeadh sé leac
sáithche anns an talamh, ar maidin, anns an áit dar chóir
an teach pobail a bheith déanta agus mar is anns an
oidhche a tháinic an leac nó'n leachda seo, thug sé Chill
Leachd' Oidhche ar thigh an phobail, agus mar budh ghnáthach
fad ó shoin ghlac an parraisde a ainm ó'n teach pobail.
Tá a bhun le feicsint go fóil fá thuairim ceithre mhíle
soir ó na Ceallaibh agus indeas do Dhún Chanfhaele.



Tá reilig le na thaoibh agus cumadh air a bheith an-shean.
Fá thuairim míle uadh tá tobar naomhtha agus turus.
Siubhaltar an turus seo oidhch' fhéil Eoin, an tríomhadh
lá ar fhichead de mhí mheadhoin an t-sámhraidh agus go
m-baineann an turus seo le turus Naoimh Chonaill i
n-Inis Caol shíos i b-parraisde Árd a' Rath. Tá sean
reilig eile i g-Cill Leachd' Oidhche agus is í mo bharamhail
go bh-fuil sí níos seanda go mór ná'n ceann atá
indeas do Dhún Chanfhaele. Is i m-Baile an t-Sagairt
i b-Puinte Charaig' an Rois a tá'n reilig seo agus is
ann a fuaras an leachda a tá i m-balla theach pobail
na g-Ceall. Bhí caisleán láidir daingean aig Cloinn
Mhic t-Suibhne aig ceann Chalaibh Phrucluis, i m-Baile
an Rathain agus tá cuid de na ballaibh 'na seasamh go
fóil, agus is fiú do dhuine air bith a bh-fuil faill aige
dul go bh-feicfidh sé é. Tá sé air amharc na n-daoineadh
ó'n bhóthair iarainn chómh luath agus théidheann siad thar
Dhún Chanfhaele aig tarraingt chum na g-Ceall.



Feudaim a rádh nach bh-fuil acht beagán Gaedhilge
a chois na fairrge i g-Cill Leachd' Oidhche no anns na
Ceallaibh acht asteach na tír agus fá na sléibhtibh tá
neart de d'á labhairt go fóil. Is amhlaidh mar bhí dhá chéad
bliadhain ó shoin ghlac na Sacsanaighe seilbh air na taltaibh
a b'fhearr anns na h-aiteachaibh seo i chois na fairrge
agus díbreadh na h-Éireannaighe chum na sliabh agus na
h-uaignis agus thug siad a nGaedhilg leo agus tá sí
aca go d-tí'n lá indiu agus tá súil agam go m-béidh
go d-tigidh lá'n bhratha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services