Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaedhilge. Guidhe an Ghréasaidhe.

Title
Greann na Gaedhilge. Guidhe an Ghréasaidhe.
Author(s)
Ó Muirgheasa, Énrí,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GREANN NA GAEDHILGE.



GUIDHE AN GHRÉASAIDHE.



Aon lá amháin chuaidh trí fir amach i mbád
beag ar an bhfairrge. Bhí táilliúr, gobha agus
gréasaidhe ann. Nuair bhí siad i bhfad amuigh
ar fairrge, d'éirigh an ghaoth go h-obann agus
bhí na tonna móra ag teacht isteach 'san bhád.



Thainig eagla an-mhór ar na fearaibh, agus
ghlaoidh siad amach. “Ní féidir dúinn gan a
bheith báidhte, muna dtugaidh Dia lámh chugainn
agus is féarr dúinn a ghuidhe.” “Och, cha dtig
liom-sa,” ars' an táilliur, “monuar, rinne
mé dearmad ar mo urnaidhthibh.”



“Tá mise ar an dóigh chéadna,” ars' an
gobha. Annsin thug an gréasaidhe air féin
guidhe ar a son uilig, agus dubhairt se, “A Dhia
láidir, char iarr mé dadaidh ort agus char chuir
mé buaidhirt ort le seacht mbliadnaibh


L. 565


anois, agus dá sábháltá an uair so inn bhéar-
fainn mo gheall duit nach gcuirfinn-se
buaidhirt ort go ceann seacht mbliadhan
eile.”



SEAN-SGÉILÍN.



Chuaidh Colmcille isteach i dtigh lá amháin.
Bhí ocras air agus bhí bunnóg aráin leis a' teinidh
agus bhí bean a' tighe ag tabhairt na bunnoíge
thart i gcómhnuidhe agus char thionntuigh sí í.



Dubairt Colmcille, “Bhearfaidh mise mo
mhallacht do bhean ar bith nach dtionntóchaidh
an bhunnóg.”



(Fuaras an sgéilín so thuas ó Mháire Ní Fhearnáin
atá 'na cómhnuidhe i gCorliath i bhfogus do'n áit so.)



CAILÍN LUAITHREADH.



Cailín óg a bhí innti agus cha raibh sí an-deas,
acht bhí neart maoine aici, agus d'á bhrígh sin
bhí a lán buachaill d'á h-iarraidh le h-aghaidh
pósta.



Faoi dheireadh fuair óganach éigin í agus thug
sé a bhaile leis chuige n-a mhathair í. “Seo
anois í,” adeir sé go bródamhail le n-a
mhathair, “agus is a chois na teineadh fuair mé í.”
“Och, creidim sin, a mhic, óir tá dath na
luaithreadh uirthi,” ars' an mháthair.



ÉNRÍ Ó MUIRGHEASA.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services