Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Greann na Gaedhilge. Guidhe an Ghréasaidhe.
Title
Greann na Gaedhilge. Guidhe an Ghréasaidhe.
Author(s)
Ó Muirgheasa, Énrí,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREANN NA GAEDHILGE. GUIDHE AN GHRÉASAIDHE. Aon lá amháin chuaidh trí fir amach i mbád beag ar an bhfairrge. Bhí táilliúr, gobha agus gréasaidhe ann. Nuair bhí siad i bhfad amuigh ar fairrge, d'éirigh an ghaoth go h-obann agus bhí na tonna móra ag teacht isteach 'san bhád. Thainig eagla an-mhór ar na fearaibh, agus ghlaoidh siad amach. “Ní féidir dúinn gan a bheith báidhte, muna dtugaidh Dia lámh chugainn agus is féarr dúinn a ghuidhe.” “Och, cha dtig liom-sa,” ars' an táilliur, “monuar, rinne mé dearmad ar mo urnaidhthibh.” “Tá mise ar an dóigh chéadna,” ars' an gobha. Annsin thug an gréasaidhe air féin guidhe ar a son uilig, agus dubhairt se, “A Dhia láidir, char iarr mé dadaidh ort agus char chuir mé buaidhirt ort le seacht mbliadnaibh
anois, agus dá sábháltá an uair so inn bhéar- fainn mo gheall duit nach gcuirfinn-se buaidhirt ort go ceann seacht mbliadhan eile.” SEAN-SGÉILÍN. Chuaidh Colmcille isteach i dtigh lá amháin. Bhí ocras air agus bhí bunnóg aráin leis a' teinidh agus bhí bean a' tighe ag tabhairt na bunnoíge thart i gcómhnuidhe agus char thionntuigh sí í. Dubairt Colmcille, “Bhearfaidh mise mo mhallacht do bhean ar bith nach dtionntóchaidh an bhunnóg.” (Fuaras an sgéilín so thuas ó Mháire Ní Fhearnáin atá 'na cómhnuidhe i gCorliath i bhfogus do'n áit so.) CAILÍN LUAITHREADH. Cailín óg a bhí innti agus cha raibh sí an-deas, acht bhí neart maoine aici, agus d'á bhrígh sin bhí a lán buachaill d'á h-iarraidh le h-aghaidh pósta. Faoi dheireadh fuair óganach éigin í agus thug sé a bhaile leis chuige n-a mhathair í. “Seo anois í,” adeir sé go bródamhail le n-a mhathair, “agus is a chois na teineadh fuair mé í.” “Och, creidim sin, a mhic, óir tá dath na luaithreadh uirthi,” ars' an mháthair. ÉNRÍ Ó MUIRGHEASA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services