Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg - D'Éag Donnchadh.
Title
An Ghaedhilg - D'Éag Donnchadh.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
D'ÉAG DONNCHADH Och ochón, is brónach mise; Och mo stór, mo chóir, mo chisde; Och fá dhó mo chlódh dá chlipeadh; Mo chara bhí beó fán bhfód anois uaim. D'imthigh uaim mo luas, a chumainn; Is d'imthigh buadh an uama chumadh; D'imthigh suan is ghluais go hobann; Ó d'imthigh uainn an Guaire olnigh. Beidh mo dheóra fós ar sileadh Ar an bhfód ar feódh fá bhfuilir; Nochtfad sgeól do'n bhfeór i gcogar, Fá dheoidh an chomhairle ód' bheól go dtuigim. Bím-se gnáthach lán dhe thuirse, Ó chuala tásg do bháis a chuisle; An síogaidhe dámh 'na dtáin do sgiobadh 'S a mbuidhean gach lá ag trácht chum luige. Creach na dtláth, a gcás ná ceileann, Fear ded' cháil ar bhfagháil na breithe, 'Na luighe sámh fá sgáil sa reilig, Do chleacht do cháirde i Máigh ghil tSeithe. Beannacht Dé 's na naomh go huile Is máthar glé an té céasadh duit-se, Led' Anam féin dot' shaoradh, a ghile; Och ochón 's is brónach mise. TADHG O DONNCHADHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services