Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg - D'Éag Donnchadh.

Title
An Ghaedhilg - D'Éag Donnchadh.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

D'ÉAG DONNCHADH



Och ochón, is brónach mise;
Och mo stór, mo chóir, mo chisde;
Och fá dhó mo chlódh dá chlipeadh;
Mo chara bhí beó fán bhfód anois uaim.



D'imthigh uaim mo luas, a chumainn;
Is d'imthigh buadh an uama chumadh;
D'imthigh suan is ghluais go hobann;
Ó d'imthigh uainn an Guaire olnigh.



Beidh mo dheóra fós ar sileadh
Ar an bhfód ar feódh fá bhfuilir;
Nochtfad sgeól do'n bhfeór i gcogar,
Fá dheoidh an chomhairle ód' bheól go dtuigim.



Bím-se gnáthach lán dhe thuirse,
Ó chuala tásg do bháis a chuisle;
An síogaidhe dámh 'na dtáin do sgiobadh
'S a mbuidhean gach lá ag trácht chum luige.



Creach na dtláth, a gcás ná ceileann,
Fear ded' cháil ar bhfagháil na breithe,
'Na luighe sámh fá sgáil sa reilig,
Do chleacht do cháirde i Máigh ghil tSeithe.



Beannacht Dé 's na naomh go huile
Is máthar glé an té céasadh duit-se,
Led' Anam féin dot' shaoradh, a ghile;
Och ochón 's is brónach mise.



TADHG O DONNCHADHA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services